Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bí linn don Chomórtas Amhrán Pan Cheilteach 2019 in Amharclann GB Shaw Ceatharlach oíche Dé Sathairn, 23ú Márta ag 8.00i.n. Beidh 16 amhrán in iomaíocht don duais mhór.

Na moltóirí ná an ceoltóir áitiúil Liam Lawton, Seán Ó hÉanaigh ó Raidió na Gaeltachta agus Emer Ní Fhlaitheartaigh a bhuaigh an comórtas í féin sa bhliain 2017. Ollie Hennessy an stiúrthóir ceoil agus beidh an ceoltóir aitheanta Eric de Buitléir mar aoí speisialta na hoíche.

€1,000 don chéad áit. Rachaidh an buaiteoir ar aghaidh le bheith in iomaíocht ar son na hÉireann ag an gComórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i rith na Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a bheidh ar siúl i Leitir Cheanainn um Cháisc.

 

Read 99 times
Rate this item
(0 votes)