Cúrsa Oiliúna
Cúrsa Oiliúna
@ Óstán Brehon
Rang Siamsaíocht Agus EalaínTá sé beartaithe ag Ealaín na Gaeltachta cúrsa oiliúna d’áisitheoirí drámaíochta eile a reáchtáil i gCill Airne ar an Satharn agus Domhnach, 5-6 Deireadh Fómhair 2024.
Beidh an cúrsa seo dírithe ar dhaoine a bhfuil suim acu i ndrámaíocht don óige nó ar dhaoine ar mian leo cur lena gcuid scileanna áisitheoireachta sa drámaíocht. Is é an t-aisteoir cáiliúil Diarmuid De Faoite a bheidh i mbun an chúrsa.
Bheadh súil againn go mbeadh rannpháirtithe an chúrsa sásta dul ar phainéal teagascóirí Ealaín na Gaeltachta i ndiaidh an chúrsa agus sásta tabhairt faoi cheardlanna drámaíochta ina gceantar féin.
Ní bheidh aon chostas ar an gcúrsa, agus cuirfear lóistín agus béilte ar fáil. Ach, tá líon ná spásanna teoranta, mar sin moltar clárú roimh ré ag cuisle@udaras.ie
Is féidir blaiseadh den méid a rinne rannpháirtithe an chéad chúrsa a fheiceáil anseo
Tuilleadh eolais agus clárú- cuisle@udaras.ie
Bí i dteagmháil leis an eagraíocht don am tosaithe.