Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

 

Papaimis oip, ag an bPop-Up - Fáilte roimh chách - 20 Aibreán, Carroll's ar Shráid Dominick!

Is iad Irene Ní Shúilleabháin agus Joe McGinley atá ag eagrú Pop Up Gaeltacht na Gaillimhe.

Cé go bhfuil líon mór daoine i gCathair na Gaillimhe a bhfuil Gaeilge acu, d’airigh Irene agus Joe nach cloistear an Ghaeilge ann go minic.

Níl muid ag troid ar son cúise.

Níl urraíocht ná maoiniú uainn.

‘Séard atá uainn ná comhluadar lucht lách Ghaeil na Gaillimhe.


Meas tú, an mbeidh cúinnín beag gaelach againn i dTigh Carrolls? Nó an mbeidh an beár uiliug ina Ghaeltacht ar feadh na hoíche?

Tá súil againn go mbeidh sibh ann chun an freagra a fheiceáil le bhur súile féin.

 

Tuilleadh eolais ag popupgaillimh@gmail.com 

Read 125 times
Rate this item
(0 votes)