Tá bunú naíolanna nua ar fud na tíre, cruthú ‘spásanna sábháilte’ don Ghaeilge agus taighde faoi earnáil na leabhar Gaeilge i measc na spriocanna atá ag Foras na Gaeilge don tréimhse cúig bliana romhainn.
Tá na spriocanna thuas i measc cinn atá luaite i bplean straitéiseach nua atá foilsithe ag an eagraíocht trasteorann. Baineann na cuspóirí atá luaite i bplean an Fhorais le cúrsaí oideachais, an phleanáil teanga, taighde, cúrsaí corparáideach agus tuilleadh agus iad ag díriú ar an tréimhse 2025-2030.
Tá cuid mhaith sa bplean faoin luathoideachas, faoin réamhscolaíocht, naíolanna agus cúram lae. Deirtear gur “seirbhís riachtanach” í an cúram leanaí trí Ghaeilge do dhaoine atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge agus go bhfuil “géarghá” le tuilleadh áiseanna gairmiúla a dhéanfadh cúram de pháistí in aois na réamhscoile.
“Teastaíonn athrú ó bhonn anseo mar tá an t-oideachas luathóige ag brath go hiomlán ar an earnáil phríobháideach faoi láthair agus níl cúram á dhéanamh de riachtanais páistí a bhfuil Gaeilge acu mar theanga theaghlaigh nó ar mian lena dtuismitheoirí cur lena gcumas sa teanga,” a deirtear sa bplean.
Luaitear go bhfuil Plean Cuimsitheach Gaeilge don Luathóige beartaithe ag an Roinn Leanaí ó dheas ach deir an Foras nach leor na hacmhainní atá á cur ar fáil do Gaeloideachas, ceann de na ceanneagraíochtaí atá á mhaoiniú ag an bhForas.
Deirtear go bhfuil gá le tuilleadh infheistíochta chun bonn níos láidre a chur faoin tumoideachas luathóige agus tá Foras na Gaeilge ag iarraidh naíolann a bhunú i ngach Líonra agus Baile Seirbhíse Gaeltachta faoi dheireadh thréimhse na straitéise nua in 2030.
Déantar cáineadh sa bplean freisin ar chóras na ndíolúintí ón nGaeilge ó dheas agus deirtear go bhfuil “díobháil as cuimse” déanta ag an gcóras do stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar.
“Lena bhfuil de bhorradh tagtha faoi líon na ndaltaí a mbronntar díolúintí ón nGaeilge orthu, tá an baol ann go mbrúfaidh an cur chuige seo an Ghaeilge roghnach chun cinn agus go mbainfear an bonn de cheann de na tacaíochtaí stáit is tábhachtaí dá bhfuil ann.”
Deir an Foras go leanfaidh sé de bheith ag obair leis an Roinn Oideachais chun teacht ar bhealaí “chun fáil réidh leis an gcóras neamhiontaofa seo”.
Tá Foras na Gaeilge freisin ag iarraidh dearcadh níos dearfaí i leith na Gaeilge a chothú i measc daltaí agus daoine fásta sa bpobal Protastúnach/Aontachtach/Dílseach, i measc inimirceach agus i measc pobal eile.
Ar an mbonn sin, deir an Foras go dtacófar le cruthú “spásanna sábháilte Gaeilge” ar fud na tíre. Is éard a bheadh i gceist, a deirtear ná “áiteanna inar féidir le foghlaimeoirí agus cainteoirí níos líofa an Ghaeilge a úsáid gan scáth, gan eagla agus fios a bheith acu go dtacófar lena n-iarrachtaí an teanga a labhairt”.
Tá sé mar aidhm ag Foras na Gaeilge go mbeidh pleananna forbartha le haghaidh lárionaid Ghaeilge i ngach Baile Seirbhíse Gaeltachta agus gach Líonra faoi dheireadh shaolré an phlean nua in 2030. Tá plean chun ionad léirmhíniúcháin Gaeilge a fhorbairt i mBéal Feirste luaite chomh maith.
“Bheadh a leithéid lonnaithe i lár na cathrach in áit neodrach ó thaobh na polaitíochta de, le súil is go mbeadh sé inrochtana do chách,” a deirtear.
Tá an Foras ag iarraidh tuilleadh deiseanna a thabhairt do bhailte aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) nó Líonraí Gaeilge a bhaint amach chomh maith.
Tá 16 BSG aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga agus plean teanga i bhfeidhm in ocht gcinn acu. Tá cúig cinn eile de Líonraí Gaeilge ar fud na hÉireann.
Tá an Foras ag iarraidh go gcuirfí bonn buan faoin Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge chun go mbeadh deis ag níos mó bailte cur isteach uirthi agus deirtear go bhfuil gá le tuilleadh infheistíochta i Líonraí Gaeilge agus bailte seirbhíse Gaeilge.
Tá cúrsaí foilsitheoireachta i measc na réimsí eile atá luaite sa bplean agus deirtear go ndéanfar coimisiúnú “ar thaighde cuimsitheach faoi earnáil na leabhar Gaeilge” chun forbairt straitéiseach na hearnála “a threorú”. Deirtear go ndéanfar cás amach anseo chomh maith gur gá maoiniú Chlár na Leabhar Gaeilge a thabhairt faoin gcóras croímhaoinithe chomh maith, seachas a bheith ag brath ar mhaoiniú imfhálaithe ón rialtas ó dheas mar a bhíonn faoi láthair.
Deirtear freisin go mbeidh Foras na Gaeilge ag iarraidh feidhm a thabhairt do na moltaí atá sa tuarascáil a d’fhoilsigh Coiste Gaeilge an Oireachtais faoi chúrsaí foilsitheoireachta agus scríbhneoireachta in 2024.
Tá mórthuarascáil taighde nua ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge geallta ag an bhForas chomh maith.
Deir Foras na Gaeilge go dtabharfar “eolas níos mine faoi acmhainní, spriocanna agus spriocdhátaí feidhmithe ar leith” sa gcéad Phlean Corparáideach eile (2026-2028) atá á fhorbairt faoi láthair acu agus sna Pleananna Gnó bliantúla a aontaítear leis na ranna airgeadais ó thuaidh agus ó dheas.
Deir an Foras gur soláthar cuí acmhainní a fháil an dúshlán is mó atá ag an eagraíocht agus go bhfuil géarghá le plean fadtéarmach maoinithe a aontú leis na rialtais ó thuaidh agus ó dheas.