Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
roinn-na-mean-ag-suil-le-tuarascail-a-fhail-o-choimisiun-na-mean-faoi-neamhspleachas-nuachta-tg4

Roinn na Meán ag súil le tuarascáil a fháil ó Choimisiún na Meán faoi neamhspleáchas nuachta TG4

| Tuairisc.ie | ,

Cé go raibh talamh slán déanta de roimhe seo gur ghlac an rialtas leis an bplean faoi neamhspleáchas nuachta TG4, deir Roinn na Meán go n-aontaíonn an rialtas ‘i bprionsabal’ leis an moladh

Roinn na Meán ag súil le tuarascáil a fháil ó Choimisiún na Meán faoi neamhspleáchas nuachta TG4

Tá Roinn na Meán ag súil le tuarascáil a fháil ó Choimisiún na Meán “sna míonna amach romhainn” faoin dul chun cinn atá déanta ag TG4 agus RTÉ maidir le neamhspleáchas a bheith ag seirbhís nuachta TG4.

Ach cuirfidh an ráiteas a chuir Roinn na Meán ar fáil do Tuairisc leis an amhras atá ann le tamall faoin bplean go mbeadh smacht eagarthóireachta ag TG4 ar a seirbhís nuachta féin.

Cé go raibh talamh slán déanta de roimhe seo gur ghlac an rialtas leis an bplean faoi neamhspleáchas nuachta TG4, deir Roinn na Meán go n-aontaíonn an rialtas “i bprionsabal” leis an moladh.

“I dtuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, áiríodh moladh go mbeadh smacht eagarthóireachta neamhspleách ag TG4 ar a seirbhísí nuachta,” a dúradh i ráiteas na Roinne.

“D’aontaigh an Rialtas i bprionsabal leis an mholadh seo, agus é á lua acu, mar sin féin, go raibh gá le tuilleadh plé agus comhairliúcháin maidir le himpleachtaí airgeadais agus praiticiúla an mholta.”

Ghlac an Rialtas deireanach le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

I bplean gnímh faoi chúrsaí craoltóireachta a foilsíodh ina dhiaidh sin, fógraíodh go ndéanfadh Coimisiún na Meán, monatóireacht ar an bplé idir an dá stáisiún faoin soláthar nuachta Gaeilge.

Dúradh i bplean an Rialtais go n-aithnítear go bhfuil buntáistí áirithe ag baint leis an socrú atá idir an dá stáisiún ó thaobh cúrsaí nuachta faoi láthair, ach gurb é atá ag teastáil ón Rialtas ná go n-aistreofaí chuig TG4 ‘ceannas iomlán eagarthóireachta’.

Faoi láthair, is é RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil do TG4 agus déantar sin mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4.

Amhras caite ag ceannasaí RTÉ ar phlean do sheirbhís nuachta neamhspleách do TG4

Chaith Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst amhras an samhradh seo caite ar an bplean seirbhís nuachta neamhspleách a bhunú do TG4.

Dúirt Kevin Bakhurst nach raibh sruth síoraí iriseoirí oilte Gaeilge ar fáil agus go mbeadh sé an-deacair dhá sheomra nuachta Gaeilge, ceann ag RTÉ agus ceann ag TG4, a líonadh.

Chuir ceannasaí TG4, Alan Esslemont, soiniciúlacht i leith RTÉ an uair sin agus chuir sé an milleán orthu as an easpa dul chun cinn a bhí á dhéanamh i dtaca leis an bplean neamhspleáchais.

Is é mian Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont ná go mbeadh smacht ag an stáisiún “ar a acmhainní féin, nuacht san áireamh” agus go mbeadh lucht na nuachta fostaithe ag TG4 seachas ag RTÉ amach anseo.

Tá Deirdre Ní Choistín, ceannaire nuachta agus cúrsaí reatha TG4, atá ag plé leis an bplean go mbeadh seirbhís neamhspleách ag TG4, ag teacht i gcomharbacht go luath ar Alan Esslemont agus í ceaptha mar an chéad cheannasaí eile ar an stáisiún.

Deir Roinn na Meán go bhfuil Coimisiún na Meán i mbun teagmhála leis an dá chraoltóir faoin gceist i gcónaí agus go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Roinne sna míonna amach romhainn.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar Choimisiún na Meán faoin scéal seo chomh maith.

Níos mó