Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
triur-ball-den-ord-oraisteach-ciontaithe-as-calaois-a-dheanamh-ar-bhord-na-hultaise

Triúr ball den Ord Oráisteach ciontaithe as calaois a dhéanamh ar Bhord na hUltaise

| Tuairisc.ie | ,

D’admhaigh triúr as an gCorr Chríochach go ndearna siad calaois trí uiríoll bréige agus d’admhaigh fear eile as an mbaile céanna gur chabhraigh sé agus gur neartaigh sé leis an gcalaois

Triúr ball den Ord Oráisteach ciontaithe as calaois a dhéanamh ar Bhord na hUltaise

Ciontaíodh triúr ball den Ord Oráisteach as calaois a dhéanamh ar Bhord na hUltaise agus gearradh seirbhís pobail orthu triúr i gCúirt Dúiche Dhún Geanainn an tseachtain seo.

D’admhaigh Glen Henry, Lee Rodger Henry as an gCorr Chríochach go ndearna siad calaois trí uiríoll bréige agus d’admhaigh Nicholas Samuel Barnes as an mbaile céanna gur chabhraigh sé agus gur neartaigh sé leis an gcalaois.

Bhí róil shinsearacha ag an triúr acu i Lóiste Oráisteach Dhroim na Croise agus chuir siad isteach ar mhaoiniú £4,110 (€4,890) ó Bhord na hUltaise le haghaidh féile bheag agus le haghaidh ranganna ceoil sa bhliain 2021. Mar gheall ar na srianta a bhí i bhfeidhm an uair sin le scaipeadh an víris chorónaigh a chosc, níor tharla an fhéile ná na ranganna ceoil.

Íocadh cuid den deontas leis an lóiste sula raibh na hócáidí in ainm is a bheith ann agus bhí an dara cuid le híoc ina ndiaidh. Nuair nár tharla an fhéile ná na ranganna, cruthaíodh sonraisc bhréige le tabhairt don Bhord le go mbeadh an lóiste in ann an t-airgead a choinneáil.

Tháinig an chalaois chun solais nuair a bhí gnáth-iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais, agus chuir Bord na hUltaise fios ar an PSNI. Fuarthas le linn fhiosrúchán na bpóilíní sonraisc agus ráitis bhainc inar tugadh le fios gur íocadh agus gur briseadh seiceanna.

Fuarthas freisin go raibh cuntas Comhar Creidmheasa ag Lóiste Oráisteach Dhroim na Croise agus gur íocadh na seiceanna ó chuntas bainc an lóiste isteach sa chuntas Comhar Creidmheasa.

Mhaígh lucht an ionchúisimh sa chúirt dúiche go bhfuair an lóiste na deontais ó Bhord na hUltaise, gur scríobhadh sonraisc bhréige, agus gur íocadh seiceanna ó chuntas amháin de chuid na heagraíochta le cuntas eile.

D’admhaigh Glen Henry gurbh é féin a chuir isteach na hiarratais ar mhaoiniú agus a scríobh na sonraisc bhréige. D’admhaigh Nicholas Samuel Barnes, a bhí ina chisteoir, gur scríobh sé féin na seiceanna. Dúirt Lee Henry, a bhí ina chathaoirleach, gur chuir sé a ainm leis na hiarratais ar dheontais ach go raibh sé féin dall ar an gcalaois.

Níos mó