
Ná fág bachta móna gan staighre!
Is cinnte gur chuala go leor againn faoi thriúr éarlamh na hÉireann; Pádraig, Bríd, agus Colm Cille. Ar go leor dóigheanna, is é Colm Cille an ceann is lú tábhacht as an triúr. Ní fhaigheann muid lá saor ón obair mar a fhaigheann muid (i bPobalacht na hÉireann cibé) leis an bheirt eile, ní chuireann muid éadaí áirithe orainn féin in ómós dá lá, nó ní chuireann muid crosóga ar crochadh sa teach go mbeidh siad le feiceáil ó cheann go ceann na bliana.
Ar dhóigheanna eile, ámh, is é Colm Cille an duine is tábhachtaí astu nó is é is mó a imríonn tionchar orainn ó lá go lá.
Cinnte, cuireann muid léine nó geansaí glas orainn féin ar Lá Fhéile Pádraig. Seans go ngreamaíonn tú seamróg leis an léine chéanna agus go dtéann tú chuig mórshiúl. Ina dhiaidh sin is uile, ámh, tá an rud ar fad críochnaithe taobh istigh de lá. Mar an gcéanna atá an scéal le Naomh Bríd. Cinnte, téann daoine amach a bhailiú luachra, déantar crosóga, fágtar brat amuigh faoin aer go mbeidh an naomh in ann a beannacht a fhágáil air, agus cúpla rud eile. Ach arís, tá sé uilig déanta taobh istigh de lá amháin.
Ní hionann an scéal le Colm Cille. Tá seans nár thuig tú, fiú, gur inniu Lá Fhéile Cholm Cille. Ní dhéanann muid rud ar bith chun an lá a cheiliúradh ach, bíodh sin mar atá, bheinn an-chinnte go n-imríonn sé tionchar ar do shaol laethúil.
Rugadh Naomh Colm Cille (nó Colmcille) ar an tseachtú lá de Mhí na Nollag 521 agus fuair sé bás ar an naoú lá de Mhí an Mheithimh 597 (1428 bliain ó shin inniu). Ón lá sin ar aghaidh, d’imir sé tionchar nach beag ar na glúnta sa tír seo agus, ag fás aníos i dTír Chonaill, chuala mé féin cuid mhaith acu ó mo thuismitheoirí.
Ceann de na nósánna is coitianta ná gur gá duit do dhá stoca a chur ort agus ansin do dhá bhróg, nár chóir duit stoca agus bróg a chur ar chois amháin agus ansin amhlaidh a dhéanamh leis an chois eile. Anuas air sin, bíonn ort deifir a dhéanamh agus tú ag gabháil don obair seo; níor chóir a bheith rófhada le bróg amháin ort. An chúis taobh thiar ná go raibh Colm Cille lá amháin gan ach bróg amháin air nuair a tháinig saighdiúirí nó naimhde de shaghas sa tóir air. Bhí air rith ar shiúl uathu mar a bhí sé agus, ag brath ar an leagan den scéal, fuair siad greim air mar bhí sé mall gan an dá bhróg nó sheas sé ar dhealg. D’fhág sé a mhallacht ar dhuine ar bith a d’fhanfadh agus bróg amháin air. Ag smaointiú siar anois, seans go raibh m’athair ag iarraidh mé a dheifriú agus muid ag imeacht ón teach.
Mar an gcéanna, bhí grúpa sa tóir air lá agus rith sé fríd phortach chun éalú. Bhí bachta ann agus léim sé isteach. Bhí sé róshleamhain dó fáil amach agus ní raibh áit ar bith le gabháil aige. D’fhág sé a mhallacht ar dhuine ar bith nach bhfágann staighre i mbachta ón lá sin ar aghaidh. Bím ag smaointiú go minic go bhfuil seans ann gur chum seanfhir nach raibh cumas dreapadóireachta acu a thuilleadh an ceann sin chun cur ar na fir óga (a dhreapfadh amach, b’fhéidir) rud a fhágáil daofa agus iad ag gabháil suas agus síos.
Tá scéalta go leor ann ina gcuireann bean a bhfuil bradán á ullmhú le haghaidh dinnéir aici olc ar Cholm Cille agus cuireann sé cosc ar bhradáin gabháil isteach sa loch áitiúil mar gheall air. Tá sé ráite gur dhiúltaigh sí é a roinnt leis ach tá leaganacha eile den scéal seo ina bhfuil an naomh é féin ag iarraidh abhainn nó loch a thrasnú nuair a bhuaileann sé a chos ar bhradán agus titeann sé isteach. Cibé rud a chuireann olc air, is é an toradh amháin – cosc ar an bhradán gabháil isteach sa loch sin arís go deo.
Tá an scéal seo le fáil faoi roinnt mhaith lochanna agus is fíor nach mbíonn bradán iontu. Mar sin de, bhí dúil mhór agam sa cheist seo i gcónaí. Bhí mé ag caint le duine ar na mallaibh a oibríonn mar mheicneoir (nó innealtóir, b’fhéidir, ní bhíonn cuimhne iontach agam) ar bháid agus a bhfuil dúil mhór aige san iascaireacht. Tháinig an scéal seo isteach sa chomhrá, d’iarr mé a bharúil air, agus mhínigh sé go bhfuil lochanna áirithe ann agus an talamh ag an tóin ró-chrua chun é a thochailt chun an eochraí a bhreith. Mar sin de, tiontaíonn an bradán má théann siad isteach ann nó ní fiú daofa fanacht sa loch mar ní bheidh siad in ann a n-eochraí a fhágáil mar ba chóir. Seans gurb é sin is cúis leis an scéal seo.
Leac na Cumhaidh atá ar an chloch i nGartán ar ar rugadh an naomh (dar leis an tseanchas) agus bhíodh sé de nós ag daoine a bhí le gabháil ar imirce luí ar an chloch sin sa dóigh nach dtiocfadh cumha orthu agus iad ar shiúl ón bhaile. Chuala muid uilig an scéal faoin bhrón a bhí ar an naomh agus é ag fágáil na tíre. Mar thoradh ar an bhrón seo, d’fhág sé é de chumhacht ag an chloch an brón nó cumha a bhaint den duine a luíonn air. Scríobh Micí Mac Gabhann faoi thuras a dhéanamh chuig an chloch seo sa leabhar Rotha Mór an tSaoil. Míníonn Mac Gabhann go raibh sé ag obair as baile nuair a bhí sé an-óg go fóill agus cumha air. Moladh dó turas a dhéanamh chuig an chloch chun an cumha a thógáil de. Caithfidh gur oibrigh sé go maith nó, gan aon spoiler a dhéanamh, chuaigh Micí Mac Gabhann measartha fada ón bhaile ina dhiaidh sin. Is léiriú é, ámh, ar an mhuinín a bhí againn uair amháin sa chumhacht a bhí ag Colm Cille.
Níl anseo ach ceithre shampla de rudaí luaite le Colm Cille a d’fhág rian ar an tsaol laethúil ar dhóigh nach bhfeiceann muid le Bríd nó Pádraig. Mar sin de, a léitheoir, agus 9 Meitheamh buailte linn, cuir ort do dhá bhróg, ná fág bachta móna gan staighre, roinn do dhinnéar le strainséirí, agus déan turas anois go Gartán má tá laethanta saoire curtha in áirithe agat níos moille amach sa tsamhradh.
The post Ná fág bachta móna gan staighre! appeared first on NÓS.