Is beag eolas atá Údarás na Gaeltachta sásta a thabhairt faoi fheachtas fógraíochta de chuid na heagraíochta a bhfuil an chuma air gur úsáideadh an intleacht shaorga lena chruthú.
Fógraíodh an scéim ‘Glasoiliúint’ do cheardaithe Gaeltachta ar chuntais mheán sóisialta an Údaráis i mí an Mhárta. Úsáideadh íomhánna san fheachtas fógraíochta a raibh an chuma orthu gur úsáideadh AI lena nginiúint. Cáineadh ar líne cinneadh an Údaráis dul i muinín ‘AI slop’ le fógraíocht a dhéanamh faoi scéim a bhaineann le cúrsaí comhshaoil.
Luadh sa cháineadh na deacrachtaí comhshaoil a chruthaíonn an intleacht shaorga, droch-chaighdeán na n-íomhánna a chruthaíonn sí, agus an obair ghrianghrafadóireachta a d’fhéadfaí a thabhairt do dhuine Gaeltachta leis na híomhánna a chruthú.
Luadh freisin i gcás ar leith nach raibh an trealamh pearsanta cosanta cuí á chaitheamh ag an “oibrí” a bhí le feiceáil san íomhá a ghin an AI.
Chuir Tuairisc ceisteanna cúpla uair ar Údarás na Gaeltachta faoin bhfeachtas fógraíochta agus faoi pholasaithe na heagraíochta i leith úsáid na hintleachta saorga, ach is beag eolas a bhí an eagraíocht stáit sásta a thabhairt.
“Tá an cheist seo ardaithe leis an gconraitheoir a bhí ag obair ar an bhfeachtas thar ceann an Údaráis. Tá polasaí intleachta saorga in áit ag Údarás na Gaeltachta a leagann amach go soiléir go mbeadh úsáid na hintleachta saorga trédhearcach, cuntasach agus mínithe.
“Cé go bhfuil uirlisí intleachta saorga á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta, níl na huirlisí sin in úsáid chun freastal ar an bpobal ag an tráth seo, ag teacht le polasaí inmheánach na heagraíochta,” a dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.
Maíodh nach mbeadh sé “cuí” na comhráite a bhí ag Údarás na Gaeltachta leis an gconraitheoir a bhí ag obair ar an bhfeachtas a phlé le Tuairisc.
Ní raibh an tÚdarás sásta a dheimhniú cé acu ar úsáideadh nó nár úsáideadh AI leis na híomhánna a ghiniúint, ná a rá cé acu an raibh nó nach raibh an tÚdarás ar an eolas faoi úsáid na hintleachta saorga san fheachtas, ná aon eolas a thabhairt faoi “polasaí inmheánach eatramhach” na heagraíochta i leith na hintleachta saorga.
“Is polasaí inmheánach eatramhach é go dtí go mbeidh treoirlínte stáit ar úsáid na hintleachta saorga sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí foilsithe, treoirlínte go bhfuil súil leo go luath,” a dúirt an t-urlabhraí.
Foilsíodh treoirlínte an rialtais ó fuarthas ráiteas an Údaráis.
Maíodh go leagtar amach “go soiléir” sa pholasaí atá “in áit” ag Údarás na Gaeltachta go mbeadh úsáid na hintleachta saorga “trédhearcach, cuntasach, agus mínithe”.
Ní rabhthas sásta cuntas a thabhairt ar an bhfáth nár míníodh go trédhearcach sna fógraí go raibh íomhánna AI in úsáid iontu ná cé na céimeanna a ghlacfadh an tÚdarás amach anseo lena chinntiú go míneofaí don phobal más íomhánna AI a bheadh in úsáid i bhfeachtais fógraíochta.