Tá leabhair, páipéir, dánta, agus ailt Ghaeilge i measc na n-ábhar a úsáideadh gan cead na n-údar leis an tsamhail mhór teanga atá forbartha ag Meta a chruthú.
Tháinig sé chun solais níos luaithe i mbliana gur úsáid Meta – an comhlacht atá taobh thiar de Facebook, Whatsapp, agus Instagram – bunachar ollmhór leabhar agus eile a ndearnadh bradaíl orthu leis na samhailtí ‘intleachta saorga’ atá ag an gcomhlacht a fhorbairt.
Rinne an t-irisleabhar Meiriceánach The Atlantic iniúchadh mór ar an úsáid a bhain Meta as Library Genesis nó ‘LibGen’ leis na samhailtí móra teanga a thraenáil agus mar chuid den iniúchadh sin foilsíodh liosta na saothar a ndearnadh bradaíl orthu.
Tá saothar de chuid leithéidí Joe Steve Uí Neachtain, Anna Heussaff, Micheál Ó Conghaile, Alan Titley, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, agus na scórtha scríbhneoirí Gaeilge eile nach iad, le fáil ar an liosta sin.
Dúirt Anna Heussaff le Tuairisc go “gcuireann sé isteach [uirthi] agus go ngoilleann sé [uirthi]” gur úsáideadh a húrscéal Buille Marfach agus saothair eile dá cuid “gan cead” leis an inneall intleachta saorga a chruthú.
“Ar ndóigh, cuireann sé isteach orm agus goilleann sé orm agus ar ndóigh, ba cheart go mbeadh cóipcheart i bhfeidhm. Tá a fhios agam go bhfuil eagrais scríbhneoirí an domhain mhóir buartha faoin mbradaíl seo atáthar a dhéanamh ar ár saothar,” a dúirt sí.
Dúirt an t-úrscéalaí Gaeilge nach raibh a fhios aici “céard is féidir a dhéanamh” faoin scéala ach gur “gadaíocht saothair” atá ar bun ag LibGen agus Meta.
“Níl a fhios agam as mo sheasamh céard is féidir liom a dhéanamh faoi. Is gadaíocht saothair atá ar siúl, de réir mar a thuigim, ar mhaithe le brabach a dhéanamh dóibh féin as na hinnill atáthar a fhorbairt. Táthar dár spreagadh na hinnill chéanna a úsáid. Seachnaím féin iad ach tá fhios agam go mbeidh siad in úsáid go forleathan amach anseo.
“Níl cosaint ar bith sa rialtas nua atá sna Stáit Aontaithe anois ach an oiread. A mhalairt atá ann is dóigh, agus is chuige sin atá leithéidí Zuckerberg ag tacú leis an rialtas nua, lena leas féin a chur chun tosaigh. Caithfear brú a chur ar an Aontas Eorpach rialacha a dhéanamh faoi na comhlachtaí móra teicneolaíochta. Tá a lán ceisteanna móra ag gabháil leis seo agus ní ríméad atá orm faoi,” a dúirt Heussaff le Tuairisc.
Dúirt Proinsias Mac a’Bhaird, údar agus cathaoirleach ar an eagraíocht Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, le Tuairisc gur chóir go n-iarrfaí cead ar na scríbhneoirí iad féin sula n-úsáidfí a saothar leis an intleacht shaorga a thraenáil agus gur “bradaíl” a bhí ar bun ag LibGen agus Meta.
“Is rud deacair é ar bhealach, mar ba mhaith leat go mbeadh na seirbhísí atá ar fáil i mBéarla ar fáil i nGaeilge, ach go ndéanfaí é sin ar dhóigh chóir agus ceart.
“Is áis chontúirteach agus is áis iontach é an AI, agus is maith an rud é go mbeidh scoth na Gaeilge sa bhunachar sin. Is maith go mbeadh cibé seirbhís atá ar fáil i nGaeilge ar fáil i mBéarla ach ba cheart cead a bheith faighte acu ó na scríbhneoirí,” a dúirt sé.
