Tá súil ag an aistritheoir Gabriel Rosenstock go bhfoilseofar i mbliana leagan dátheangach, Araibis-Gaeilge, atá déanta aige den Chórán.
Chuir an file agus an t-aistritheoir aitheanta bailchríoch ar an aistriúchán de leabhar beannaithe na Moslamach roinnt blianta ó shin ach bhí sé ag fanacht ar fhoilsitheoir a fháil ó shin.
Dheimhnigh eagarthóir an leabhair, Garry Bannister, do Tuairisc go bhfuil an obair d’fhoilsiú an leabhair “faoi lánseol” a bhuí le “urraíocht fhial” a fuarthas chuige agus go bhfuil súil leis an gcéad eagrán iomlán Gaeilge den Chórán faoi dheireadh na bliana seo.
Bunaithe ar aistriúcháin go Béarla den Chórán atá an leagan nua Gaeilge seo. Dúirt Rosenstock go ndeachaigh sé i muinín na hacmhainne Quaranic Arabic Corpus lena threorú agus é ag cur Gaeilge ar an téacs.
“Ligeann sé duit seacht leagan Béarla den Chórán a chur i gcomparáid le chéile má tá amhras ort faoin mbrí a bhaineann le habairt ar bith ann,” a dúirt sé.
Is é an Córán buntéacs diaga an Ioslam. Tá 114 caibidil ann agus iad sin roinnte ina véarsaí. Creideann Moslamaigh gur ó bhéal a thug Allah, nó Dia, an Córán don fháidh Mahamad tríd an aingeal Gaibriéil.
Ní hé seo an chéad uair a ndearnadh iarracht an Córán a aistriú go Gaeilge.
Sna 1980idí chuir baill den phobal Ioslamach i nGaillimh Gaeilge ar sleachta ón leabhar ach níor aistríodh an téacs ina iomlán. Ba i nGaillimh a tugadh faoi iarracht eile leabhar naofa na Moslamach a chur i nGaeilge in 2017 agus “iarrachtaí leanúnacha” ar bun an uair sin ag an Iomám Ibrahim Ó Nuanáin aistritheoir a aimsiú don chúram.
Bhí an tIomám Ó Nuanáin ag iarraidh go n-aistreofaí an téacs ón mbunleagan Araibise ach dúirt sé go raibh deacrachtaí ann duine a aimsiú a raibh ardchaighdeán Araibise agus ardchaighdeán Gaeilge aige.
“Theastódh scoláire Gaeilge ardcháilithe a bhfuil Araibis ar a thoil aige freisin. Is í an fhadhb atá ann ná go bhfuil sé fíordheacair teacht ar a leithéid de dhuine,” a dúirt ó Nuanáin le Tuairisc in 2017.
D’fhógair Foras na Gaeilge agus Lárionad Cultúrtha Ioslamach Éireann in 2003 go mbeadh siad ag obair as lámha a chéile chun an Córán a aistriú ón Araibis go Gaeilge agus go gcuirfí coiste ar bun chuige sin.
Ach cuireadh deireadh leis an togra sin go gairid ina dhiaidh sin nuair a tháinig sé chun solais nach raibh aistritheoir ar bith ann a d’fhéadfadh an obair a dhéanamh. Theastaigh ón Lárionad Cultúrtha gur ón mbunleagan Araibise a dhéanfaí an t-aistriúchán freisin.