Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs

Láithreoir Teilifíse

Cad is ainm duit?

Caitlín Nic Aoidh

Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair? 

Bím ag obair in earnáil na teilifíse le TG4. Is láithreoir aimsire agus leanúnachais mé. 


Cad a bhí mar spreagadh agat dul ag obair leis an nGaeilge?

Rugadh agus tógadh le Gaeilge mé. Tá mo chroí ‘s anam sa Ghaeilge agus bhí mé i gconaí ag iarraidh poist a fháil ag úsaid mo theanga dhúchais. 


Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

Bhí baint ag an nGaeilge leis an gcúlra atá agam. Rinne mé céim sa Ghaeilge agus sa cheol ó Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Rinne mé máistreacht sa Ghaeilge ón chólaiste céanna. Ina dhiaidh sin shocraigh mé an Dioplóma Gairmúil san Oideachas agus Dioplóma i Scileanna Aistriúcháin a dhéanamh in Ollscoil Éireann Gaillimh.

Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

Is breá liom gach ball foirne atá ag obair liom i TG4, cúrsaí aimsire ar ndóigh agus an saoirse atá againn a bheith cruthaitheach agus muid i mbun ár gcuid oibre. Faigheann muid go leor deiseanna le rudaí spéisiúla a dhéanamh agus triail a bhaint as rudaí úra, gné den phost atá iontach luachmhar measaim féin.


An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

Bíonn an deis agam í a úsáid go rialta, le mo theaghlach, mo chairde, daoine ag an bhaile agus le daoine ar líne ar ndóigh chomh maith.

Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?

Is iomaí dualgas éagsúil atá agam ag brath ar an lá: an aimsir a láithriú, míreanna leanúnacháis a thaifead agus a chleachtadh, obair ar chuntais TG4 ar na meáin shóisialta agus VO’s. (Guthú a dhéanamh ar fhógraí agus ábhair eile de chuid an stáisiúin)


Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

Úsáid í, ná bíodh eagla ar bith ort botún a dhéanamh riamh. Is é cleachtadh a dhéanann máistreacht. Tá go leor deiseanna ann agus mar a dúirt mo mháthair liom fadó, “osclaíonn an Ghaeilge doirse”.  Ag breathnú ar an áit atáim anois, is léir go raibh an ceart aici.

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge