Priontáil
Catagóir: English
Amais: 987

“Mo Ghrá Gréine” - Treoracha céim ar chéim - Faigh an fhoirm iontrála anseo

 

Máire, a ghrá,

Tá tú níos áille ná na Kardashians agus tá tú níos fearr ar instagram. Tá tú ar fheabhas ag damhsa, glacann tu seilbh ar an urlár ar fad agus nuair a thosnaíonn tú ag bustáil moves ní féidir stop a chur leat. Le do lámha agus do chosa fada ar fud na háite – ba bheag nár bhris tú mo shrón.

Bhí mé ag glanadh mo stocaí salacha nuair a chonaic mé tú. Bhí tú ag súil leis na cailíní sa pháirc agus chuala mé tú ag gáire. Ar dtús cheap mé gur otharcharr a bhí ann.

Tá tú an-deas agus tá tú an-te. Is maith liom rudaí atá deas agus te ar nós cupán tae.

Ba mhaith liom dul go dtí an pictiúrlann agus féiníní a ghlacadh leat.

Le grá,

Pól

 

*****************************************************************************************************

Mamaí,

Tá tú ard agus, tá gruaig fhada ort. Tá súile gorma ort ar nós mise.

Tá tú an-an-deas agus tugann tú milseáin dom nuair a ghlanaim mo sheomra.

Ba mhaith liom dul go dtí an siopa leat agus níos mó milseán a fháil uait.

Le grá,

Dónal

 

******************************************************************************************************

Seán a stóir,

Tá tú íseal ach tá do chuid gruaige ard go leor leis an méid glóthach a chuireann tú ann. Fanann tú ag an ríomhaire ar feadh an lae. Ní maith leat dul amach sa ghrian.

Bhuail mé leat ar mo chéad lá i gColáiste Bhliain na Gaeilge. Bhí do spéaclaí gréine ort agus bhreathnaigh tú an-cúl go deo.

Ní réitíonn tú go maith le mo chairde, ceapann siad ar fad go bhfuil tú as do mheabhair. Ach is breá liom tú.

An rachfá amach go dtí an baile mór liom le Supermacs a fháil?

Le grá,

Síomha