
Léirmheas: ‘Conamara agus Tíortha Eile Rogha Dánta 2015-2025’ le Diarmuid Johnson
Seachtain ón Aoine bheag seo, seolfar cnuasach ilteangach leis an scríbhneoir Diarmuid Johnson Conamara agus Tíortha Eile Rogha Dánta 2015-2025 mar chuid d’ócáid ag Ambasáid na hÉireann sa Bheilg ina ndéanfar Éigse na Bruiséile 2025 a sheoladh. Is féile í sin a dhéanann ceiliúradh ar phobal na Gaeilge i gcomhthéacs ilchultúrtha na Bruiséile agus an mhórcheantair Benelux ina timpeall.
Nach oiriúnach mar sin gurb é an foilsiúchán is déanaí ó Dhiarmuid a chuirfidh tús le himeachtaí na héigse i mbliana – cuirim i gcás go bhfuil dánta úrnua ann ó sé cinn ar fad de theangacha (Gaeilge, Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Breatnais agus Briotáinis) agus chomh maith leis sin tá aistriúcháin uaidh ar dhánta ón tSlóivéinis, ón Laitvis, agus ón Latghalais ann.
Tá scríte agam cheana féin san iris seo faoi shaothar próis Gaeilge le Diarmuid Johnson inar leag an scríbhneoir amach a aistear teanga. Le Conamara agus Tíortha Eile Rogha Dánta 2015-2025, tá fianaise fhiliúil nithiúil ar éagsúlacht bhuanna teangan an fhir ar fáil dúinn anois. Is í an Ghaeilge croítheanga an chnuasaigh, arsa an t-údar féin, agus gach aon teanga eile atá le fáil sa chnuasach, is tagairt iad, ba dhóigh leat, do dheoraíochtaí de chineálacha difriúla de chuid an údair.
Tírdhreach teipthe atá ar taispeáint sa dán Breatnaise ‘Yr Isgyfandir’. Agus forbraítear a thuilleadh an ceangal idir teanga agus timpeallacht sa dán ‘Plannu Perllan yn Llydaw’. “An Bhriotáin” is ciall le “Llydaw”, agus sa dán Briotáinise ‘Skeulioù an Hunvre’, tagann ceist na dtithe folmha chun cinn.
Ceann de na dánta is fearr dár léas le fada is ea an chéad dán sa chnuasach ‘Na Beanna Beola’, sliabhraon úd Chonamara. Aistriúchán Béarla ar an dán sin is ea an dara ceann sa chnuasach. Is é ‘Na Twelve Pins’ teideal an aistriúcháin Gaeilge sin agus is é, chomh maith, is ainm do bheár Éireannach in aice le Finsbury Park i Londain, áit inar dócha gur mó de mhuintir Chonamara a chloisfeá anois ná mar a chloisfeá sna Beanna Beola féin atá “briatharmhúchta” “bard-tostach” anois de réir fhriotal Dhiarmuid Johnson.
Ní híoróin gan iarraidh, b’fhéidir, gur álainn an dán é ‘Na Beanna Beola’ le rá amach os ard. Ach seans nach áilleacht ar mhaithe le háilleacht amháin atá sa chéad-dán seo. Tá cúiseanna polaitiúla le tost an tírdhreacha Gaeltachta atá faoi thrácht, dá áilleacht é, agus is féidir gné pholaitiúil a aithint san úsáid a bhain Diarmuid as an bhfocal “bánaithe”, focal a thugann chun cuimhne ainm na gluaiseachta “Bánú” a throideann i gcoinne bhánú na Gaeltachta.
Bíonn freagraí á lorg go minic sa Bhruiséil, áit a dtarlódh DJ bheith ar deoraíocht anois. Thuairiscigh Kerry’s Eye an 17 Aibreán an ceoltóir agus an gníomhaí Breandán Ó Beaglaoich a bheith ag bualadh le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa chun stocaireacht a dhéanamh i gcomhair cead pleanála is saoráidí do mhuintir na Gaeltachta sa bhaile.
Idir an dá linn, tá pobal sa Bhruiséil agus tá léiriú ag Diarmuid Johnson ar chuid dá líon sin. Tá dán aige ina gcaointear imeacht an cheoltóra Eoin Ó Beaglaoich ón gcathair a d’fhill abhaile go Corca Dhuibhne agus tá dán i ndilchuimhne ar an Fheargal Ó Béarra a d’imigh ar shlí na fírinne go hóg tragóideach uaidh. Tá rabhcáin grinn sa chnuasach chomh maith. In ‘Amhrán na Peile’, cuireann an t-údar in iúl go magúil an col atá aige le cúrsaí sacair a phlé lena chéilí aistriúcháin am tae, agus in ‘Amhrán an MFF’ tugtar léargais ar strus na ceirde le linn tréimhsí cruógacha sna hinstitiúidí.
Is don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil a thagraítear leis an ngiorrúchán MFF i dteidil an dáin sin, agus dála an scéil, beidh cuid d’aistritheoirí na Bruiséile ana-ghnóthach leis sin an mhí seo chughainn. Seans gurb é Éigse na Bruiséile an deis dheireanach a bheidh ag cuid díobh briseadh amach go ceann tamaill eile. Brostaíg síos go Rue Froissart na Bruiséile ar 18.00 ar an 16 Bealtaine agus bíodh an chraic agaibh ina dteannta sara mbeidh sé ródhéanach!
The post Léirmheas: ‘Conamara agus Tíortha Eile Rogha Dánta 2015-2025’ le Diarmuid Johnson appeared first on NÓS.