Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
reamhaisneis-rothaiochta-roimh-thus-an-tour

Réamhaisnéis rothaíochta roimh thús an Tour

| aodh mcneill | ,

Creidim gurb é an Tour an eiseamláir is fearr dá bhfacthas riamh den mhiotas iomlán, sin le rá, débhríoch; is miotas léirithe agus gotha é an Tour ag an am chéanna, réalaíoch agus útóipeach ag an aon am amháin.’

B’amhlaidh a bhí i gceist leis an Tour de France dar le Roland Barthes ina aiste ‘An Tour de France mar eipic’ (‘An Tour de France comme épopée’) sa bhliain 1955. De réir léamh an Fhealsúnaí Fhrancaigh, tagann gnéithe moráltachta, tíreolaíochta agus cultúrtha le chéile chun eipic a chruthú os comhair shúile an lucht féachana, cé acu más i sléibhte na Fraince nó i do sheomra suí agus TG4 ar siúl atá tú.

Titfidh eagrán na bliana seo amach thar 21 chéim agus 5,638 ciliméadar, ag trasnú na Fraince sula mbainfear Páras amach ar an 27 Iúil, agus is ar cheathrar príomhcharachtar ar leith a bheas tromlach na hairde dírithe. Achan duine acu ag iarraidh a chaibidil féin den eipic a scríobh.

Mar rogha láidir na coitiantachta tá Tadej Pogačar, fear a bhfuil trí gheansaí bhuí ina sheilbh aige cheana féin agus turais na mblianta 2020, 2021 agus 2024 buaite aige. Ba chaithréimeach an bua a bhí aige anuraidh, é ag stróiceadh leis gan stad gan staonadh in achan chéim fiú agus an bua ionann is dearbhaithe aige.

Baineann moráltacht dhébhríoch leis an Tour: measctar riachtanais dhea-bhéasacha de shíor le héilimh bhrúidiúla a bhaineann le meon lom an iomaíochais.

B’amhlaidh mar a chuir Barthes síos ar mhoráltacht an Tour, agus bhíothas ann a shíl gur sháraigh Pogačar an mhoráltacht dhébhríoch sin anuraidh, gurbh fhearr dó é a thógáil go réidh nuair ba léir go raibh a iomaitheoir is cóngaraí cloíte aige. Ba é Jonas Vingegaard an t-iomaitheoir úd, an t-aon duine ar éirigh leis an ceann ab fhearr a fháil ar Pogačar sa Tour le cúig bliana anuas, agus eagráin na mblianta 2022 agus 2023 buaite aige.

Chonacthas go raibh sé ar intinn Pogačar a chur ina luí ar Vingegaard, a raibh gortú ag cur as dó an bhliain seo caite, gurbh eisean Rí an Tour agus gnáthnósanna dea-bhéasacha an chomórtais caite i dtraipisí aige chuige sin. Beidh saothar os comhair Vingegaard an ceann is fearr a fháil ar Pogačar i mbliana, ach seans go mbeidh fonn díoltais air i ndiaidh gheáitsíochtaí an churaidh anuraidh.

Má tá saothar os comhair Vingegaard chun an ceann is fearr a fháil ar Pogačar, is deacra arís a bheidh sé do Remco Evenepoel. Bhuaigh sé dhá bhonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras in 2024 ach is cinnte go bhfuil an chúlchaint cloiste aige, an chúlchaint úd lena ndeirtear gurbh é an t-aon chúis gur éirigh leis i bPáras ná nach raibh Pogačar ann. Tharraing an Slóivéanach amach as na Cluichí Oilimpeacha de bharr achrainn lena fhoireann náisiúnta nuair nár roghnaíodh a bhean chéile d’fhoireann na mban. 

‘Tugann an laoch aghaidh ar an dúshlán mar a bheadh Caesar ann.’

Is cinnte go ngoillfeadh a leithéid de mhasla ar laoch den chineál thuas, mar a chuir Barthes síos ar rothaithe an Tour. Más ábhar spreagtha a bheas i ngeáitsíochtaí Pogačar do Vingegaard, d’fhéadfaí go ngríosódh an chúlchaint mhaslach úd Evenepoel chun bua.

Ansin tá Primož Roglič, seanóir cumasach ar chuir timpiste deireadh lena Tour anuraidh  agus ar dócha anois go mbeidh sé os cionn a bhuille é a bhuachtáil agus é in aois a 35 bliana. Is é an Tour de France an t-aon cheann de na Grands Tours nár bhuaigh sé go dtí seo, agus cá bhfios ach go n-aimseodh sé spreagadh áit éigin lena stádas mar laoch rothaíochta a dhaingniú.

‘Is rud iontach, uasal é an íobairt, a mbíonn mar fhianaise ar mhoráltacht iomláine i gcúrsaí spóirt foirne.’

Cibé duine acu a chuirfeas air an geansaí buí ar an Champs Elysées ar an 27 Iúil, ní ar a chonlán féin a dhéanfaidh sé é. Beidh na boic mhóra uilig ag dul i dtuilleamaí a leathbhádóirí foirne, na domestiques, chun dul sa bhearna bhaoil agus plaic a bhaint as a n-iomaitheoirí, chun cosaint a thabhairt dóibh ó ainnisí aimsire agus tírdhreacha, agus lena socrú san áit is fearr chun tabhairt faoi ruathar nó ionsaí. Rothaithe is iad na domestiques arb eol dóibh nach leofa a bheidh na gradaim mhóra, ach nach ngéillfeadh riamh ón obair gan buíochas a dhéanamh.

‘Níl aon amhras ach go bhfuil an Tour inchurtha le harm comhaimseartha.’

Is iad siúd na cúinsí ina rachaidh iomaitheoirí na bliana seo chun catha i dtailte na Fraince, teannas agus naimhdeas eatarthu, mianta agus aislingí acu uilig. Dúirt Barthes nach mbaineann ach ceithre ghluaiseacht leis an Tour: leanúint, treoraigh, ruathar agus géilleadh. Tabharfaidh an 184 rothaithe faoi achan cheann acu siúd faoi seach ón túsphointe in Lille go dtí an líne dheiridh i bPáras. Beidh cuid acu sa tóir ar gheansaí buí an bhuaiteora, cuid eile a mbeidh sásta céim amháin a thabhairt leo, agus an mhórchuid acu ag dul chun catha gan seans na ngrást acu gradam ar bith a bhuachtáil. Neosfaidh na bóithre cén ainmneacha a ghreanfar sa chaibidil is déanaí den eipic.

‘Cruthaíonn Déithe a gcuid tábhachta féin.’

  • Patrick Kavanagh, Eipic (Epic)

The post Réamhaisnéis rothaíochta roimh thús an Tour appeared first on NÓS.

Níos mó