Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
tuairisc-on-tsin:-taraifi-trump-ina-gceap-magaidh-thall

Tuairisc ón tSín: taraifí Trump ina gceap magaidh thall

Is in Chengdu atá Seaghan Mac an tSínigh, Comhfhreagraí na Síne s’againn, i láthair na huaire. Seo tuairisc uaidh ar dhearcadh na Síneach i leith tharaifí an Trumpaigh.

Níorbh iad na brúchtanna ná na céithireachtaí traidisiúnta a sciob m’aird ó chaifé matcha na maidine an lá cheana in Chengdu na Síne. An callán ó tháibléad Huawei an déagóra taobh liom faoi ndear é sin. Ag éisteacht le scaothaireacht Donald Trump gona shraith taraifí Sín-dírithe a bhí sí agus fotheidil i Sínis mar áis tuisceana di.

Beidh taraifí 145% le híoc ar iompórtálacha na Síne go dtí na Stáit Aontaithe ó dheireadh na míosa amach. Ní hí an chluas bhodhar atáthar a thabhairt don fhear buí sa tír seo in aon chor, ach is léir gur mar jóc a thuigeann cuid de na Sínigh an chraic seo ar fad.

Tá méimeanna IS-ghinte faoi “ationsclú” na Stát Aontaithe sa chiorclaíocht ar fud mheáin na Síne i láthair na huaire, mar shampla. Ceann díobh, léirítear na sluaite Meiriceánach ar chrios monaraíochta agus fuadar faoina méaranta beathaithe a d’iarraidh earraí amhail bróga Nike agus gutháin iPhone a chur i dtoll a chéile.

Is mar cheap magaidh a chuimhneoidh staraithe eacnamaíochta na todhchaí ar chogadh trádála rialtas Donald Trump, a dúirt uachtarán na Síne Xi Jinping.

Mar fhreagairt ar tharaifí rialtas Trump, cuirfidh an tSín taraifí 125% ar earraí Meiriceánacha, ach tá cogarscéal sna meáin anso gur ar earraí de thionscnamh na stáit a vótáil ar son Donald Trump a chuirfear na taraifí sin i bhfeidhm.

Ar laethanta saoire atáim féin sa tSín – mé ag tairbhiú den tarscaoileadh víosa a chuir rialtas na Síne ar fáil do shaoránaigh na hÉireann agus do líon beag tíortha eile i gcomhair na bliana so.

Ár bhfear sa tSín – Seaghan Mac an tSínigh

Níl aon tSínis agam ná ní bhíonn Béarla ag na daoine anso de ghnáth, agus mar sin, ó thaobh ghnáthmhuintir na Síne féin de, ní raibh deiseanna cainte agam arbh fhiú trácht orthu. Ach tá roinnt mhaith cloiste agam ó chol ceathrar liom atá ag maireachtaint anso. Ealaíontóir is ea é agus bhog sé a ghnólacht bheag ar líne ó Shasana mar gheall go raibh suim aige i gcultúr na Síne.

Priontáil 3T an gnó atá aige siúd. An earra is mó a tháirgeann sé ná caidhpeanna eochairchláir pearsanaithe lámhdhéanta agus go dtí seo is Meiriceánaigh a cheannaíodh 90% des na hearraí sin. $50 an ceann atá orthu go dtí seo, ach leis na taraifí nua a chuirfear i bhfeidhm feasta, is $150 an ceann a bheidh orthu. Trí oiread an phraghais le hais mar a bhíodh ann.

Ní dóigh le mo chol ceathrar go gceannófar na hearraí ar an bpraghas sin agus tá a shlí bheatha i mbaol anois. Ó fógraíodh an drochnuacht tá a theanga amuigh aige a d’iarraidh oiread dá chuid sainearraí agus is féidir a chur sa phost sara dtiocfaidh na taraifí nua i bhfeidhm i gceann cúpla seachtain. Chífidh sé leis ina dhiaidh sin.

Beidh fuar ag an té a bheadh ag súil le míniú stuama ó rialtas Donald Trump ar na taraifí sin, ach is fiú a lua go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag an Aontas Eorpach chomh maith dul i ngleic leis an bhfeiniméan ar a dtugtar “allmhairí earraí ar luach íseal trí mhargaí ar líne” srl. agus leis an dochar a dhéanann a leithéid don chomhshaol agus do chearta oibrithe araon. Dreamanna mar Temu agus Shein na Síne atá i gceist sa mhéid sin is dócha ach nach é an trua ceardaithe beaga niche a chur ó dhoras agus gan scagadh cuí a dhéanamh eatarthu.

The post Tuairisc ón tSín: taraifí Trump ina gceap magaidh thall appeared first on NÓS.

Níos mó