Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó


Tugann Coiste Ceantair Átha Cliath | Conradh na Gaeilge cuireadh duit chuig caint (as Béarla) “Dia dhuit Hawaiian” ó Dr Georganne Nordstrom Ollamh Comhlach agus Stiúrthóir Ionad Scríobhnóireachta in Ollscoil Hawaii, Manoa.

10ú Aibreán, 19:00-20:00 Ionad: An Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearchair

Faoi láthair is Scoláire Fulbright í Dr Georganne Nordstrom in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Baineann a taighde le hoideolaíocht agus le reitricí mionlacha agus dúchasacha le béim ar Creole Haváise.

Labhróidh Georganne faoi na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir chur chun cinn Hawaiian agus cur chun cinn na Gaeilge, agus na nithe spéisiúla atá feicithe aici le linn a cuid ama in Éirinn.

Tuilleadh eolais: Paula 0861589063/ paula@cnag.ie 

Read 118 times
Rate this item
(0 votes)