Is dóigh gur oir Páipéar 1 den scrúdú Ardteistiméireachta sa Ghaeilge d’fhormhór dhaltaí na tíre, a deir múinteoirí Gaeilge ar labhair Tuairisc leo tar éis scrúdú an lae inné.
Dúirt Jeff Neville, atá ina mhúinteoir i Scoil Ghramadaí Dhroichead Átha i gcontae Lú, le Tuairisc gur mheas sé go raibh daltaí na hArdteiste “ar mhuin na muice” nuair a chonaic siad na téamaí a tugadh dóibh le scríobh fúthu tráthnóna inné.
‘Daoine a bhfuil meas agam orthu’; ‘Éire – an tír mhaith í le cónaí inti?’; ‘An comhshaol – ábhar imní do phobail an domhain’; Polaiteoirí agus cúrsaí polaitíochta ar fud an domhain; agus ‘Scéalta móra nuachta na linne seo’ teidil na n-aistí a bhí ar Pháipéar 1.
“An ceann is éasca ná ‘Scéalta móra nuachta na linne seo’. D’fhéadfá scríobh faoi rud ar bith ansin – an teicneolaíocht, an bhulaíocht, drugaí agus alcól, piarbhrú, na meáin shóisialta, pé rud i ndáiríre. Trump, Meiriceá, do rogha féin a bhí ann agus bheadh go leor topaicí foghlamtha ag na scoláirí agus a bhformhór acu feicthe acu.
“Ní raibh le déanamh ach an focal ‘fadhbanna’ a chur in áit ‘scéalta’ agus bhí leo. Déarfainn go raibh siad ar mhuin na muice nuair a chonaic siad é sin. Tá trí leathanach A4 le scríobh acu agus, arís, d’fhéadfá cúig nó sé thopaic a lua in aon aiste amháin ansin.
“Ní gá scríobh ar feadh trí leathanach ar an oideachas nó ar an tsláinte, d’fhéadfá alt nó dhó a scríobh faoi thopaic amháin agus ansin athrú go topaic eile. Is dóigh go n-oir an páipéar d’fhormhór dhaltaí na tíre,” a dúirt Neville.
Bhí Tríona Ní Mhurchú, príomhoide Choláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal i gCois Fharraige, ar aon tuairim le Neville faoi scrúdú an lae inné agus dúirt sí go raibh sé “an-indéanta” mar scrúdú.
“Bhí sé an-indéanta, bhí siad ag súil go mb’fhéidir go mbeadh éagsúlacht ann, ach bhí sé an-chosúil leis na cinn a bhíonn ann chuile bhliain. Bhí sé togha, dá mba rud é go raibh an dream sa scoil s’againne ag rá go raibh sé sin deacair bheadh imní orm.
“Bhí réimse deas aistí ann, ní raibh aon téarmaíocht ann a d’fhéadfadh duine a chur amú agus bhí an Ghaeilge an-díreach agus an-simplí. Tá dhá uair an chloig agus fiche nóiméad sa scrúdú, agus ní thógann an chluastuiscint ach cúig nóiméad is fiche. Fágann sé sin go bhfuil dhá uair an chloig agat le 600 focal a scríobh. B’fhéidir nach maithfidh na scrúdaitheoirí botúin ghramadaí agus litrithe agus an méid sin ama ag duine aiste a scríobh,” a dúirt sí.
Deir na múinteoirí Gaeilge gurb iondúil go mbíonn an chluastuiscint ceart go leor don dalta ag a mbeadh an staidéar cuí déanta.
“Ní fhaca mé na ceisteanna ach de ghnáth braitheann deacracht na cluastuisceana ar bhlas agus ar luas cainte na gcainteoirí. Ar ndóigh bíonn siad ceart go leor de ghnáth don scrúdú féin. Bíonn siad níos deacra sna réamhscrúduithe agus i bhfad níos deacra sna leabhair. Ní fhaca mé na ceisteanna ach de ghnáth bíonn siad sin togha,” a dúirt Jeff Neville.
Dúirt Ní Mhurchú go ndúirt cuid de na daltaí a thug faoin gcluastuiscint inné léi go raibh fabht éigin ar an CD a cuireadh amach chuig na hionad scrúdaithe ach nár chuir sé sin isteach ná amach orthu.
“Bhí fabht ar an CD a tháinig, ach ní déarfainn gur chuir sé isteach ar dhaoine. Bhí an fabht ann nuair a casadh an píosa den dara huair, agus bhí an cheist freagartha faoin am sin.
“Bíonn muid i gcónaí imníoch nach dtuigfidh muid muintir an tuaiscirt agus is dóigh gur mar chéile acu féin é fúinne ach ní raibh aon deacracht ann i mbliana,” a dúirt Tríona Ní Mhurchú.
Tabharfaidh daltaí na hArdteiste faoi Pháipéar 2 sa Ghaeilge inniu.