Níl an tAire Cumarsáide buartha faoi aon “dúbláil neamhriachtanach” a bheith ar bun idir seirbhísí Gaeilge RTÉ agus TG4.
Agus freagra á thabhairt aige ar cheist Dála, dúirt an tAire Patrick O’Donovan go raibh an “éagsúlacht ó thaobh guthanna i nGaeilge” agus i mBéarla ríthábhachtach don chraoltóireacht.
Bhí na dualgais atá ar an dá chraoltóir seirbhíse poiblí leagtha amach sa reachtaíocht, a dúirt sé.
Chuir an Teachta Dála neamhspleách Carol Nolan ceist ar an aire faoi “dhúbláil” sa chraoltóireacht Ghaeilge tráth a bhfuil caint ar bun faoi sheirbhís nuachta Gaeilge TG4 a scaradh ó RTÉ.
An Coimisiún um Thodhchaí na Meán a mhol go mbeadh neamhspleáchas eagarthóireachta ag Nuacht TG4 agus ghlac an rialtas deireanach chucu an moladh sin mar pholasaí.
Bhí sé i gceist ag lucht bainistíochta TG4 go mbeadh seirbhís nuachta neamhspleách ag an stáisiún roimh dheireadh na bliana seo, ach ní dócha go mbainfear amach an sprioc sin.
Luaigh an tAire Patrick O’Donovan ina fhreagra ar an gceist Dála roinnt de na moltaí a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán i leith na Gaeilge, ina measc an t-athbhreithniú cuimsitheach ar an soláthar Gaeilge sna meáin atá á dhéanamh ag Coimisiún na Meán.
Ach níor luaigh an tAire an moladh saoirse eagarthóireachta ó thaobh na nuachta a thabhairt do TG4.
Tuairiscíodh i mí an Mhárta go raibh Roinn na Meán ag súil le tuarascáil a fháil ó Choimisiún na Meán “sna míonna amach romhainn” faoin dul chun cinn atá déanta ag TG4 agus RTÉ maidir le neamhspleáchas a bheith ag seirbhís nuachta TG4.
Chuir ráiteas a thug Roinn na Meán do Tuairisc i mí an Mhárta leis an amhras atá ann le tamall faoin bplean go mbeadh smacht eagarthóireachta ag TG4 ar a seirbhís nuachta féin.
Cé go raibh talamh slán déanta de roimhe sin go raibh glactha ag an rialtas leis an bplean faoi neamhspleáchas nuachta TG4, dúirt Roinn na Meán go n-aontaíonn an rialtas “i bprionsabal” leis an moladh.
“I dtuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, áiríodh moladh go mbeadh smacht eagarthóireachta neamhspleách ag TG4 ar a seirbhísí nuachta,” a dúradh i ráiteas na Roinne.
“D’aontaigh an Rialtas i bprionsabal leis an mholadh seo, agus é á lua acu, mar sin féin, go raibh gá le tuilleadh plé agus comhairliúcháin maidir le himpleachtaí airgeadais agus praiticiúla an mholta.”
Faoi láthair, is é RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil do TG4 agus déantar sin mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4.
Chaith Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst amhras an samhradh seo caite ar an bplean seirbhís nuachta neamhspleách a bhunú do TG4.
Dúirt Kevin Bakhurst nach raibh sruth síoraí iriseoirí oilte Gaeilge ar fáil agus go mbeadh sé an-deacair dhá sheomra nuachta Gaeilge, ceann ag RTÉ agus ceann ag TG4, a líonadh.
Chuir iarcheannasaí TG4, Alan Esslemont, soiniciúlacht i leith RTÉ an uair sin agus chuir sé an milleán orthu as an easpa dul chun cinn a bhí á dhéanamh i dtaca leis an bplean neamhspleáchais.