Dúirt Mac a’Bhaird, a bhfuil duaiseanna buaite aige dá chuid úrscéalta, gur cheart scríbhneoirí a chosaint ar bhradaíl den chineál seo tríd an reachtaíocht idirnáisiúnta ach go bhfuil sé “doiligh” cos a choinneáil leis an teicneolaíocht.
“Ba cheart cosaint reachtúil a bheith ann, ach tá an intleacht shaorga trí nó ceithre céim chun tosaigh ar an dlí. An mbeidh feidhm leis na dlíthe nuair a rithfear iad? Tá muid mall agus tá sé doiligh coinneáil suas leis,” a dúirt sé.
Dúirt sé go dtagann cúrsaí cóipchirt isteach sa scéal agus go bhfuil súil aige go mbeidh na scríbhneoirí in ann “cúiteamh a a fháil” amach anseo.
“Is maith go bhfuil na meaisíní seo ábalta seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil. Ba mhaith liom dá n-iarrfaí cead orainn an rud a úsáid, achan seans go mbeinn sásta an cead sin a thabhairt, ach tig sé ar ais ag cóipcheart. Is ceist é a bhaineann le lucht reachtaíochta, b’fhéidir go bhfuil reachtaíocht níos láidre de dhíth orainn.
“Dá rachadh na scríbhneoirí i dteagmháil le Meta an mbeadh cúiteamh ann dóibh? Tá sé doiligh a bheith ag plé le comhlachtaí móra idirnáisiúnta. Caithfidh sé dul tríd an Dáil, caithfidh an dlí a bhaineann le cóipcheart a bheith curtha i bhfeidhm. Níl dóigh ar bith go bhféadfainnse mo cheart a chuartú ó Facebook mar scríbhneoir aonair, tá treoir de dhíth orainn,” a dúirt sé.
Llama 3 an t-ainm atá ar an tsamhail mhór teanga atá ag Meta, agus tá súil ag an ollchomhlacht go mbeidh an t-inneall in ann dul san iomaíocht le leithéidí ChatGPT. De réir an iniúchta a rinne The Atlantic, labhair feidhmeannaigh Meta le foilsitheoirí leabhar agus eagraíochtaí eile faoi ábhar a fháil faoi chead leis an tsamhail a thraenáil, ach ní mó ná sásta a bhí siad faoin bhfreagra a fuair siad.
Dúirt duine amháin de na feidhmeannaigh go raibh “cuma róchostasach” ar mhargadh amháin a pléadh le comhlacht foilsitheoireachta agus dúirt duine eile acu go dtógfadh sé “i bhfad an iomarca ama” an cead a fháil agus an t-ábhar a phróiseáil.
Léiríodh i gcáipéisí cúirte a scaoileadh an tseachtain seo caite go raibh bainisteoirí sinsearacha de chuid an togra den tuairim go raibh sé “ríthábhachtach” go bhfaighfí leabhair “a luaithe agus is féidir” agus gur tábhachtaí na leabhair “ná aon sonraí eile”.
Tá 7.5 milliún leabhar agus 81 milliún páipéar taighde i mbunachar LibGen – bunachar a cuireadh le chéile go bradach –leabhair agus páipéir Ghaeilge ina measc.
Deir The Atlantic nach féidir a bheith cinnte cé na leabhair ná cé na páipéir as na milliúin sin a d’úsáid Meta le Llama 3 a thraenáil ach go bhféadfadh aon cheann acu a bheith ann. Tógadh an liosta ar a bhfuil na scríbhneoirí Gaeilge a luadh san alt seo ón mbunachar i mí Eanáir 2025. D’íoslódáil feidhmeannaigh Meta an bunachar i mí Eanáir 2024, fágann sé sin go bhféadfadh sé nach raibh cuid acu ar an mbunachar nuair a traenáladh an tsamhail mhór teanga.