Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Déan difear le Conradh na Gaeilge

1. Comhordaitheoir Óige & Painéal

Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith.

Tá an Conradh ag iarraidh Comhordaitheoir Óige a fhostú chun an tionscadal ‘Gluaiseacht’ a chomhordú agus chun na spriocanna aontaithe ag an gConradh le Camara Education Ireland don tionscadal TechSpace i gCúige Laighean a chur i gcrích.

Chomh maith leis sin, tá sé i gceist ag an gConradh painéal a chur le chéile de dhaoine a bheadh infhostaithe do dheiseanna fostaíochta eile san eagraíocht ar leibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin amach anseo.

Cur síos ar an bpost

Faoi stiúr ionadaí ó Bhuanchoiste an Chonartha, beidh de dhualgas ar an gComhordaitheoir Óige na dualgais a leanas a chomhlíonadh:

● Comhordú a dhéanamh ar an tionscadal ‘Gluaiseacht’
● An Seó Bóthair (le béim faoi leith ar dheiseanna fostaíochta Gaeilge agus cúrsaí tríú leibhéal Gaeilge atá ar fáil do
dhaoine óga) sna scoileanna, clubanna óige, grúpaí pobail, coláistí samhraidh a chomhordú
● Spriocanna Chúige Laighean den tionscadal ‘Tech Space’ a chur i gcrích, le scoileanna agus grúpaí eile a mhealladh le freastail ar chruinnithe eolais agus ceardlanna traenála, tacaíocht a chur ar fáil d’fheidhmiú spriocanna TechSpace sna scoileanna agus eile san áireamh
● Comhordú a dhéanamh ar an bhfoireann atá ag plé leis an dara agus an tríú leibhéal sa Chonradh
● Na tionscadail a chur chun cinn ar na meáin shóisialta
● Tacaíocht a chur ar fáil do Gaeilge24
● Dualgais eile de réir mar is gá

Cur síos ar an té a cheapfar

● Caighdeán maith Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
● Ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr
● Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge nó a chomhionann de thaithí
● Ardscileanna ag cur ábhar i láthair /nó ag caint go poiblí
● Scileanna maithe eagrúcháin, lena n-áirítear: scileanna ríomhaireachta agus scileanna bainistíocht ama/pleanála

Scála Tuarastail:

Oifigeach Feidhmiúcháin (ag tosú ar an 6ú phointe): €37,720-€49,960. Chomh maith leis sin íocfar 5% den tuarastal sa bhreis ar an tuarastal mar sholáthar do phinsean an fhostaí ceaptha ach an fostaí bheith toilteanach a chomhionann de 5% dá thuarastal a íoc isteach sa soláthar pinsin

Spriocdháta:

Is gá CV agus litir chumhdaigh as Gaeilge a chur chuig post@cnag.ie faoi Dé Céadaoin, 12 Meitheamh 2019, ag 11.00r.n.

Eolas eile:

● Bíonn Conradh na Gaeilge ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann & bíonn cúraim uile-Éireann ag gach fostaí dá réir sin
● Beidh an post seo lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach beidh taisteal le déanamh
● Beidh na hagallaimh don phost seo ar siúl Dé Luain, 17 Meitheamh, in Uimhir 6, Sráid
Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
● Tá an post seo maoinithe le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

2. Comhordaitheoir Tionscadail – Iarthar & Gaeltacht

Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith.

Tá an Conradh ag cur leis an Seó Bóthair a eagraíonn muid mar chuid den tionscadal ‘Gluaiseacht’ le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus muid ag fostú Oifigeach Tionscadal a bheidh lonnaithe i nGaillimh agus ag taisteal go rialta san iarthar.

Cuirtear an Seó Bóthair ar fáil do scoileanna, clubanna óige, grúpaí pobail, srl. Déanann an Seó Bóthair cur síos ar na féidearthachtaí agus na deiseanna fostaíochta agus eile a bhaineann leis an nGaeilge. Déantar seo trí cheardlanna idirghníomhacha a eagrú leis an spriocphobal.

Chomh maith leis sin, tá sé i gceist ag an gConradh painéal a chur le chéile de dhaoine a bheadh infhostaithe do dheiseanna fostaíochta eile san eagraíocht ar leibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin amach anseo.

Cur síos ar an bpost

Faoi stiúr ionadaí ó Bhuanchoiste an Chonartha, beidh de dhualgas ar an gComhordaitheoir Tionscadail na dualgais a leanas a chomhlíonadh:

● Seó bóthair a eagrú le cuairteanna ar scoileanna, clubanna óige, grúpaí pobail, coláistí samhraidh agus eile sa Ghaeltacht agus in iarthar na tíre
● Deiseanna fostaíochta Gaeilge agus cúrsaí tríú leibhéal Gaeilge a chur chun cinn
● Cabhrú leis an imeacht mór ‘Gaeilge 24’ a eagrú
● Na meáin chumarsáide agus na meáin shóisialta a úsáid leis an Seó Bóthair a chur chun cinn
● Dualgais eile de réir mar is gá

Cur síos ar an té a cheapfar

● Caighdeán maith Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
● Ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr
● Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge nó a chomhionann de thaithí
● Ardscileanna cur i láthair / caint poiblí
● Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear: scileanna ríomhaireachta agus scileanna bainistíocht ama/pleanála

Scála Tuarastail:

Oifigeach Feidhmiúcháin: €29,316-€49,960. Chomh maith leis sin íocfar 5% den tuarastal sa bhreis ar an tuarastal mar sholáthar do phinsean an fhostaí ceaptha ach an fostaí bheith toilteanach a chomhionann de 5% dá thuarastal a íoc isteach sa soláthar pinsin

Spriocdháta:

Is gá CV agus litir chumhdaigh as Gaeilge a chur chuig post@cnag.ie faoi Dé Céadaoin, 12 Meitheamh 2019, ag 11.00r.n.

