Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
tus-a-chur-leis-an-gcomhthionol-runda-chun-an-chead-phapa-eile-a-thoghadh

Tús á chur leis an gcomhthionól rúnda chun an chéad phápa eile a thoghadh

| Tuairisc.ie | ,

Cuirfear tús inniu leis an gcomhthionól rúnda chun an chéad phápa eile a thoghadh nuair a thiocfaidh cairdinéil ó na ceithre hairde i gceann a chéile sa Róimh chun a vótaí rúnda a chaitheamh sa Séipéal Sistíneach.

Dhá thrian den 133 vóta a theastaíonn ó dhuine go dtoghfaí ina phápa é agus mura mbíonn aon bhuaiteoir ann sa chéad vóta beidh an dara babhta vótála ann láithreach.

Is é an Pápa Proinsias féin a rinne cairdinéil de 108 de na fir a bheidh ag vótáil dá chomharba ag an conclave sa Vatacáin. Fágann sin gur ceapacháin de chuid an Phápa Proinsias ceathrar as gach cúigear a bhfuil cinneadh faoina chomharba ar a nguaillí.

Tá roinnt mhaith tráchtairí den tuairim dá bharr go bhféadfadh gur cairdinéal measartha a thoghfaí a leanfadh leis na tosaíochtaí don eaglais a bhí gar do chroí an Íosánaigh, Proinsias.

Bíonn rúndiamhair ag baint le cur is cúiteamh na gcairdinéal agus dhíbreofaí ar an bpointe ón eaglais aon duine a sháródh na srianta diana rúndachta.

Ceithre bhabhta vótála a bhíonn ann in aghaidh an lae, dhá ceann ar maidin agus dhá cheann tráthnóna agus leanann an vótáil ar aghaidh go dtí go mbíonn duine de na hiarrthóirí an sprioc amach.

Ag deireadh gach seisiúin dóitear na páipéir bhallóide i sorn speisialta.

Beidh Aifreann speisialta ag na cairdinéil an chéad rud maidin inniu.

Ina dhiaidh, sula gcuirfear tús leis an gcomhthionól rúnda, tiocfaidh na cairdinéil le chéile i Séipéal Phóil sa Phálás Aspalda, mar a n-iarrfaidh siad comhairle an Spioraid Naoimh faoina vóta. Ansin siúlfaidh na cairdinéil, a bheidh gléasta i gcasóg sagairt scarlóideach, suirplís bhán agus clóca gearr scarlóideach, i mórshiúl go dtí an Séipéal Sistíneach . Canfaidh siad an t-iomann Laidine ‘Veni Creator Spiritus’ (Tar chugainn Spiorad an Chruthaitheora) ar feadh na slí.

Nuair a rachaidh siad isteach sa Séipéal Sistíneach tabharfar an t-ordú ‘Extra Omnes’ (‘gach duine amach’) ag fógairt ar gach duine nach bhfuil cead vótála acu an séipéal a fhágáil.

Meastar go mbaileoidh na scórtha míle duine i gCearnóg Naomh Peadar chun fanacht ar thoradh na vótála.

Roimh thosach an chomhthionóil rúnda, cuardaíodh an Séipéal Sistíneach, a bhfuil cáil dhomhanda air as na freascónna a rinne Michaelangelo ann, ar eagla go mbeadh gairis chúléisteachta curtha i bhfolach ann.

Fad is a bhíonn an comhthionól ar siúl ní bhíonn cead ag na cairdinéil fóin chliste ná ceangal idirlín a bheith acu agus bíonn cosc ar nuachtáin, an raidió agus an teilifís.

Tá cosc ar aon teagmháil a dhéanamh le haon duine taobh amuigh ach amháin má bhíonn fáth “tromchúiseach agus práinneach”leis agus fiú sa chás sin níor mhór do phainéal ceathrar cairdinéal an scéal a mheas agus cead a thabhairt nó a dhiúltú.

Tá cosc chomh maith ar bhia, ar sceanra agus ar ghloiní a shíltear go bhféadfaí teachtaireachtaí a chur i bhfolach iontu.

Ar na cairdinéil is mó atá á lua mar chomharba ar an bPápa Proinsias tá an Cairdinéal Luis ‘Chito’ Antonio Tagle, atá 67 bliain d’aois, agus arb as na hOileáin Fhilipíneacha dó. Tugtar ‘Proinsias na hÁise’ ar Tagle mar gur chosúil a chur chuige le cur chuige an phápa dheireanaigh.

