Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘ta-sam-ag-dul-ag-togail-ar-ais-go-leor-dar-ghoid-tiortha-eile-uathu’-a-deir-trump-i-gcruinniu-leis-an-taoiseach

‘Tá SAM ag dul ag tógáil ar ais go leor dár ghoid tíortha eile uathu’ a deir Trump i gcruinniú leis an Taoiseach

Dúirt Donald Trump ag a chruinniú leis an Taoiseach sa Teach Bán tráthnóna go raibh Éire ag teacht i dtír ar Mheiriceá agus dhearbhaigh sé nach mbeadh aon stad ar a chogadh trádála in aghaidh na hEorpa.

Mhaígh Trump go raibh “grá mór” ag muintir na hÉireann dó ach dúirt sé chomh maith “tá ár gcomhlachtaí pharma ag Éirinn”.

Dúirt sé dá mbeadh sé féin ina uachtarán nuair a d’imigh na comhlachtaí cógaisíochta go hÉirinn an chéad lá go mbeadh taraifí 200% curtha aige orthu.

“Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá ag dul ag tógáil ar ais go leor dár ghoid tíortha eile uathu agus le bheith macánta faoi, de bharr ceannaireacht neamhábalta s’againne, an-neamhábalta go deo.

“Thug mé sampla na hÉireann duit. Ní ligfinnse dó sin tarlú go brách. Tá sé dochreidte gur tharla sé sin.”

Mar is dual don Uachtarán Trump agus é ag caint leis na meáin inniu, scaoilte go maith a bhí a chuid cainte, ach ba chosúil gur éirigh leis an Taoiseach le beagán den phlámás gan aon chantal a chur ar an Uachtarán. San am céanna, go deas réidh chosain an Taoiseach caidreamh eacnamaíochta na tíre seo leis na Stáit Aontaithe.

Sheachain an Taoiseach cuid mhaith aon chosaint a dhéanamh ar na taraifí díoltais atá an tAontas Eorpach a bheartú ar na Stáit Aontaithe, ach ní raibh aon cheilt ag Trump ar a naimhdeas leis an AE.

“Nílimid sásta leis an Aontas Eorpach. Teastaíonn uaim é sin a rá leat. Agus buafaimid é sin. Buafaimid an cath áirithe airgeadais sin,” arsa Trump.

Dúirt Trump go raibh an-ghrá ag muintir na hÉireann dó agus dúirt sé go magúil gurbh é an t-aon slí go gcaillfeadh sé a gcuid tacaíochta ná mura bhfágfadh sé aon chomhlacht Meiriceánach acu.

“Nílimid ag iarraidh aon dochar a dhéanamh d’Éirinn, ach tá cothrom na Féinne ag teastáil uainn,” a dúirt uachtarán Mheiriceá.

Dúirt Micheál Martin go raibh i bhfad níos mó infheistíochta á déanamh ag Meiriceá ná mar a bhíodh agus luaigh sé Ryanair agus Aercap a bheith ag ceannach eitleán ó Boeing.

Dúirt an Taoiseach: “Téann sé seo [trádáil] an dá bhealach freisin. Táimid ag infheistiú i bhfad níos mó ná Meiriceá faoi láthair agus b’fhéidir nach bhfuil a fhios ag daoine go gceannaíonn Ryanair, ceann de na haerlínte is mó atá againn, agus AerCap le chéile, níos mó eitleán de chuid Boeing ná aon dream eile.

“Tá sin fíor cé gur beag duine atá ar an eolas faoi. Ní fheictear é sin sna staitisticí éagsúla ach eatarthu, tá obair mhór déanta ag Ryanair agus AerCap, comhlachtaí móra aerárthach, agus tá go leor comhlachtaí Éireannacha eile ann.”

Dúirt sé go raibh thart ar 700 comhlacht Éireannach lonnaithe i Meiriceá faoi láthair, agus iad ag cruthú na mílte post i Meiriceá.

“Tá sin cóir agus is é an ceart é, sin mar ba chóir dó a bheith agus sílim gur caidreamh an-mhaith atá eadrainn,” arsa Martin.

“Caidreamh stairiúil é a d’fhás in imeacht aimsire. Rinneamar tairbhe do chomhlachtaí Meiriceánacha. Chuireamar lena luach. Tá teacht acu ar mhargadh mór agus rinne siad é sin ar fad.

“Tuigim go maith a bhfuil á rá agat, ach sílim gur caidreamh é ar féidir linn é a fheabhsú agus go mairfidh sé sa todhchaí agus go n-athróidh sé. Déanfaidh sé amhlaidh, tá sibhse ag forbairt agus tá rudaí á ndéanamh agat anois.”

Dúirt Trump go magúil go mbeadh sé breá sásta gnó chomhlachtaí eitleán na hÉireann a mhalartú ar an ngnó atá ag comhlachtaí Mheiriceá in Éirinn.

