Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
gailearai:-comortais,-comhluadar,-craic,-cniotail,-damhsa-agus-fiach-focal-ag-feile-rua-ar-an-gceathru-rua

GAILEARAÍ: Comórtais, comhluadar, craic, cniotáil, damhsa agus fiach focal ag Féile Rua ar an gCeathrú Rua

Bhí féasta imeachtaí ar siúl ag Féile Rua ar an gCeathrú Rua le deireanaí. Mheall stair, béaloideas, ceardaíocht, cniotáil, ceol, craic, comhrá is steipeanna muintir an bhaile ag na hócáidí ar fad. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Mná as an gCeathrú Rua a chruinníonn le chéile ag cniotáil, ag cróiseáil, ag caint is ag cabaireacht. Ón bhfómhar seo caite bíonn na mná ag roinnt a gcuid ceardaíochta le gasúir na háite i Scoil Mhic Dara. Tá  toradh na hoibre sin, ‘Seolta na Scoile’, agus go leor ceardaíochta eile le feiceáil sa leabharlann  atá sa leabharlann faoi láthair. Na ceardaithe sa phictiúr: Máirín Uí Fhlannacha, Máire Uí Ráighne, Teresa Uí Fhlatharta, Máire Costello, Baba Uí Loingsigh, Cáit Mhic Dhonncha, Máirín Uí Neachtain, Mary Ní Chúláin, Máire Ní Chualáin, Máire Uí Fhlatharta, Bairbre Mhic Dhonncha agus Mairéad Ní Chualáin
Katherine Ó Ceallaigh, príomhoide Scoil Mhic Dara, ag fáiltiú roimh an bpobal ag lainseáil ‘Seolta na Scoile’, taipéis ghalánta chniotáilte i gcruth an tseoil, Déardaoin
Bairbre Mhic Dhonncha a sheol ‘Seolta na Scoile’, duine de Mhná na Cniotála agus na Cróiseála , a bhí ag obair le Rang 5
Ar dheis tá cuid de na daltaí scoile a d’oibrigh ar an taipéis ‘Seolta na Scoile’
Ar chúl: Máirtín Breathnach, Jimmy Connolly. Sa lár: Aedín Ní Lorcáin, Áine Ní Dhomhnaill, Éabha Masson, Éabha Murphy, Lily Ní hOibicín. Chun tosaigh: Tomás Ó Domhnaill, Máirtín Ó Flatharta, Caoimhe Ní Loing, Éanna de Grás, Aila Ní Mhuillaoidh
An slua mór a tháinig go dtí oifigí an Oireachtais i nDoire an Fhéich le haghaidh Taispeántas ‘An Ghluaiseacht’
Máire Ní Chualáin, Coiste Féile Rua, ag cur fáilte roimh gan bpobal agus roimh Uachtarán nua-insealbhaithe Oireachtas na Gaeilge, Éamon Ó Cuív
Uachtarán nua Oireachtas na Gaeilge, Éamon Ó Cuív
Caint an Uachtaráin
Rónán Mac Con Iomaire ag seoladh an taispeántais. Is é Rónán údar an leabhair, An Ghluaiseacht, Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta, atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
Údar grinn agus Rónán ag léamh sleachta as a leabhar faoi fheachtais Chumann Móibhí de Chonradh na Gaeilge, ar son Féile an Oireachtais a bhogadh as Baile Átha Cliath i 1972. De réir tuairisc san Irish Independent bhailigh scór den lucht feachtais timpeall ar an Taoiseach Jack Lynch agus Uachtarán na hÉireann, Éamonn de Valera ag oscailt an Oireachtais. Ba é an t-agóidí thar ceann Chumann Móibhí a thug an bhileog don Uachtarán de Valera ag éileamh go dtabharfaí bata agus bóthar d’Aire na Gaeltachta, George Colley, ná a gharmhac féin, Éamon Ó Cuív!
Cáit de Bhailís ag léamh as scríbhinní Pheadar Neilí Uí Dhomhnaill. Tá plean na scríbhinní sin a fhoilsiú i leabhar amach anseo
Caitlín Ní Ghabháin ag léamh as saothar a seanuncail, Peadar Neilí Ó Domhnaill
Éabha Ní Ghríofa
