Cearta
Tá sé mar bhunchuspóir ag Conradh na Gaeilge gur chóir go mbeadh sé mar rogha agat ag gach duine an Ghaeilge a úsáid i ngach gné den saol.
Is féidir i gcónaí do chuid Gaeilge a usáid le do chlann agus le do chairde, ach céard faoi áiteanna poiblí?
Sa leabharlann? San ospidéal? In Oifig an Phoist?
Uaireanta meastar nach féidir Gaeilge a úsáid sna háiteanna seo ar chor ar bith.
Braithimid ar reachtaíocht stáit a bhainean le cearta teanga le cinntiú go mbíonn an rogha againn Gaeilge a úáid in áiteanna poiblí (a thagann faoin státseirbhís)
An Ghaeilge Ó Dheas – Cearta Teanga
Is cearta daonna agus cearta sibhialta iad a bhaineann leis an gceart atá againn an teanga a úsáideann muid sa réimse poiblí a roghnú. I gcás na Gaeilge tá cearta teanga an-tábhachtach. Tugann cearta teanga tuilleadh deiseanna dúinn ár gcuid Gaeilge a úsáid i mbealach a thugann stádas oifigiúil di.
Tá sé de cheart agat mar sin, Gaeilge a úsáid in áit an Bhéarla agus tú ag plé leis an stát. Caithfear an tseirbhís a sholáthar duit. Tagann seirbhísí riachtanacha faoi chúram an stáit (m.sh seirbhís sláinte), mar sin is gá go mbeidh an seirbhís sin ar fáil as Gaeilge.
Tá an iliomad seirbhísí Gaeilge ar fáil anois mar gheall ar Acht na dTeangacha 2003
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Is é bunchuspóir Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeidh níos mó seirbhísí ar ardchaighdeán ar fáil trí Ghaeilge ón tseirbhís phoiblí (státseirbhís)
Tagann go leor ranna stáit agus comhlachtaí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, mar shampla.
- Oifig an Phoist
- Ospidéil phoiblí
- Oifig na bpasanna
- Leabharlanna
- An Roinn Oideachais agus Scileanna
- Ollscoileanna agus instidiúidí teicneolaíochta
- Oifig Cheadúnas Tiomána
- Ard-Mhúsaem na hÉireann
- Gach músaem de chuid an Stáit
Má bhíonn fadhb agat le seirbhís a fháil as Gaeilge ó dheas, tar i dteagmháil linn ag eolas@cnag.ie nó leis an gCoimisinéir Teanga ag eolas@coimisineir.ie chun cabhair agus comhairle a fháil.
Is é Rónan Ó Domhnaill an Coimisinéir Teanga faoi láthair.
Déanann sé monatóireacht ar chomhlíonadh an Achta ag comhlachtaí poiblí
Brúigh anseo le tuilleadh eolais agus acmhainní a fháil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus faoin gCoimisinéir Teanga (nasc chuig acht na dteangacha de dhíth)
An Ghaeilge Ó Thuaidh
Tá grúpa darb ainm An Dream Dearg a bhíonn ag troid ar son chearta teanga an phobail Ó Thuaidh. Bhíodar ag troid go láidir ar son Líofa (leathnú amach) scéim leis an nGaeilge a chur chun cinn, agus le déanaí bhíodar ag troid ar son cearta níos fearr a fháil do Phobal na Gaeilge Ó Thuaidh agus bhí páirt lárnach acu leis an rialtas a chur i bhfeidhm arís Ó Thuaidh i ndiaidh dó a bheith as feidhm ar feadh 3 bliana. Tá obair na gcapall ar siúl acu agus fiú go bhfuil an t-uafás bainte amach acu i dtaobh cearta phobal na Gaeilge ó thuaidh, tuigtear dóibh go bhfuil obair fós le déanamh le hAcht Gaeilge ceart a bhaint amach.
Lean an Dream Dearg ar na meáin shóisialta le fáil amach níos mó faoin bhfeachtas #AchtAnois agus le bheith páirteach ann.
Is suíomh gréasáin iontach cabhrach é cadhan.com, go háirithe má tá tú ag lorg bealaí nua leis an nGaeilge a úsaid ar líne agus ar do chuid teicneolaíochta.
Is bailiúchán d’obair Kevin Scannell, Gael-Mheireacánach, Ollamh ríomheolaíochta le Gaeilge i gColáiste éigin atá i ndiaidh an t-uafás oibre a dhéanamh leis an nGaeilge a nascadh leis an teicneolaíocht.
Feicfidh tú go bhfuil Gaelspell, Téasáras agus bhfuil tá an deis agat d’ainm a Ghaelú más maith leat ar an suíomh. Tá neart ar fáil ón suíomh agus is fiú go mór cuairt a thabhairt air leis na deiseanna éagsula atá ann an Ghaeilge a úsáid ar líne a fheiceáil.