Eolas eile:

● Bíonn Conradh na Gaeilge ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann & bíonn cúraim uile-Éireann ag gach fostaí dá réir sin
● Beidh an post seo lonnaithe i nGaillimh ach beidh taisteal le déanamh
● Beidh na hagallaimh don phost seo ar siúl Dé Máirt, 18 Meitheamh, in Áras na nGael, Sráid Dominic, Gaillimh
● Tá an post seo maoinithe le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

3. Feidhmeannach Cumarsáide

Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith.

Tá an Conradh ag lorg duine le bheith mar Fheidhmeannach Cumarsáide chun modhanna cumarsáide éagsúla an Chonartha a fhorbairt agus a stiúradh. Chomh maith leis sin, tá sé i gceist ag an gConradh painéal a chur le chéile de dhaoine a bheadh infhostaithe do dheiseanna fostaíochta eile san eagraíocht ar leibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin amach anseo.

Cur síos ar an bpost mar Fheidhmeannach Cumarsáide

Faoi stiúradh Ard-Rúnaí an Chonartha, nó a ionadaí, agus Buanchoiste an Chonartha, beidh de dhualgas ar an bhFeidhmeannach Cumarsáide na dualgais a leanas a chomhlíonadh:

● Córas cumarsáide éifeachtach a fhorbairt don mhór-réimse ó dheas & cúnamh a chur ar fáil do na mór-réimsí eile
● Cosaint thráthúil a dhéanamh ar an Ghaeilge ar ionsaithe uirthi sna meáin éagsúla, na meáin shóisialta san áireamh
● Feachtais a eagrú agus a stiúradh le haird a dhíriú ar ghnéithe ar leith den Ghaeilge a d’fhéadfadh bheith faoi ionsaí ó am go chéile
● Straitéis a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le stádas agus minicíocht úsáid na Gaeilge ó dheas sna meáin shóisialta agus sna meáin chumarsáide a mhéadú agus gaol oibre a chothú le hiriseoirí
● Cinntigh go bhfuil an Ghaeilge cruinn beacht ar gach ábhar clóite a théann amach – fógraí, ábhair an tSuímh Idirlín agus ábhair bholscaireachta san áireamh
● Cumarsáid a dhéanamh go rialta agus go réamhghníomhach leis na meáin chumarsáide agus leis na meáin shóisialta agus cinntiú go bhfuil na preasráitis cruinn beacht agus amuigh ag na meáin in am
● Tacaíocht agus oiliúint a chur ar fáil do ghrúpaí Gaeilge ó dheas chun iad a chumasú níos fearr le déileáil leis na meáin chumarsáide agus leis na meáin shóisialta
● Gaol a chruthú agus a chothú le hiriseoirí agus eagarthóirí faoi leith sna meáin chumarsáide agus agallaimh a shocrú go rialta
● Gaol a chothú le páirtithe leasmhara, ar nós Aontas na nDaltaí Iarbhunscoile, srl.. chun a dtacaíocht a lorg do na feachtais

Cur síos ar an té a cheapfar

● Céim ábhartha nó a chomhionann de thaithí
● Tá éirithe go maith leis nó léi go dtí seo i réimsí cumarsáide
● Ardscileanna cumarsáide, idir scríofa agus labhartha, i nGaeilge agus i mBéarla
● Ardscileanna ríomhaireachta
● Saineolas ar na meáin shóisialta
● Gníomhach ag coinneáil é/í fhéin eolach ar chúrsaí reatha ó na meáin Ghaeilge agus ó na meáin Bhéarla
● Ar a c(h)umas oibriú as láimh a chéile le baill foirne agus le hoibrithe deonacha

Scála Tuarastail:

Oifigeach Feidhmiúcháin: €29,316-€49,960. Chomh maith leis sin íocfar 5% den tuarastal sa bhreis ar an tuarastal mar sholáthar do phinsean an fhostaí ceaptha ach an fostaí bheith toilteanach a chomhionann de 5% dá thuarastal a íoc isteach sa soláthar pinsin

Spriocdháta:

Is gá CV agus litir chumhdaigh as Gaeilge a chur chuig post@cnag.ie faoi Dé Céadaoin, 12 Meitheamh 2019, ag 11.00r.n.

Eolas breise:

● Bíonn Conradh na Gaeilge ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda & bíonn cúraimí uile-oileánda ag gach fostaí dá réir sin
● Beidh an post seo lonnaithe i mBaile Átha Cliath
● Beidh na hagallaimh ar siúl Dé Máirt, 18 Meitheamh, in Uimhir 6, Sráid Fhearchair
● Tá an post seo maoinithe ag Foras na Gaeilge