Coiste Fhéile Rua le hUachtarán nuathofa an Oireachtais. Éamon Ó Cuív: ó chlé: Hilaraí Nic Cába, Donncha Mac Con Iomaire, Máire Áine Uí Ailín, Seosamh Ó Gríofa, Stiofán de Bhailís ó Phobal Rua, Sorcha Ní Chéilleachair, agus Máire Ní Chualáin. (Níl Seosamh Mac Donnacha ná Máirín Nic Fhionghuin ón gcoiste sa bpictiúr)
Dónal Ó Broin á thaispeáint féin i measc bhaill Chomharchumann Chois Fharraige sna 1970idí
Róisín Nic Con Iomaire, Máirín Uí Mhárta agus Máire Ní Chualáin
Tara agus Éadaoin Ní Mháille
Ag léamh scéalta a sheanmhuintire
Tuairiscí sna meáin faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta
Is maith is cuimhin liom an ghluaiseacht!
Iris Aniar á chraoladh ag RnaG ó Tigh Mhéicil, áit ar nochtadh leac i gcuimhne Chath na Ceathrún Rua, mí Eanáir, 1880
Cormac Ó Comhraí ag tabhairt cúlra an Chatha do láithreoir Iris Aniar, Micheál Ó Tuathail
An ceoltóir Casey Ó Duinn faoi agallamh
Kathleen Uí Dhomhnaill, chun tosaigh, bean Tigh Mhéicil agus Bríd Jimmy Uí Chualáin ag déanamh suntais den leac nua-nochtaithe
Pádraic Reaney, ealaíontóir agus dealbhadóir, lena leac nua i gcuimhne Chath na Ceathrún Rua 1880 a nochtadh ar bhalla Thigh Mhéicil
Iris Aniar amuigh faoin spéir, ag cur agallamh ar Sheán Phat Mór ó Loideáin
An leac nochtaithe
An taipéis sa leabharlann le haghaidh ‘Turas na Lúibe’, taispeántas ceardaíochta le mná na cniotála
Baba Uí Loingsigh ag labhairt ag an taispeántas cniotála, cróiseála agus bróidnéireachta
Máirín Uí Neachtain lena saothar
Máire Uí Fhlatharta agus údar mórtais aici as a cuid ceardaíochta
Mairéad Uí Bhroin
Cáit Mhic Dhonncha agus Máire Uí Ráighne
Máire Ní Chualáin lena scairf lámhdéanta
Bairbre Mhic Dhonncha, ceardaí tréitheach
Baba Uí Loingsigh
Mairéad Ní Chualáin
Joe Ó Mullaoidh, le saothar a rinne a mháthair, Nóra Joe Bheairtle a chuaigh ar shlí na fírinne an Nollaig seo caite
An t-ealaíontóir, Danny de Bhailís, a thug lucht na féile ag siúl agus ag breathnú ar a chuid múrphictiúr sa gceantar
An t-ealaíontóir Danny Wallace ag cur tús lena chamchuairt múrphictiúr i Séipéal Mhic Dara, lena phictiúr de Loch na Naomh
Cúpla crann nár leag Éowyn ag Scoil Mhic Dara
Íomhá de Theampall Mhic Adhamh le Danny de Bhailís agus dán le Johnny Chóil Mhaidhc
Casey Ó Duinn agus a bheirt mhac, Tiernan agus Paudie, ag baint taitneamh as siúlóid Danny de Bhailís.
An Cheathrú Rua le Danny de Bhailís
‘Beidh do phíotsa ag teacht chugat ar drón sula i bhfad’
Saothar eile, ‘Trá an Dóílín’
Múphictiúr Danny ag Tigh Nan Dooley
Danny agus lucht na siúlóide
‘An Cailín Álainn’ le focail an amhráin cháiliúil agus portráid den chumadóir Tomás Mac Eoin
Fear an Tí, Máirtín Tom Sheáinín ag Sean-Nós na nÓg, Séipéal Mhic Dara
An sean-nós á thabhairt ar aghaidh ag an óige. Na hamhránaithe a chas i Séipéal Mhic Dara. Ar chúl: Evan Ó Gríofa, Emma Nic Leóid, Bláthnaid Nic Cába, Stiofán Ó Cualáin. Chun tosaigh: Neasa Nic Dhonncha, Damhnait Ní Fhátharta, Áighne Ní Chadhain and Yvonne Ní Loideáin
Stiofán Ó Cualáin ag gabháil fhoinn
Emma NicLeoid, as Oileán Spalpaigh na Hearradh in Albain, ag tabhairt fonn an réigúin sin go Conamara
Damhnait Ní Fhátharta

