Tá fáilte áirithe curtha roimh an scéal go bhfuil an rialtas ó dheas chun breis is €600,000 a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge chun teacht i gcabhair ar an eagraíocht a bhfuil deacrachtaí airgid ag cur as dóibh. Ach deirtear go bhfuil réiteach níos fadtéarmaí maidir le maoiniú na teanga ag teastáil go fóill.
D’fhógair Aire na Gaeltachta Dara Calleary inné go raibh a roinn chun íocaíocht bhreise aonuaire €630,000 a dhéanamh le Foras na Gaeilge chun íoc as costais stairiúla phinsin.
Dúirt an tAire go gcuirfeadh an t-airgead ar chumas Fhoras na Gaeilge na ciorruithe a d’fhógair sé níos luaithe i mbliana a chur ar ceal.
Chuir Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge fáilte roimh an scéal go raibh an t-airgead breise ceadaithe don bhForas ach dúirt siad nach leor dul siar ar na ciorruithe a fógraíodh.
Dúirt Conradh na Gaeilge go mbeadh an t-airgead breise ina “fhaoiseamh tábhachtach ach gearrthréimhseach” do ghrúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge ar fud na tíre. Dúradh go raibh an baol ann, áfach, go mbeadh an fhadhb chéanna ann faoi íocaíochtaí pinsin an bhliain seo chugainn gan múnla maoinithe nua.
Dúirt Uachtarán an Chonartha, Ciarán Mac Giolla Bhéin, go gcaithfí an bac atá an DUP ag cur struchtúr nua maoinithe a shárú.
Faoi mhúnla atá aontaithe ag na ranna airgeadais sa dá dhlínse, ní bheadh gá cloí leis an gcóimheas maoinithe a fhágann go dtagann 75% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ón rialtas ó dheas agus go dtagann an 25% eile ón rialtas ó thuaidh, ach tá bac curtha ag an DUP ar an múnla nua sin a chur i bhfeidhm.
“Is cúis mhór imní agus díomá dúinn nach bhfuil aon chaint i bhfógra na Roinne nó i gcomhráitis na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas inniu ar struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge a réiteach, rud atá mar chroí-éileamh na ngrúpaí uilig ar an talamh,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.
“Níl bac an DUP roimh an socrú nua sin inmharthana ar bhealach ar bith. Muna ndéanfar an leasú cuí ar an struchtúr sin, beidh muid ar ais sa tsáinn seo arís i mí Eanáir 2026, agus gach mí Eanáir as seo amach.
“Dar ndóigh, ní leor an maoiniú atá ag na grúpaí pobail cheana féin toisc an leibhéal íseal maoinithe atá ag Foras na Gaeilge le breis is 20 bliain anuas ón dá Rialtas.
“Aithníonn muid anois go bhfuil bóthar fada romhainn fós agus muid ag lorg cothrom na Féinne maidir le maoiniú na Gaeilge, agus gur ceist í sin atá práinneach agus gur gá a réiteach láithreach.”
Agus fáilte á chur aige roimh an airgead a d’fhógair an tAire Calleary, d’aontaigh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, gur theastaigh socrú nua maidir le maoiniú na Gaeilge.
“Caithfear a aithint go bhfuil gá le cur chuige nua don Fhoras má táimid dáiríre faoi cur chun cinn na Gaeilge fud fad na tíre. Teastaíonn i bhfad Éireann níos mó maoiniú chun tacú leis na scéimeanna forbartha líonraí Gaeilge ag leibhéal an phobail, agus leis na ceanneagraíochtaí, tar éis 20 bliain dí-infheistíochta.”