Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
goilleann-se-orm-go-roghnaitear-droim-laimhe-a-thabhairt-don-vacsainiu

Goilleann sé orm go roghnaítear droim láimhe a thabhairt don vacsaíniú

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Le seachtain, tháinig an scéala go raibh bean óg as Contae an Chláir tar éis bháis de bharr ailse. 26 bliain d’aois a bhí Laura Brennan, agus mharaigh ailse cheirbheacs í. 

Foilsíodh físeán di le deireanaí, agus í ag caint ar an vacsaín HPV, ag rá gur faraor ghéar nach bhfuair sí é. Ainneoin gur bean óg a bhí inti, bhí sí róshean don vaicsín nuair tosaíodh á tabhairt do chailíní sa scoil. 

Goilleann sé orm féin nuair a chasaim le daoine a roghnaíonn droim láimhe a thabhairt do chomhairle dochtúra agus saineolaithe faoi vacsaíniú. Ach níl a fhios agam go mbeadh sé de láidreacht ionam feachtasaíocht go poiblí ar an ábhar agus mé i mbarr mo shláinte. Ghoill sé chomh mór sin ar Laura Brennan, agus cé go raibh sí ag fáil bháis, go ndeachaigh sí ag obair ag impí ar dhaoine an vacsaín a fháil.

Cé go raibh sí go dona tinn, níor stop sé sin daoine ag feachtasaíocht ina haghaidh, agus in aghaidh gach cineál fianaise atá againn go n-oibríonn vacsaíniú agus go bhfuil siad sábháilte. 

Tá sé in am deireadh a chur leis seo, agus deireadh a chur le mná óga ag fáil bháis. An rud is measa a dhéanfaidh vacsaín an HPV ná beagán pian a chothú san áit a thabharfar an tsnáthaid. Cuirfidh frithghníomhú ailléirgeach as do chailín amháin as milliún. Is fearr sin fós ná ailse. 

Chonaic mé Laura Brennan ag caint faoin mbail a d’fhág an tinneas seo uirthi. D’fhulaing sí ceimiteiripe agus radaíocht. Chaith sí laethanta ina luí ar an urlár in aice leis an leithreas, nó sa leaba agus mias aici ag cur amach. Rinneadh damáiste dá putóga agus dá lamhnán. Bean óg a bhí inti agus bhí deireadh míostraithe ag dul di. Bhí pian uafásach uirthi. Mharaigh sé í.

Cé go raibh sé seo ar fad i ndán di, lean sí ag feachtasaíocht agus ag déileáil le daoine gránna a d’ionsaigh í ag rá go raibh comhlachtaí móra cógaisíochta á híoc. Nó go raibh an milleán uirthi féin, mar arnó, go hiondúil, tá baint ag an ngnéas leis an ailse seo. Dá mbeadh sí ina cailín ‘maith’ ní bheadh sé tolgtha aici. 

Má tá aon imní ort faoi aon vacsaín a fháil, nó ceann a thabhairt do pháiste, smaoinigh orthu go dona tinn agus ag fáil bháis. Tá rudaí go dona nuair a chaithfidh bean óg atá ag fáil bháis dul ar camchuairt ar fud na tíre in iarracht cur ina luí ar thuismitheoirí vacsaín a chinnteoidh nach dtarlóidh an rud céanna dá gcuid iníonacha, a thabhairt dóibh. 

Fiú más féidir fáil réidh leis an ailse seo, tá an próiseas fada, crua agus gruama.

Ach an oiread le Emma Mhic Mhathúna, bhí tionchar ag Laura ar chúrsaí. Ó thosaigh Laura ar a cuid oibre, tháinig ardú 20% ar an líon cailíní a fuair an vacsaín. Is é an trua mór go bhfuil aithne ar bith againn ar na mná cróga seo. 

Níos mó
NÓS | NÓS