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tá sé de ceart agat d’ainm a úsáid as Gaeilge sa tír seo, anois is arís, nó le gach doiciméad más maith leat.
Ceisteanna coitianta
- Cén Ghaeilge atá ar m’ainm?
Tá seirbhís ar fáil ó cadhan.com/gaelu/ le cabhrú leat teacht ar an leagan Gaeilge de d’ainm.
Agus an leagan Gaeilge aimsithe agat, b’fhiú é a dheimhniú le duine le taithí nó fios maidir leis seo sula mbaineann tú úsáid as ar cháipéisí oifigiúla.
- An aistriú go Gaeilge atá i gceist nó aistriú ar ais ón Bhéarla?
I go leor cásanna, ní hamháin aistriú go Gaeilge atá i gceist ach iompú ar an mbunleagan.
Mar shampla:
Bunleagan Kieran McCarthy sular cuireadh Béarla air ná Ciarán Mac Cárthaigh
Bunleagan Maeve O’Sullivan sular cuireadh Béarla air ná Méadhbh Ní Shuilleabháin
- Stair m’ainm féin
Is fiú fiosrú cén cúlra a bhaineann le d’ainm féin trí chuardach a dhéanamh ar www.sloinne.ie (sloinnte) nó
www.behindthename.com (céadainmneacha)
Cén áit le tosú
- Is fiú tosú amach ag baint úsáid as d’ainm as Gaeilge gach áit ar féidir leat nach mbíonn fianaise ag teastáil.
- Cairde
- Clubanna óige/ spóirt
- Scoil / Leabharlann
- Coláistí Samhraidh
- Is é an Pás an doiciméad oifigiúil is fearr agus is éasca le hathrú go Gaeilge
- Nuair atá d’ainm as Gaeilge ar an bPas, is leor sin mar fhianaise le d’ainm a athrú go Gaeilge ar beagnach gach uile doiciméid eile – seo thíos roinnt samplaí.
Pas
- Fianaise gur úsáid tú an t-ainm sin le breis is 6 mhí anuas
- Fianaise gur féidir a úsáid (bíonn 2 shampla ag teastáil)*
- Lítir ó dhochtúir le d’ainm as Gaeilge,
- Club Chumann Luthchleas Gael (GAA),
- Torthaí scrúdaithe ón scoil
- Litir nó cárta ón leabharlann,
- Club óige,
- Sportlann,
- Clubanna nó Ranganna Dramaíochta / Ceoil / Damhsa
- Litir ó choláiste / champa samhraidh
- Beidh rogha agat d’ainm mar atá sé ar an teastas breithe a choinneáil ar leathanach eile ar an bPás (Aitheanta mar… / Also known as…)
*Níl na roghanna thuas i scríbhinn ach cuireadh an t-eolas seo ar fáil do Chonradh na Gaeilge ar éileamh, buíochas le Oifig na bPasanna.
www.acts.ie/ga.act.2008.0004.3.html#id1207136399.03
www.irishstatutebook.ie/eli/2008/act/4/section/10/enacted/en/html#sec10
Ceadúnas Tiomána
– Fianaise de úsaid d’ainm i nGaeilge ar do phas nó ar do Chárta Sheirbhísí Poiblí ar feadh 2 bhliain
Aoischárta
Fianaise a thabhairt d’úsáid d’ainm i nGaeilge ó Theastas Breithe nó Pas nó Cárta BNGSI (Biúró Náisiúnta an Gharda Síochán
a um Imirce)
https://www.agecard.ie/forms/ihome
https://www.agecard.ie/forms/home/
Banc
Fianaise d’úsáid d’ainm ar Chárta Sheirbhísí Poiblí, Pas nó Ceadúnas Tiomána.
Bíonn fianaise de do sheoladh ag taisteál freisin.
CAO / Coláistí Tríú Leibhéal
- I go leor cásanna, bíonn ort an t-ainm a úsáideann tú ar do Theastas Breithe nó do Phas a úsáid chun iarratas CAO a dhéanamh.
- I gcásanna eile glacann an CAO leis an ainm a bhíonn in úsáid ag an scoil ar an rolla scoile mar d’ainm oifigiúil., mar sin b’fhearr labhairt le rúnaí na scoile más fearr leat d’ainm a aistriú go Gaeilge.
www.cao.ie/apply.php?page=appform&ln=i
www.cao.ie/apply.php?page=appform
Maidir leis na Coláistí Triú Leibhéal bítear ag brath ar an gColáiste an glacfaidh siad leis an ainm i nGaeilge nó nach nglacfaidh. Chun é seo a chinntiú b’fhiú d’ainm a bheith ar iarratas an CAO.