Club Leabhar
Club Leabhar
@ Leabharlann agus Ionad Cultúrtha Nás na Ríogh
Siamsaíocht Agus EalaínBeidh tús á chur arís le Club Leabhar Chill Dara le Gaeilge Dé Máirt an 10 Meán Fómhair i Leabharlann Nás na Ríogh. Is idir 18.45 agus 19.45 a thagann an Club le chéile ar an dara Máirt den mhí.
Tá an leabharliosta don fhómhar roghnaithe anois agus le feiceáil thíos. Meascán d’ábhar éadrom, urscéalta nua na Gaeilge, clasaicí na Gaeilge agus gearrscéalta atá ann. Rud éigin do gach cineál léitheora tá súil againn!
Tá an t-ádh linn leis an tacaíocht a thugann Seirbhís Leabharlainne Chill Dara dúinn – beidh cóipeanna de gach leabhar ar an liosta le fáil sa leabharlann agus mar sin ní gá do bhaill an chlub na leabhair a cheannach muna miste leo.
Cuirtear fáilte roimh dhaoine ar gach leibhéal Gaeilge. Deis is ea í seo le do chuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú i dtimpeallacht thaitneamh réchúiseach. Ní gá freastal ar gach teacht le chéile, ach an oiread – is féidir bualadh isteach mí ar bith, agus is féidir sin a dhéanamh fiú muna bhfuil an leabhar ar fad, nó aon chuid de léite! Bíonn an plé agus tae taitneamhach bealach amháin nó bealach eile 🙂||.
Tuilleadh eolais: caoimhe@cilldaralegaeilge.ie