Oíche Shamhna – pictiúrleabhar nua ó LeabhairCOMHAR
Oíche Shamhna – pictiúrleabhar nua ó LeabhairCOMHAR
Imeacht don Óige Oiriúnach do Theaghlaigh SeoladhCéard a dhéanfaidh tú Oíche Shamhna? Conas a ghléasfaidh tú? An mbeidh tú i do thaibhse? An
ngléasfaidh tú mar chailleach? Nó an mbeidh tú i do vaimpír?
Is mór ag LeabhairCOMHAR go bhfuil pictiúrleabhar nua Oíche Shamhna leis an údar Marie Whelton
agus an maisitheoir Frank Endersby foilsithe agus ar fáil anois don phobal.
Is dán gutha é Oíche Shamhna faoi oíche thábhachtach i bhféilire cultúrtha na n-óg. Oibríonn na
léaráidí spreagúla go dlúth le focail an dáin chun atmaisféar na Samhna a chruthú agus moltar do
léitheoirí róil éagsúla a ghlacadh agus an dán á léamh os ard acu. Tá an leabhar oiriúnach don seomra
ranga agus don súgradh baile araon agus cuirfidh sé go mór leis an rogha ábhair atá ar fáil don fhéile
spraíúil seo.
Dúirt an t-údar Marie Whelton, ‘Tá súil agam go mbainfidh léitheoirí taitneamh agus tairbhe as an
dán seo a chur i láthair le maisíochtaí fuaime scanrúla!’
Tá cód MF (QR code) sa leabhar a thugann rochtain ar thaifeadadh fuaime den dán á aithris ag grúpa
de léitheoirí óga ó Iarthar Chorcaí. Cabhróidh an taifeadadh sin, agus na gníomhaíochtaí ag deireadh
an leabhair, le léitheoirí chun cumarsáid a dhéanamh faoi Oíche Shamhna.
'Tá lúcháir ar LeabhairCOMHAR an leabhar beag álainn seo a chur ar fáil do léitheoirí óga in am
d’Oíche Shamhna agus ba dheas linn go raibh deis againn a bheith ag obair le Marie Whelton agus le
Frank Endersby arís. Is cinnte go mbainfidh idir óg agus aosta sult agus spraoi as é a leamh os ard le
chéile,’ a dúirt Jennifer Gorissen, Feidhmeannach Foilsitheoireachta LeabhairCOMHAR.
Tuilleadh eolais: leabhaircomhar@comhar.ie / (01) 675 1922 / www.comhar.ie/leabhair