Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
amhran-na-haoine-fasta

Amhrán na hAoine: Fásta

| NÓS Suíomh Gréasáin |

D’eisigh an ceoltóir Lauren Ní Chasaide físeán nua ceoil an tseachtain seo dá hamhrán nuachumhtha ‘Fásta’. Labhair NÓS leis an mBleá Cliathach ceolmhar le fáil amach céard a spreag í le dul i mbun cumadóireachta. 

Abair linn  faoi chúlra an amhráin. 

Scríobh mé an t-amhrán os cionn bliana ó shin, dhá shamhradh ó shin, is dóigh. Is amhrán faoi na drochrudaí a tharlaíonn sa saol, agus na deacrachtaí a bhíonn ag an duine déileáil leo. Bhí mé ag iarraidh a rá le duine ar leith ann go mbeadh gach rud ceart go leor, ach is dóigh go bhféadfá a rá go raibh mé ag labhairt liom freisin, bhí an dá rud i gceist. 

Baineann sé le rud éigin a ligean thart nó duine éigin a bhfuil grá agat dó a scaoileadh saor ó do shaol. Bíonn sé deacair nuair a chaithfear dul ar choimirce na cinniúna, nuair nach mbíonn a fhios agat an é an rud le déanamh. Tuigim go bhfuil an baol ann anois go bhfuil cur síos seo ag druidim i dtreo ‘The Climb’ le Miley Cyrus, ach bhí an ceart ar fad aici, bean chríonna! Uaireanta caithfear dul i  bhfad ó rud éigin le meas agus tuiscint iomlán a bheith agat air. 

Cén chaoi a gcumann tusa amhrán?

Is iondúil go dtagann na focail agus an ceol chugam thart ar an am céanna agus mé ag scríobh amhráin, agus bíonn an próiseas scríofa ar siúl i gcónaí. Do ‘Fásta’, tháinig an fonn chugam cúpla lá roimh ré. Bím ag canadh liom féin, déanaim taifead ar an gceol sin agus éistim siar leis agus na hamhráin á gcumadh agam. Mar a tharlaíonn sé, bhí mé ar an mbus ag éisteacht leis an taifead nuair a thosaigh mé ag scríobh ‘Fásta’. Tháinig an rud ar fad le chéile in aon lá amháin.

Cé as a dtáinig an coincheap don fhísean?

Bhuail mé le Seán Ó Ciardha, agus cara eile linn Oisín Mistéil, a bhíonn ag déanamh físeáin agus atá an-chruthaitheach. Bhí roinnt smaointe agam d’fhíseán, bhí rud thar a bheith simplí uaim ar dtús, agus bhí Seán agus Oisín ag iarraidh rudaí a bhí cineál crazy a dhéanamh. Tháinig muid triúr aníos le físeán greannmhar gleoite a réitíonn go maith leis an amhrán. 

Aon phleananna móra agat?

Tá an t-aiseolas atá faighte agam go dtí seo faoin bhfíseán an-dearfach ar fad, agus tá sé i gceist agam tuilleadh ceoil a scríobh. Bím ag obair i rith na seachtaine agus tá sé deacair an t-am a fháil a bheith ag plé leis an gceol. Níl aon phlean mór agam rud a chur amach i mbliana, ach beidh mé i gcónaí ag cur ceoil agus físeán le chéile. Tá an samhradh ag teacht anois agus beidh go leor féilte ar siúl, mar sin tá mé ag súil go mór le bheith i láthair acu sin. 

Níos mó
NÓS | NÓS