Tá an Cairdinéal Pietro Parolin, Iodálach atá 70 bliain d’aois, agus a bhí ina phríomhchomhairleoir ag an bPápa Proinsias, á lua mar iarrthóir chomh maith.

Iodálaigh chomh maith cuid de na daoine eile atá á lua, ina measc an Cairdinéal Matteo Zuppi atá 69 bliain d’aois, an Cairdinéal Pierbattista Pizzaballa, atá 60 bliain d’aois, agus an Cairdinéal Angelo Scola atá 83, a bhí mar rogha na coitiantachta in 2013.

Tá caint ann freisin go bhféadfadh go dtoghfaí an chéad phápa de bhunadh na hAfraice le 1,500 bliain.

Ar na cairdinéil ón Afraic atá á lua, tá Robert Sarah as an nGuine, atá 79 bliain agus a bhfuil cáil mhór ar a bheith traidisiúnta agus coimeádach ina mheon.

Fridolin Ambongo Besungu

Tá seans maith á thabhairt do bheirt eile as an Afraic, an Cairdinéil Fridolin Ambongo Besungu ó Phoblacht an Chongó, coimeádach atá 65 bliain, agus an Cairdinéal Peter Kodwo Appiah Turkson, Gánach 76 bliain d’aois a bhfuil níos mó de cháil na measarthachta air.

Ar na daoine eile atá á lua mar chomharba an Phápa Proinsias tá an na cairdinéil Peter Erdo (72), coimeádach diongbháilte as an Ungáir, Michael Czerny (78), forásaí as Ceanada, Robert Prevost (69) as Chicago a bheadh ar an gcéad Mheiriceánach a a thoghfaí ina phápa, agus Mario Grech (68) as Málta a bhí an-mhór leis an bPápa Proinsias.

Ón Laidin ‘cum clave’ a thagann an focal conclave agus ciallaíonn sé ‘le heochair’, tagairt don dianghlasáil a bhíonn i bhfeidhm le linn an chomhthionóil rúnda.

Mario Grech

I dteach ósta Santa Marta, atá 500 méadar ón Séipéal Sistíneach a bheidh na cairdinéil ag fanacht nó go dtoghfar an pápa nua.

Beagnach trí bliana a mhair an conclave is faide riamh ach b’in in 1271 nuair a toghadh an Pápa Clement IV agus de ghnáth roinnt bheag laethanta a bhíonn i gceist. Cúig lá a mhair an conclave is faide sa bhfichiú haois nuair a toghadh Pius XI tar áis 14 babhta vótála in 1922.

Dhá lá vótála a bhí ann sular ceapadh an Pápa Proinsias agus b’amhlaidh an scéal i gcás Benedict XVI, an pápa a tháinig roimhe.

Páipéar ballóide dronuilleogach a thugtar do gach cairdinéal. Scríofa ag barr na ballóide tá ‘Eligo in Summum Pontificem’ (‘Toghaim ina Ard-Phontaif) agus thíos faoi tá spás bán ina scríobhann na cairdinéil ainm a rogha pápa nua.

Moltar do chairdinéil ainm a rogha pápa a bhreacadh i bpeannaireacht nach n-aithneofaí gurb í a bpeannaireacht féin í. Déanann an cairdinéal an páipéar ballóide a fhilleadh faoi dhó agus siúlann sé ina aonar go dtí an t-altóir agus an páipéar á iompar os a chionn in airde aige ionas go bhfeiceann gach duine é.

Glacann sé móid ansin go bhfuil sé ag vótáil ‘os comhair Dé’ don té a cheapann sé ba cheart a bheith ina phápa. Ar deireadh cuireann an cairdinéal a pháipéar ballóide ar phláta óna scaoiltear isteach i bpróca airgid é.

Dóitear na páipéir vótála sa sorn speisialta i ndiaidh gach babhta vótála

I ndiaidh gach uile vóta, scaoiltear deatach amach simléar a bhfuil feiceáil air ó Chearnóg Pheadair, mar a mbíonn na sluaite ag fanacht ar an toradh.

Bíonn an deatach dubh sa chás nach raibh dhá dtrian ar son aon chomharba agus bíonn an deatach bán sa chás go bhfuil comharba roghnaithe agus ceannaire nua ar an Eaglais Chaitliceach.

Cuirtear comhábhair éagsúla leis na páipéir ballóide ag brath ar cé acu deatach dubh nó bán atá ag teastáil – potaisiam clóráite, lachtós agus roisín clórafoirm a úsáidtear don deatach bán.

Níos mó