Tá eolas á bhailiú ag Coimisiún na Srúduithe Stáit maidir le cén uair is fearr an bhéaltriail atá mar chuid de scrúdú Gaeilge na hArdteiste a reáchtáil.
Ó 2022, tá béaltrialacha na Gaeilge agus na dteangacha eile á reáchtáil i rith laethanta saoire na Cásca agus tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit anois i mbun meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar an athrú.
Tá Ollscoil na Gaillimhe fostaithe ag an gCoimisiún chun tabhairt faoi thaighde ar an ábhar agus tuairimí a bhailiú ó mhúinteoirí, ó dhaltaí, ó thuismitheoirí agus caomhnóirí agus ó bhainisteoirí scoile.
Tá suirbhé ar bun ag Scoil an Oideachais san ollscoil i láthair na huaire chun eolas a bhailiú. Bainfear úsáid as an eolas a bhaileofar chun comhairle a chur ar an Aire Oideachais faoi dhátaí na mbéaltrialacha in 2024 agus ina dhiaidh sin.
Rinneadh an cinneadh na béaltrialacha a reáchtáil le linn laethanta saoire na Cásca ionas nach mbeadh múinteoirí a bhíonn i mbun na mbéaltrialacha imithe óna ranganna féin le linn an téarma scoile agus nach gcuirfí as do dhaltaí.
Bhíodh deacrachtaí ann chomh maith múinteoirí a fháil leis na béaltrialacha a dhéanamh i roinnt ábhar, an Ghaeilge ina measc, agus measadh go gcuideodh an t-athrú dáta le réiteach na faidhbe sin.
Ní raibh gach duine sásta leis an athrú, áfach, agus vótáil Aontas Múinteoirí Éireann anuraidh cur i gcoinne an athraithe.