Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

 

Beidh an t-údar Jack Fennell i láthair ar an 30 Márta ag a 8pm i siopa leabhar Síle na gCíoch i gCloch Shiurdáin, Co. Thiobraid Árann.

Is údar ceannródaíoch é, chomh maith le eagarthóir agus aistritheoir. Beidh sé ag labhairt faoi fhicsean eolaíochta agus fantaisíocht na hÉireann i mBéarla agus i nGaeilge. Is réimse litríochta é seo nach bhfuil mórán taithí ag daoine air, agus labhróidh sé faoi na dúshláin a bhain leis chomh maith leis an taitneamh a bhain sé as an aistriúchán.

Beidh sé faoi agallamh trí mheán na Gaeilge ag Annemarie Nugent, múinteoir, eagarthóir agus aistritheoir, atá suim faoi leith aici i bhficsean eolaíochta agus fantasaíocht.


Áit: Siopa leabhar Síle na gCíoch, An tSráid Mhór, Cloch Shiurdáin

Am: Satharn, 30 Márta 2019, 20:00 – 21:30

Tuilleadh sonraí anseo

Read 90 times
Rate this item
(0 votes)