Ag fiach na bhfocal in Acadamh na hOllscolaíochta agus  ‘Saortha Bád na Ceathrún Rua’ faoi chaibidil
Bádóirí agus fearas na mbád seoil, Donnchadha Mac Con Iomaire agus Stiofán de Bhailís
Ní raibh fuireach calaidh, farraige cháite, gála ná téigle ag cur aon imní ar na saortha bád Pat Mhichael Ó Cualáin agus Michael Staff Mac Donncha, agus iad idir mhuir is tír ag cur síos ar a gceird ag tógáil báid ag ‘Fiach Focal’ san Acadamh!
Cluas le héisteacht
Scéalta ón slua sa seomra
Donnchadha Mac Con Iomaire agus Stiofán de Bhailís agus seol lena ndroim
Saineolaithe Focal, Máire Feirtéir agus Máire Pheait Ní Chualáin réidh le Gaeilge na mbád, na farraige agus na saortha a sheoladh
Saineolas á roinnt
Céad faoin gcéad ag Pat Mhichael agus Michael Staff Mac Donncha ar cheisteanna Mháire Feirtéar faoi théarmaíocht na mbád
Siompóisiam na Féile le Sorcha Ní Chéilleachair, Aghna Ní Bhraonáin, Neans Nic Dhonncha agus Eimear Nic Dhonnchadha
Aghna Ní Bhraonáin
Aghna Ní Bhraonáin ag caint faoi thithíocht agus cead pleanála i gConamara ag Siompóisiam na Féile
Focal ó Dhónal Ó Broin
An Cathaoirleach, Nórita Ní Chartúir ag cur ceisteanna
Neans Nic Dhonncha
Eimear Nic Dhonnchadha ag caint
Sorcha Ní Chéilleachair, príomhfheidhmeannach Tuismitheoirí na Gaeltachta, ag roinnt a cuid taithí féin maidir le móréilimh na heagraíochta Gaeltachta
Fear an Tí ag Ceolchoirm na Féile sa gCrompán, Séamas Ó Scanláin
Éabha Breathnach ag canadh le linn Chraobhchomórtas Stéibh, sa gCrompán
Beartla Breathnach
Diane Ní Fhlatharta
Micheál Ó Domhnaill
Ailbhe Ní Mhurchú
Máire Nic Craith
Na moltóirí, Marcus Mac Conghail, Breandán Ó hEaghra agus Mairéad Ní Oistín
Éabha Breathnach a fuair an dara háit sa chomórtas Stéibh ag fáil duais €500 ó Mháire Áine Ní Ailín, Féíle Rua agus Brian Terry, ceoltóir. Sa phictiúr chomh maith tá an moltóir Mairéad Ní Oistín
Ailbhe Ní Mhurchú a bhain an chéad áit sa chomórtas Stéibh ag fáil duais €1000 ó Mháire Áine Ní Ailín, Féíle Rua, agus Brian Terry, ceoltóir. Sa phictiúr chomh maith tá an moltóír Mairéad Ní Oistín
Breá muiníneach i mbun na steipeanna
Rinceoir ar an sean-nós le linn ócáid Cheiliúradh na nÓg sa Chrompán, Dé Domhnaigh

Neans Nic Dhonncha a tháinig sa dara háit sa chomórtas sean-nóis
Liam Ó Ceallaigh, buaiteoir chomórtas an tsean-nóis
Is buaiteoirí iad ar fad!
Beirt Albanach, Emma NicLeóid agus Máirín Nic Fhionghuin i gcomhluadar Dhomhnaill Uí Bhraonáin sa gCistin. Máirín ina bean an tí agus Emma agus Domhnall ag gabháil fhoinn i nGaeilge na hAlban agus na hÉireann le linn “Chúig Amhrán” Dé Domhnaigh
Máirtín Jamesie Ó Flaithearta ag an damhsa ar an sean-nós agus é ag cuimhneamh ar laoch an damhsa sin, Séamuisín Sonny Joe Devaney, as an Aird Mhór i gCill Chiaráin a fuair bás anuraidh
Clann is gaolta Shéamuisín Sonny Joe Devaney agus gradam cuimhneacháin Shéamuisín bronnta orthu
Ruadhán Ó Flaithearta ag déanamh céipear damhsa sa gCistin agus clabhsúr á chur le Féile Rua le taispeántas ‘Damhsa ar an Sean-Nós’
Saoirse Ní Dhomhnaill
Dá thúisce is fearr! Gearóid Ó Dubháin lena iníon Adhna ag damhsa
Máistrí an damhsa ag faire na steipeanna: athair agus mac Patrick agus Pádraic Ó hOibicín
Dubhánaigh an damhsa – nach é Séamuisín a bheadh bródúil as a gceird!

Níos mó