Tá an tógáil tosaithe ag an ngníomhaí Gaeltachta agus ceoltóir Breanndán Ó Beaglaoich ar an teach a bhí sé ag iarraidh a thógáil le naoi mbliana déag. Tá an obair tosaithe ar an suíomh atá ag Ó Beaglaoich ar thalamh a mhuintire i mBaile na bPoc i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Deir an ceoltóir aitheanta go bhfuil sé “go hiontach” go bhfuil sé in ann an teach a thógáil “go dleathach” ann.
“Naoi mbliana déag a thóg sé teacht go dtí an pointe seo, agus nuair a bhí an cruinniú réamhphleanála agam dúradh liom go bhféadfainn dhá thig a thógaint ann. Tá an córas go hainnis ar fad, agus nílimse chun stopadh go mbeidh sé ceartaithe,” a dúirt sé le Tuairisc.
Dúirt Ó Beaglaoich, a chaith blianta fada ag iarraidh cead pleanála a fháil dá theach, go leanfaidh sé air ag troid ar son na ndaoine óga atá agus a bheidh ag iarraidh teach a thógáil i gceantar Gaeltachta.
Mhaígh sé go bhfuil muintir na Gaeltachta “cráite” ag na rialacha pleanála atá leagtha amach ag Comhairle Contae Chiarraí agus go bhfuil an Ghaeilge i mbaol mór mar theanga phobail mar gheall ar na rialacha céanna.
Bhí sé ar dhuine de na daoine a chuaigh anonn go dtí an Bhruiséil an mhí seo caite le cás a dhéanamh san Aontas Eorpach faoi chás na tithíochta sa Ghaeltacht. Dúirt sé gur léir dó tar éis a chuairte “go dteastaíonn ón Aontas Eorpach an Ghaelainn a chosaint” sa Ghaeltacht agus “nach ón Aontas Eorpach atá na rialacha pleanála ag teacht ach ónár gcomhairleoirí féin”.
“An chumhacht a bhí ag an bpápa, tá an chumhacht chéanna ag Comhairle Contae Chiarraí – an do-earráideacht. Tá an chumhacht acu pé ní is maith leo a dhéanamh.
“Níl an Eoraip ag rá linn nach bhfuil cead againn tógáil, tá dlíthe maithe tagtha ón Eoraip, is ón gcomhairle contae atá na rialacha pleanála ag teacht. Tá na rialacha atá siad ag cur i bhfeidhm anseo ag dul i gcoinne aidhmeanna na hEorpa do theangacha beaga,” a dúirt sé.
Mhaígh sé gurb é an meon ag daoine áirithe a bhíonn ag plé le ceisteanna pleanála i gCiarraí nár cheart aon tógáil a dhéanamh in Iarthar Dhuibhneach.
“Tá a n-iompar ag dul i gcoinne bheartaíocht an Aontais Eorpaigh don nGaeltacht. Ní ar an Eoraip atá an locht, ach an chumhacht atá ag an gcomhairle contae pé ar bith rud is maith leo a dhéanamh,” a dúirt sé.
Dúradh leis féin go gcaithfidh sé ballaí an tí 50m² a thógáil agus díon a chur air faoin bhfómhar seo ag teacht sula n-imeoidh an cead pleanála a fuair sé sa bhliain 2020 in éag. Dúirt sé ag an am gur chosain an próiseas iarratais pleanála €20,000 nó €25,000 air “nach gcífidh [sé] go deo arís”.
Cath é an cath ar son tithíochta sa Ghaeltacht a chaithfear a bhuachan, dar leis.
“Ní féidir linn an cath seo a chailliúint. Beidh tú ag féachaint i gceann tamaillín de bhlianta agus gan aon Ghaelainn á labhairt sna Gaeltachtaí, teanga agus ceantair a sheas an fód in aghaidh Chromail, Shasana, cúpla gorta, agus tonnta imirce agus ceantair, i dtrátha seo an fharasbairr airgid atá ag fáil bháis de bharr rialacha pleanála,” a dúirt sé.