Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
na-ceanneagraiochtai-ag-seasamh-siar-o-chomhphairtiocht-mhaoinithe-le-foras-na-gaeilge-go-dti-go-reiteofar-an-‘cruachas-airgeadais’

Na ceanneagraíochtaí ag seasamh siar ó chomhpháirtíocht mhaoinithe le Foras na Gaeilge go dtí go réiteofar an ‘cruachás airgeadais’

| Tuairisc.ie | ,

Deir na ceanneagraíochtaí Gaeilge go bhfuil breis is milliúin euro bainte óna mbuiséad le seirbhísí agus imeachtaí a chur ar fáil don phobal le deich mbliana anuas agus go mbeidh an scéal níos measa a bhliain seo chugainn

Na ceanneagraíochtaí ag seasamh siar ó chomhpháirtíocht mhaoinithe le Foras na Gaeilge go dtí go réiteofar an ‘cruachás airgeadais’

Tá sé fógartha ag an sé cheanneagraíocht Ghaeilge go bhfuil siad ag seasamh siar ón gcóras comhpháirtíochta maoinithe a riarann Foras na Gaeilge agus nach nglacfaidh siad aon pháirt sa bpróiseas go dtí go mbeidh réiteach ar na deacrachtaí airgeadais atá ag cur as d’earnáil na teanga.

I ráiteas a cuireadh amach ar maidin, dúradh gur chuir na ceanneagraíochtaí in iúl don Fhoras ar maidin nach mbeidh siad páirteach sa struchtúr comhpháirtíochta arís go dtí go mbeidh dul chun cinn déanta ar an gceist.

Faoin socrú atá i bhfeidhm ó 2014, cuireann Foras na Gaeilge bunmhaoiniú ar fáil do na sé cheanneagraíocht – sin iad Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Gael Linn, Gaeloideachas, Glór na nGael agus Oireachtas na Gaeilge. Thart ar €5 milliún sa mbliain a chuireann an Foras ar fáil do na ceanneagraíochtaí.

Deir na heagraíochtaí go bhfuil “breis is milliúin euro” bainte ón mbuiséad a bhíonn acu le seirbhísí agus imeachtaí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le deich mbliana anuas agus go mbeidh an scéal “i bhfad Éireann níos measa i 2026” agus é á mhaíomh go mbeidh cuid de na ceanneagraíochtaí fágtha gan a ndóthain airgid chun a gcuid costas reatha a íoc.

“Chuir muid in iúl don Fhoras inniu go bhfuil gach ceanneagraíocht i gcruachás airgeadais, atá éirithe níos measa le tamall de bhlianta anuas, agus ní fheictear dúinne go bhfuil aon réiteach ag teacht sa ghearrthéarma ar na fadhbanna seo,” a dúradh i ráiteas.

“Ní hamháin go bhfuil amhras ann ar an tseirbhís gur féidir a chur ar fáil don phobal ach tá ceisteanna rialachas corparáideach ag gach ceanneagraíocht gur gá dóibh a chomhlíonadh chomh maith agus tá sé rídheacair é seo a dhéanamh nuair nach bhfuil maoiniú ann le bunchostais ar nós árachais a íoc, ag cuid de na ceanneagraíochtaí.”

Deirtear sa ráiteas go bhfuil réiteach fadtéarmach ag teastáil chun maoiniú na gceanneagraíochtaí a chinntiú agus nach leor an réiteach a tharla i mbliana nuair a cheadaigh an rialtas ó dheas maoiniú aon-uaire chun bearna i mbuiséad Fhoras na Gaeilge a líonadh.

Moladh go maoineodh Roinn na Gaeltachta na ceanneagraíochtaí go díreach curtha chun cinn mar réiteach ar dheacrachtaí Foras na Gaeilge

Tá na ceanneagraíochtaí ag lorg cruinnithe éigeandála leis an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary agus leis an Aire Pobal Gordon Lyons chun an scéal a phlé leo.

Deirtear go mbeidh na ceanneagraíochtaí i dteagmháil le Foras na Gaeilge le féachaint an féidir teacht ar réiteach agus dul i mbun an chórais chomhpháirtíochta arís go luath.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge an tseachtain seo go bhféadfaí an cúram atá orthusan na ceanneagraíochtaí Gaeilge a mhaoiniú a bhaint díobhsan agus a thabhairt do Roinn na Gaeltachta mar bhealach chun réiteach a fháil ar dheacrachtaí airgeadais an Fhorais.

Dúirt sé nach raibh ansin ach moladh amháin chun an scéal a réiteach agus go raibh an Foras chun an scéal uile a phlé tuilleadh le Roinn na Gaeltachta agus leis an Roinn Pobal.

Níos mó