Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Gach Aibreán, tagann daoine gur breá leo cúrsaí bia ó chian is ó chóngair ar fud na tíre chomh fada le baile álainn cois farraige, Dún Garbhán chun freastal ar Fhéile Bia Iarthar Phort Láirge. Tá áit lárnach ag an bhféile bia anois i bhFéilire Bia na hÉireann, de bharr chlár mhórthaibhseach agus inspioráidach d’imeachtaí cócaireachta, le gach rud ó rianta sealgaireachta trí Shléibhte an Chomaraigh, dinnéir i gcaisleáin stairiúla agus amharclannaíocht i marglann beithígh

Tá an Fhéile Bia ar cheann des na féilte pobail is mó i bPort Láirge, agus ní tharlódh sé gan tacaíocht flaithiúil na n-urraitheoirí, ar a n-áirítear Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Bord Iascaigh Mhara, Fáilte Éireann, Foras na Gaeilge, Oifig Fiontair Áitiúil Phort Láirge, Comhpháirtíocht Leader Phort Láirge, chomh maith le Flahavan’s, Glanbia, Dawn Meats, Garvey’s, Eurofins, FloGas, Blackwater Distillery, San Pellegrino, Coillte, FBD, LocalLink agus AIB.

Beidh an Fhéile ar siúl ón Aoine, 26 Aibreán go dtí an Domhnach, 28 Aibreán agus beidh an traidisiún láidir atá sa cheantar maidir le táirgeadh agus nuálaíocht bhia le feiscint sa chlár imeachtaí. Táthar ag súil go mbeidh Féile 2019 ar an gceann is mó ariamh ón uair a bunaíodh é dhá bhliain déag ó shoin agus tá clár na bliana seo díreach fógartha anois – clár dátheangach in omós an cheangail láidir atá ag Dún Garbhán agus iarthar an chontae le Gaeltacht na nDéise.

Don chéad uair riamh, beidh slua de chefanna ban i mbun a gceird ag go leor de phríomh-imeachtaí na Féile – níos mó díobh ná na fir!

Ina measc beidh an cócaire le réalt Michelin, Danni Barri (Eipic), Maeve Walsh (Canteen), Holly Dalton (Gertrude Restaurant / 3fe), Paula Stakelum (Caisleán Cheapach Corcóige), Rose Green (a bhí le In de Wulf sa Bheilg) agus Lily Ramirez-Foran (Picado Mexican) ar an gclár i mbliana, taobh le Ross Lewis, le réalt Michelin (Chapter One), Martin Shanahan (Fishy Fishy) agus Peter Everett (Everett’s Restaurant).

In éineacht leo siúd ar fad, beidh Judit McNally (Ormond Café), Nicola Crowley agus Dvir Nusery (Mezze Middle Eastern), Marie Power (The Sea Gardener), Louise Clark (a bhíodh le Nude Food) agus Tom Walsh (an príomh-chócaire nua san Old Bank, Dungarvan), ag cinntiú go mbeidh taispeántais d’ardchaighdeán á cur ar fáil do lucht leanta bia i nDún Garbhán thar an deireadh seachtaine.

 

Seo roinnt de bhuaicphoinntí na Féile:

Osclóidh Caisleán stairiúil an Leasa Mhóir na dóirse do dhinnéar speisialta le chefanna Ross Lewis agus Danni Barry, in éineacht le Paula Stakelum.
‘Dinnéar sa Chaisleán, Caisleán an Leasa Mhóir, 7.00i.n., €135.00, Dé hAoine, 26 Aibreán

Lón leis an gcócaire Martin Shanahan (Fishy, Fishy), ina mbeidh bia mara den scoth ón réigiún agus ó sholáthróirí bia áitiúla, a bheidh ina theannta chun a gcuid scéalta a roinnt agus chun labhairt mar gheall ar oidhreacht bhia Iarthar Phort Láirge.
‘Lón Fishy Fishy’, Club Leadóige an Tóchair, 12.00meánlae, €35.00, Dé hAoine, 26 Aibreán

Siúlóid Sléibhe tríd na Comaraigh le tacaíocht ó Chlub Cnocadóireachta Dhún Garbhán thar chúrsa 8km
(Cnocadóireacht, Óstán na Páirce, 10.00r.n. – 4.00i.n., €10.00, Dé Sathairn, 27 Aibreán)

Suipéar Drámaíochta i Marglann Dhún Garbhán le Aidan Dooley, a thabharfaidh taispeántas bunaithe ar thaisteal agus scéalta ón Taiscéalaí Antartach cáiliúil Tom Crean, le ‘Suipéar Loinge’ le cócaire Louise Clark.

Suipéar Drámaíochta, Marglann Dhún Garbhán, 7.00i.n., €50.00, Dé Sathairn, 27 Aibreán

Tóg turas thart thimpeall ar Iarthar Phort Láirge ar cheann des na Busanna Bia chun cuairt a thabhairt ar na soláthróirí bia. Tá rogha de thrí thuras agus ceann acu is ea ‘Turas Dátheangach’ ar Ghaeltacht na nDéise, ag buaileadh isteach chuig Feirm Oisrí Uí Arta, Ghrúdlann Dhún Garbhán agus tearmann feamainne, Sólas na Mara.

‘Bus Bia,’ Carrchlós Seandúin, 10.00r.n. – 12.00i.n., €25.00, Sathairn, 27 Aibreán

Imeachtaí Dátheangacha

I measc na n-imeachtaí eile dátheangacha a bheidh ar siúl, beidh Spraoi don Teaghlach le Glanbia agus Glór na nGael i gCarrchlós Ghlanbia ar a 11.00r.n. ar an Satharn agus Tóraíocht Taisce Bia go gach aois thar an deireadh seachtaine, ag tosnú san Oifig Turasóireachta agus tá an dá rud seo saor in aisce.

Chomh maith leis sin, beidh seans ag tuismitheoirí agus páistí Cócaireacht le Chéile I Méanscoil San Nioclás sa Rinn ar an Satharn, agus críochnóidh an Fhéile le Seisiún Amhránaíochta agus Ceol le Cór Fear na nDéise i mBainlann Chúil na nGabhar tráthnóna Dé Domhnaigh.

Tá clár iomlán do pháistí ann chomh maith agus críochnófar an Fhéile le Margadh Mór na Féile i lár an bhaile ar an Domhnach, nuair a bheidh níos mó ná 100 seastán leis an gcuid is fearr de bhia áitiúil agus Éireannach ar díol. D’fhreastal thart ar 50,000 duine ar an bhFéile Bia sa bhliain 2018 agus táthar ag súil le slua dá leithéad arís i mbliana.

Tuilleadh eolais anseo

Féach ar an gclár anseo

Read 96 times
Rate this item
(0 votes)