Caithfear 80% de na hárasáin chónaithe i bhforbairt nua ar an Spidéal a chur ar leataobh do chainteoirí líofa Gaeilge.
Bainfidh an coinníoll teanga leis an bhforbairt atá ceadaithe ar an láthair a mbíodh an t-óstán Ceol na Mara ar an taobh thoir de bhaile an Spidéil.
Agus cead pleanála á bhronnadh ag Comhairle Contae na Gaillimhe ar an gcomhlacht Solus Holdings, ar leis an bhfear gnó Pat Joyce é, don fhorbairt dúradh go raibh an coinníoll teanga ann leana chinntiú go dtabharfaí cosaint d’oidhreacht chultúir na Gaeltachta.
Maidir leis an gcaighdeán Gaeilge a theastódh ó dhaoine a bheadh ag iarraidh ceann de na hárasáin a cheannach agus an bealach go dtástálfaí an caighdeán sin, dúradh go socrófaí e sin leis an údarás pleanála.
D’fhógair Comhairle Contae na Gaillimhe inniu go raibh cead tugtha foirgneamh trí stór a thógáil ina mbeidh deich gcinn d’árasáin chónaithe ar chúl ann. Beidh ocht n-árasán eile chun tosaigh, a ligfear amach le daoine go gearrthéarmach. Beidh oifig fáiltithe do na hárasáin a ligfear amach le cuairteoirí agus aonaid tráchtála ar an mbunurlár chomh maith.
D’fhógair an Bord Pleanála an mhí seo chomh maith go raibh cead tugtha d’fhorbairt 60 teach cónaithe i mbaile Mhaigh Cuilinn a mbeidh 20% acu á gcur ar leataobh do chainteoirí líofa Gaeilge.