Thagair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá chomh maith don bharrachas trádála “mór millteach” a bhí ag Éirinn leis na Stáit Aontaithe Mheiriceá.

“Tá easnamh mór againne le hÉirinn agus le tíortha eile agus teastaíonn uainn é sin a réiteach ar bhealach chomh deas agus is féidir linn agus beimid ag obair le chéile. Ach is easnamh an-mhór go deo atá ann.”

Chuir sé i leith an Aontais Eorpaigh agus na hÉireann go raibh siad ag teacht i dtír ar Mheiriceá.

“Is í an fhadhb ná nach raibh aon fhreagra ag ár dtír,” arsa Trump.

“Féach, bunaíodh an tAE chun buntáiste a bhaint as Stáit Aontaithe Mheiriceá – Éire san áireamh. An bhfuil Éire [ag teacht i dtír ar Stáit Aontaithe]? Tá cinnte, tá a fhios agat. Tá an-mheas agam ar Éirinn agus an méid a rinne siad, agus rinne siad díreach an rud ceart, ach níor cheart go ligfeadh na Stáit Aontaithe dó tarlú. Bhí ceannairí againn a bhí dúr.”

“Bhí ceannairí againn nach raibh tuairim acu, ní lucht gnó a bhí iontu ach ní raibh tuairim acu cad a bhí ag tarlú. Agus ansin go tobann tá ár gcomhlachtaí cógaisíochta ag an oileán álainn 5 mhilliún duine, tá greim acu ar thionscal cógaisíochta uile na Stát Aontaithe.”

Pléadh chomh ag an bpreasócáid sa Teach Bán an cogadh san Úcráin agus ceist an Mheánoirthir. Dúirt Micheál Martin go raibh scrios déanta ag an gcogadh san Úcráin agus gur rud “an-dearfach” a bhí sna hiarrachtaí a bhí ar bun ag Stáit Aontaithe Mheiriceá an tsíocháin a bhaint amach.

Maidir leis an gcoimhlint in Gaza, dúirt Martin go gcaithfí gialla Iosrael a shaoradh, cabhair dhaonnúil a chur ar fáil do mhuintir Gaza agus síocháin bhuan a bhaint amach.

Agus ceist ó na meáin á freagairt aige, dúirt Martin gurb í an fhadhb is mó a bhí le réiteach in Éirinn ná an ghéarchéim tithíochta. Nuair a dúirt Trump gur léiriú an easpa tithíochta in Éirinn ar cé chomh maith is a bhí an tír ag déanamh, dúirt Martin agus a theanga ina leathphluc aige gur “freagra maith” a bhí ansin. Cháin Sinn Féin an Taoiseach tráthnóna as beag is fiú a dhéanamh den ghéarchéim eacnamaíochta.

Bhuail an Taoiseach leis an uachtarán roinnt uaireanta a chloig i ndiaidh don Aontas Eorpach a fhógairt go raibh taraifí le gearradh ar tháirgí as Stáit Aontaithe Mheiriceá mar dhíoltas ar na taraifí domhanda atá tugtha isteach ag  Donald Trump  ar chruach agus alúmanam.

Agus an teannas idir an Eoraip agus Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi chúrsaí trádála agus slándála ag éirí níos measa, bhí dúshlán eile le sárú ag Martin ag an gcruinniú le Trump, a bhfuil an cháil air go mbíonn sé guagach róghoilliúnach an lá is fearr a bhíonn sé.

Deineadh go leor cainte roimh ré faoi conas  ab fhearr do Martin a chomhrá le Trump a láimhseáil, go háirithe i bhfianaise an chruinnithe theasaí a bhí ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky sa Teach Bán níos túisce an mhí seo.

Níos luaithe inniu bhí bricfeasta ag an Taoiseach le leasuachtarán na Stát Aontaithe, JD Vance.

Dúirt Martin go raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá mar chara dílis ag Éirinn agus gurb é Meiriceá is túisce a d’aithin neamhspleáchas na hÉireann.

Thagair an Taoiseach do na hÉireannaigh go léir a chuaigh ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe san am a caitheadh agus dúirt sé go raibh a rian á fhágáil ag Gael-Mheiriceánaigh an lae inniu ar chúrsaí polaitíochta, cultúrtha agus gnó na tíre sin.

“Cara le hÉirinn is ea Stáit Aontaithe Mheiriceá a sheas go daingean linn leis na céadta bliain,” arsa an Taoiseach.

Dúirt JD Vance, a thaispeáin dá raibh i láthair gur stocaí le seamróga orthu a bhí á gcaitheamh aige don ócáid, go raibh an caidreamh idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Éirinn “ar cheann de na comhghuaillíochtaí is fearr” idir aon náisiúin.

Níos mó