Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
taobh-thiar-de-‘uiseog’-le-stiofan-o-luachrain-o-huartan

Taobh thiar de ‘Uiseog’ le Stíofán Ó Luachráin ó Huartan

| conor torboid | ,

D’eisigh Huartan, an grúpa tradtronica as Béal Feirste, a singil nua ‘Uiseog’ ag tús na míosa. Agus an léiritheoir Stíofán Ó Luachráin ag obair leis sa stiúideo, spreagadh é suantraí a chur leis na buillí leictreonacha lena raibh sé ag cliúsaíocht.

Is suantraí é ‘Uiseag Bheag Ruaidh’ atá le cluinstin i dteangacha Gaelacha eile fosta. ‘Uiseag bheag dhearg’ agus ‘Ushag veg ruy’ a ghlaoitear air i nGaeilge na hAlban agus sa Mhanainnis faoi seach.

Bhuail Stíofán le NÓS i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich leis an traic nua a phlé agus pleananna buana do 2025 a leagan síos.

Conor Torbóid: Cén fath ar roghnaigh sibh an tsuantraí seo, ‘Uiseag Bheag Ruaidh’ ar an traic is nua libh?

Stíofán Ó Luachráin: Sílim gur sin an chéad tiúin a d’fhoghlaim mé riamh i mo shaol. Ceann de na chéad amhráin a chuala mé riamh. Theagasc fear darb ainm Patrick Davey é dom, d’fhoghlaim seisean an t-amhrán sin ó fhear eile, Eamonn Mór Ó Faogáin, agus is cuimhin liom, istigh anseo sa Chúlturlann, go mbíodh sé á sheinm. 

Uair den tsaol bhí seisiúin againn le Comhaltas Ceoltóirí Loch Lao, a raibh Patrick Davey i gceannas air, agus b’in ceann de na tiúineanna a rinne muid le chéile agus bhí Eamonn Mór ann go minic agus dhéanfadh sé an t-amhrán a rá. Sin an áit ar fhoghlaim mise é. Mar thaisme, cineál, a chinn muid an t-amhrán sin a úsáid. Bhí réimniú cordaí agam agus bhí mé ag smaoiniú, “cén guth a rachadh leis?” agus d’oibrigh an tsuantraí sin.

CT: Maidir le cur le léiriú an amhráin, cad é mar a bhí an próiseas sin…uirlisí a shocrú, meascadh an amhráin?

SÓL: Tharla sé ina chéimeann. Bhí mise ag obair ar an ríomhaire don chuid is mó ag an tús. Bhí cineál ‘sceitse’ déanta agam agus chuir mé an fonn sin leis. Tháinig Catríona agus Mia isteach agus chuir siad na guthanna sios agus uaidh sin, chruthaigh muid an gléasadh thart orthu. 

Thosaigh muid ag gigeáil leis go luath. Rinne muid den chéad uair é ag an ghig san Empire i mBéal Feirste. Ag an am sin, bhí buillí againn, bhí na fuaimeanna leictreonacha againn, agus sheinn muid na huirlisí agus canadh an t-amhrán beo. I ndiaidh na gige sin, bheartaigh muid é a thaifeadadh le Sean Óg. An chéad uair eile, chuir muid leis le Darragh ag Stiúideo Feirste agus tháinig Clare Sands agus Laura McFadden isteach. Laura ar an dordveidhil, Clare ar an vióla. Bhí muid ag iarraidh sreanganna a chur leis agus nuair rinne muid sin, bhí beocht iomlán nua aige. 

Tháinig a lán athruithe air i rith an phróisis agus nuair a éistim siar leis an chéad leagan de, tá sé go hiomlán difriúil. Cronaim é ar bhealach ach ag an am chéanna tá mé go han-sásta leis na rudaí a thug Clare, Laura, agus Dermy Moran a bhí ar an bhodhrán, leo. Bhí sé iontach deas a bheith ag obair le daoine mar sin. Rinne Ruaidhri Cushnan an meascadh ar an traic ar fad agus is galánta an toradh.

CT: Cad iad bhur bpleananna do 2025? An mbeidh singil eile le teacht nó an bhfuil sibh ag obair ar thogra fada?

SÓL: An plean atá againn – más féidir linn cloí leis ar ndóigh – ná go mbeidh albam eisithe againn faoi mhí Mheán Fómhair nó mí Dheireadh Fómhair agus go dtig linn dul ar chamchuairt in Éirinn agus i dtíortha eile leis. Cúpla singil roimhe sin. Beidh muid ag All Together Now idir 31 Iúil agus 3 Lúnasa, agus beidh muid ag an Fhéile Lorient (Festival Interceltique de Lorient) idir 1-10 Lúnasa fosta.


Tá ‘Uiseog’ le fáil ar Spotify, YouTube, Apple Music agus ardáin eile. Is féidir Huartan a leanstan ar Instagram @huartan_.

The post Taobh thiar de ‘Uiseog’ le Stíofán Ó Luachráin ó Huartan appeared first on NÓS.

Níos mó