Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
eagarthoir-nos-le-rith-i-maraton-new-york

Eagarthóir NÓS le rith i Maratón New York

Beidh eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, ag rith i Maratón New York ag deireadh na bliana seo ar son Chumann Ailse na hÉireann. Tá súil ag Maitiú €6,000 a bhailiú don charthanacht a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine a bhfuil ailse orthu, dá dteaghlaigh, agus a chuireann airgead ar fáil do thaighde in aghaidh an ghalair. 

leathanach Go Fund Me oscailte ag Maitiú le hairgead a thiomsú do Chumann Ailse na hÉireann, agus beidh imeachtaí tiomsaithe airgid á reáchtáil aige amach anseo freisin.  

Beidh an rás mór ar siúl i gcathair New York ag tús mhí na Samhna, agus rithfidh na lúthchleasaithe trí chúig ‘Bhuirg’ na cathrach — The Bronx, Brooklyn, Queens, Staten Island, agus Manhattan féin.

Seo é an chéad uair a rithfidh Maitiú maratón, cé go bhfuil rásaí atá i bhfad níos giorra ná an 42km rite aige roimhe seo. 

“Tá maratóin déanta ag go leor cairde liom, agus meas mór agam orthu dá bharr, ach nuair d’fhiafraítí díom an mbeadh spéis agamsa ceann a dhéanamh, deirinn riamh nach mbeadh. Is dóigh nár chreid mé go bhféadfainn éacht mar é a bhaint amach. I ndiaidh dom an turas mór rothaíochta a dhéanamh an bhliain seo caite, áfach, thosaigh mé ag smaoineamh ar dhúshláin mhóra eile. 

“Tháinig fógra ó Chumann Ailse na hÉireann aníos ar na meáin shóisialta agus iad ag lorg reathaithe a rithfeadh i maratóin idirnáisiúnta ar a son. Bhí rogha ann idir London, Chicago, Paris  agus cúpla cathair eile. Roghnaigh mé New York toisc gurb é an maratón is mó ar domhan é, agus go bhfuil grá agam don chathair sin,”  a dúirt sé. 

Chríochnaigh thart ar 53,000 reathaí cúrsa na bliana  seo caite, agus chláraigh breis agus 98,000 duine leis an rá an bhliain roimhe sin. Tá Maratón New York á reáchtáil ag an gcumann New York Road Runners le beagnach 50 bliain anuas. Sa bhliain 2011, chríochnaigh Geoffrey Mutai, an cúrsa in 2:05:05. Is ag Geoffrey atá an curiarracht domhanda  don mharatón is sciobtha riamh,  onóir a bhuaigh sé nuair a chríochnaigh sé maratón Boston in 2:03:02. 

“Níl aon údar imní ag Geoffrey Mutai! Ní bheidh mé ag díriú ar chúrsaí ama ar chor ar bith, dáiríre, ach an cúrsa a chríochnú agus an t-airgead do Chumann Ailse na hÉireann a bhailiú. Bhí ailse ar m’athair agus fuair sé bás ag deireadh na bliana 2017, tá súil agam go gcabhróidh an t-airgead a bhaileoidh mé le daoine atá ag fulaingt i láthair na huaire agus lena dteaghlaigh. 

“Tá an traenáil tosaithe cheana féin, agus cúpla rás éagsúil rite go dtí seo. Is fearr liom i bhfad rásaí eachtraíochta ar shliabh nó ar phortach, mar sin beidh orm dul i dtaithí ar an tarramhacadam go beo,” a dúirt sé. 

Níos mó
NÓS | NÓS