Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tá Cairde Teo ag eagrú turais teaghlaigh chuig an Chultúrlann i mBéal Feirste Dé Sathairn 8 Nollaig le freastal ar gheamaireacht na Nollag agus le bualadh le Daidí na Nollag.

Tá an turas oscailte do dhaltaí ó Ghaelscoileanna áitiúla agus a gcuid tuismitheoirí agus imeoidh an bus as Óstán Chathair Ard Mhacha ar 10.30am. Beidh costas £7 an pháiste agus £5 an dhuine fásta don bhus, don gheamaireacht agus do bhronntanas ó Dhaidí na Nollag.

Chomh maith leis an gheamaireacht Ghaeilge, tabharfaidh an grúpa cuairt ar Mhargaí na Nollag i mBéal Feirste agus beidh an bus ar ais in Ard Mhacha thart ar 4.30pm.

Tá teorainn leis an mhéid spásanna agus ní mór scéala a chur ar shuíocháin trí theagmháil a dhéanamh le Seán ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com.

 

Read 16 times
Rate this item
(0 votes)