Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu


An bhfuil spéis agat cúrsa iarchéime a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Seo daoibh ár rogha de na cúrsaí is oiriúnaí do shaol an lae inniu.

Ard Dioplóma i Léiriú Teilifíse & na Meáin Dhigiteacha

Cuireann Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT) an cúrsa seo ar fáil i gcomhpháirt le hÚdarás na Gaeltachta agus an comhlacht léiriúcháin mór le rá Nemeton TV. Tá taithí na mblianta ag Nemeton ag plé leis na stáisiúin theilifíse is mó in Éirinn: RTÉ, TG4, BBC agus Sky Sports ina measc. Cé go bhfuil an Nemeton iad féin dírithe ar chúrsaí spóirt, tá an cúrsa seo oiriúnach d’éinne a bhfuil suim acu obair a dhéanamh taobh thiar den cheamara.

Dírítear ar chúrsaí léiriúcháin, eagarthóireachta, margaíochta agus cumarsáide, mar aon leis na scileanna teicniúla atá ag teastáil; fuaim agus soilsiú cuir i gcás. Cúrsa iontach é seo a chuirfidh go mór le do scileanna praiticiúla agus teoiriciúla araon. Lean cuntas an chúrsa ar Facebook anseo nó léigh níos mó faoi anseo.

M.A san Aistriúchán Gaeilge, san Ateangaireacht agus i Scileanna Gairmiúla Teanga

Ollscoil Uladh ag glacadh le hiarratais i láthair na huaire don chúrsa seo atá dírithe ar mhic léinn a ullmhú le dul ag obair san Aontas Eorpach. Leagtar béim faoi leith ar ghnéithe áirithe leis an ullmhúchán seo a éascú le modúil ar an aistriúchán ríomhchuidithe, ar an aistriúchán ginearálta agus ar fhoclóireacht, eagarthóireacht agus tearmaíocht.

Cuirtear an cúrsa seo ar fáil ar bhonn páirtaimseartha nó lánaimseartha, agus tá tráchtas le scríobh sa teárma deireanach. Moltar an cúrsa seo dóibh siúd a a bhfuil spéis acu a bheith ag obair in earnáil an aistriúcháin ar an Mór-roinn nó in Éirinn. Tá an cúrsa seo lonnaithe ar champas Magee d’Ollscoil Uladh i nDoire. Léigh níos mó faoi anseo.

M.A/Dioplóma Iarchéime – Cleachtas Gairmiúil sna Meáin

Cúrsa spéisiúil is ea seo a chuirtear ar fáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhpháirt le RTÉ. Éiríonn leis cur chuige uathúil a sholáthar mar gheall ar an gcomhobair dhlúth a dhéantar le RTÉ. De réir chur síos an chúrsa tá ‘deis tréimhsí suntasacha a chaitheamh ar láithreacha oibre RTÉ le linn an chláir, ní mar ghnáth-intéirneach, ach mar mhac léinn a bheidh faoi stiúir acadúil leanúnach.’

Cuirtear béim mhór ar na scileanna praiticiúla atá le foghlaim faoi cheird na hiriseoirachta, na craoltóireachta agus na scríbhneoireachta. Bítear ag obair in áiteanna éagsúla, idir Bhaile na hAbhann agus Dhomhnach Broc, agus tá deis ann freastal ar imeachtaí agus ócáidí thar ceann an chraoltóra náisiúnta freisin. Léigh níos mó faoi anseo.

Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht

Cuireann Ollscoil Mhá Nuad an cúrsa seo ar fáil go iomlán ar líne le díriú ar dhaoine a bhfuil spéis acu obair le hInistitúdí an Aontais Eorpaigh amach anseo. Ar nós cúrsaí eile ar an liosta seo, cuirtear béim ar na gnéithe den teanga atá riachtanach don Aontas Eorpach: scileanna teanga, aistriúcháin agus eagarthóireachta mar aon le cinn eile nach iad.

Tá solúbthacht leis toisc gur féidir tabhairt faoi ó áit ar bith ar domhan má tá tú ag taisteal nó ar an mbóthar le do chuid oibre. Cé go mbeidh roinnt den obair le déanamh as do stuaim fhéin, cuirtear tacaíochtaí agus comhairle ar fáil ar bhonn leanúnach cé nach bhfuil aon ‘uaireanta teagmhála’ i gceist. Léigh níos mó faoi anseo.

MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun tosaigh i gcás na gcúrsaí Gaeilge a bhaineann leis an saol nua-aimseartha. Níl aon chúrsa eile sa tír a bhíonn ag plé leis an nGaeilge agus leis an teicneolaíocht le chéile i láthair na huaire seachas an cúrsa seo.

Dírítear an staidéar ar an gcúrsa seo ar an ngnó agus ar an teicneolaíocht, agus múintear scileanna agus modhanna luachmhara faoi conas anailís theicniúil a dhéanamh agus fadhbanna teicneolaíochta a réiteach go héifeachtach. Cúrsa é atá dírithe ar an mác léinn agus de réir an chur síos tá ‘deis agat taighde a dhéanamh agus saineolas a fháil trí obair a dhéanamh ar thionscadail shuimiúla a bhaineann le do chúlra agus le do spéiseanna féin.’ Léigh níos mó faoi anseo.

M.A Scríobh & Cumarsáid na Gaeilge

Cuireann Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath an cúrsa seo ar fáil do dhaoine a bhfuil spéis acu a bheith ag obair leis an nGaeilge ina saol gairmiúil. Cúrsa leathan atá ann a bhfuil an-chuid roghanna éagsúla ag baint leis. Is féidir modúil a roghnú ar na meáin chumarsáide, ar an aistriúchán, ar an ateangaireacht nó ar réimse fhairsing eile, ó chúrsaí athbheochan na Gaeilge go staidéar ar na canúintí na teanga.

Rud uathúil eile faoin gcúrsa ná gur féidir tráchtas nó tréimhse taithí oibre a dhéanamh i rith théarma an tsamhraidh. Deis mhaith í seo taithí phraicticiúil a fháil agus foghlaim faoi shuíomh oibre lán-Ghaeilge sula bhfágann tú an cúrsa go foirmeálta. Léigh níos mó faoi anseo.

Cúrsaí luachmhara eile atá ar fáil:

Cuireann Coláiste na hOllscoile Corcaigh (UCC) rogha cúrsaí iarchéime leis an nGaeilge ar fáil. Idir M.A sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa agus M.A i Léann an Aistriúcháin, déanann siad freastal ar dhaoine a bhfuil spéis acu aghaidh a thabhairt ar an Mor-Roinn. Cuireann siad cúrsa spéisiúil eile ar fáil sa Litríocht Ghaelach ar leibhéal máistreachta a mhúintear go hiomlán ar líne chomh maith.

Tá Ard–Dioplómaí a mhúintear trí mheán na Gaeilge á gcur ar fáil ag Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath a bhíonn ag díriú ar chúrsaí dlí agus aistriúcháin. Cuirtear cúrsa ar an Dlítheangeolaíocht agus ar an Aistriúchán Dlíthiúil ar fáil mar aon le cúrsa ar Dhlí–Chleachtadh trí Ghaeilge.

Cuireann Gaelchultúr, comhlacht atá lonnaithe i gcroílár Bhaile Átha Cliath Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán ar fáil chomh maith.

Cé a bhíonn ag earcú an méid is mó daoine le Gaeilge? Aimsigh gach eolas ag an nasc seo.