Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
Dónal

REIC - 2 Bealtaine, Club Chonradh na Gaeilge


 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Beidh Bealtaine agus Lá na Filíochta á cheiliúradh againn ag an gcéad REIC eile. Bígí linn le fáilte a chur roimh an samhradh! // This REIC will celebrate both Bealtaine, and #PoetryDayIRL.

Is oíche filíochta dhátheangach (nó ilteangach!) í REIC. Ní gá do gach éinne Gaeilge a úsáid ach cuirfear fáilte roimh an Ghaeilge i gcónaí.

Cuirfidh bean an tí Ciara Ní É fáilte roimh baill den lucht féachana teacht ar ardán mar chuid den mic oscailte agus beidh fáilte roimh chách páirt a ghlacadh.

Chun áit ar an ardán a chinntiú seol ríomhphost chuig reic.eire@gmail.com. Is dócha go mbeidh spásanna ar an oíche más fearr leat é a fhágáil go dtí sin.

Doirse ag 7, cuirfear tús leis an imeacht ag a 8, agus is dócha go mbeidh sé thart faoina 10 is dócha. Deas am cainte a thabhairt do gach duine roimh an bus abhaile!

 

REIC is a bilingual spoken word event featuring poetry, rap, music, storytelling, and everything else you can think of! It is an open space where performances as Gaeilge are welcomed.

The theme of Poetry Day 2019 is 'Truth or Dare' - do you dare perform a piece, and light a tine Bealtaine with your words?

If you'd like to perform, shoot a mail to reic.eire@gmail.com to ensure your place, but there will likely be spots on the night too if you don't want to commit yet.

Doors at 7, event starts at 8, all in all probably finished by 10ish and you can all have a chat before the last bus home!

Bígí linn sa Chlub!

Tuilleadh

Bewley's@6! le Gael Linn

BEWLEY’S@6! LE GAEL LINN….

AMHARCLANN CAIFÉ BEWLEY’S
SRÁID GRAFTON

DÉARDAOIN,18 AIBREÁN 2019

6p.m. – 8p.m. (Doirse ar oscailt ó 5.45 p.m.)

Aniar chugainn arís ó Ghaillimh de bharr an éilimh, le ceol óna ndlúthdhiosca nua,  ’Heritage Hall’, agus tuilleadh, an grúpa iontach *BACKWEST*

Maureen Browne ( Fidil/Fiddle )
Brendan Browne ( Bosca Ceoil/Accordian ),
Peter Vickers ( Cnagcheol, Damhsa/Percussion,Dance ) agus
Fabian Joyce ( Amhráin, Giotár /Songs,Guitar)
 
Ná caill ceolchoirm den scoth - seo blaiseadh beag den ngrúpa > http://bit.ly/2UHcCk1 

CEAD ISTEACH €15 ( Blaisíní san áireamh! )

Fíon, Beor, Deochanna Boga, Tae & Caifé ar fáil le ceannach

Áirithint riachtanach ( spás teoranta ! )

087-2547574

Tuilleadh

Ní haon ‘Finscéal’ é do bhuaiteoirí Siansa Gael Linn 2019 !

Buaiteoirí Siansa Gael Linn 2019, an grúpa ‘Finscéal’ ó Chontae Luimnigh, in éineacht le ( ar chúl, ó chlé ), Robert Heuston, Irish Music Magazine, Gearóid Mac Donncha, Ceannaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn ( ar dheis )

Is iad an grúpa Finscéal ó Cho. Luimnigh, buaiteoirí Siansa Gael Linn 2019! Ag an gcraobhchomórtas sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 7 Aibreán, roghnaíodh iad mar churaidh as ocht ngrúpa d’ardchaighdeán don ghradam mór seo ! Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn ó 2002 i leith, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Irish Music Magazine, agus é ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre.

Is í Áine Hensey ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a rinne sárobair den chur i láthair ar an oíche agus rinne an stáisiún craoladh beo raidió agus Facebook, ar an gceolchoirm. Chuir gach grúpa, ‘Léargas’ ó Chontae Thiobraid Árann, ‘Cuisle’, Co. an Chláir, agus ‘Lonrach’ ó Chontae Laoise, mar aon le ‘Aontacht’ ó Chontae Shligigh, ‘Finscéal’ ó Cho. Luimnigh agus ‘Tigh Tara’ ó Choláiste Loreto, Cúil Raithin, Contae Dhoire, agus dhá ghrúpa de bhunadh Mhaigh Eo, ‘Siar’ agus ‘Ildánach’, taispeántas iontach os comhair an tslua ollmhóir a bhí i láthair.

Bhí géariomaíocht eatarthu don duaischiste €4,500 agus is ar na ceoltóirí iomráiteacha Muireann Nic Amhlaoibh, Bernadette Nic Gabhann agus Seán McElwain a thit sé na duaiseoirí a roghnú. Bhí an-cheiliúradh i measc a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurbh iad Finscéal ó Luimneach na curaidh! Ochtar ceoltóirí óga atá sa ghrúpa – Séamus Dundúrtaigh, Karl Ó Raifeartaigh, Emily Ní Chondúin, Áine Ní Shíocháin, Eoin de Búrca, Breandán de Paor, Laoise Nic Ghiobúin agus Micheál Mac Giobúin. Bhí an múinteoir/meantóir, Síle Ní Chaigne, an-bhródúil astu! Bronnadh trófaí Siansa Gael Linn, mar aon le duais de luach €2,500, orthu.

Sa dara háit, bhí Léargas ó Cho. Thiobraid Árann – Conchúr Ó Nualláin, Breandán Ó Conaill, Tara Fahey, Lauryn Bhreathnach, Ademar Ó Maolchluiche, Naoise Kettle, Cian Ó Conghaile agus Keelan Mac Craith - agus ghnóthaigh siad duais de luach €1,250. Chuaigh an tríú háit agus duais de luach €750, chuig an ngrúpa Siar ó Cho. Mhaigh Eo – Pádraig Mac Eachmharcaigh, Deirdre Seoighe, Conor Mac Eachmharcaigh, Maitiú Ó Duilleáin, Caitríona Seoighe, Kyle Ó Hamhsaigh, Cillian Mac Conghaile agus Caoilte Ó Cuanaigh.

Anuas air sin, fuair gach ceoltóir a bhí páirteach sa Chraobh duais chuimhneacháin. Comhghairdeas leo uilig agus lena gcuid meantóirí, múinteoirí agus tuismitheoirí a thug spreagadh dóibh i rith an chomórtais!

Agus é ag glacadh buíochais le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le Irish Music Magazine as a dtacaíocht don chomórtas, dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn:

‘Rinne Gael Linn ceiliúradh le déanaí, le tacaíocht Raidió na Gaeltachta a chraol clár speisiálta comórtha, ar cheolchoirm iomráiteach eile, ‘Ó Riada sa Gaiety’ a d’eagraigh Gael Linn 50 bliain ó shin an mhí seo. Aithnítear gurbh í an ceolchoirm sin agus an t-albam a taifeadadh ar an oíche ba chúis leis an athbheochan ollmhór a tharla i gcúrsaí ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta ag an am agus a leanann go fóill. Tá torthaí na hathbheochana sin le feiceáil anseo anocht agus cá bhfios ach go bhfuil tús curtha anocht le grúpa nua a bhainfidh cáil amach mar a rinne an grúpa Ceoltóirí Chualainn an oíche úd.’

Beidh léirithe na grúpaí uilig a ghlac páirt i gCraobhchomórtas Siansa le feiceáil ar YouTube go luath!

Tuilleadh