Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Five Tips
  • Mionchéimeanna duitse leis an nGaeilge a chur chun cinn

Mionchéimeanna duitse leis an nGaeilge a chur chun cinn

Bíonn sé deacair uaireanta do chuid Gaeilge a úsáid ar bhonn laethúil mar gheall go bhfuil Béarla le feiceáil thart timpeall ort; sna siopaí, ar na sráideanna, sna meáin fiú.

Seo daoibh, áfach, roinnt bealaí le stádas na teanga a threisiú sa tsochaí. Lean na céimeanna simplí seo chun do chuid a dhéanamh ar son na Gaeilge.

Bíonn lucht cáinte na nGael i gcónaí ag iarraidh cur ina luí nach mbíonn éileamh ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil as Gaeilge. Breis ‘s bliain ó shin d’fhógair údarás Bhanc na hÉireann go gcuirfear deireadh leis an rogha Gaeilge ar a gcuid UMB cuir i gcás.

Ar mhaithe le dul i gcoinne an luchta dhiúltaigh seo, bí cinnte go roghnaíonn tú An Ghaeilge mar do theanga úsáideora ar UMB Bhanc na hÉireann timpeall na tíre más ann don rogha, tá sé fós ar fáil in áiteanna! Is ionann an cás do shuíomhanna gréasáin, meaisíní ticéid agus eile. Más Gael thú, déan cinnte go mbaineann tú úsáid as an rogha Ghaeilge a thugtar duit.


Mar gheall ar stádas na Gaeilge sa tsochaí faoi láthair tá gá le seasamh ar son na gceart teanga atá i dteideal againn. Cuireadh An Coimisinéir Teanga ar bun sa bhliain 2003 chun foras a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann, foras a bhféadfaí dul i dteagmháil leis má fheictear sárú ar na cearta teanga atá againn.

Caithfidh suíomhanna gréasáin (má tá polasaí teanga ag an eagraíocht), foirmeacha stáit, comharthaí bóthair agus roinnt rudaí eile a bhfuil cosaint dhlíthúil acu a bheith curtha ar fáil go dátheangach. Tá níos mó eolais faoi do chearta anseo nó is féidir gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga anseo.


Bíonn na daoine éadóchasacha sin ag rá nach mbíonn an Ghaeilge le cloisteáil nó nach mbíonn sí le feiscint timpeall na tíre. Is comhartha aitheantais é an fáinne a chuireann in iúl go bhfuil Gaeilge ag an té atá á chaitheamh. Más duine le Gaeilge thú, molann muid daoibh an fáinne a chaitheamh go bródúil le taispeáint don saol mór go bhfuil líofacht agat i dteanga dhúchais na tíre seo.

Cuirfear an duine éadóchasach sin ag machnamh agus spreagfaidh sé an duine eile sin le Gaeilge chun gnímh b’fhéidir. Dar le taighde úr atá déanta ag Conradh na Gaeilge ar an bhfáinne léirítear go n-aithníonn breis agus leath na ndaoine ó dheas agus ceathrú na ndaoine ó thuaidh gur siombail é An Fáinne a léiríonn líofacht sa Ghaeilge. Caith súil ar an taighde sin anseo, nó ceannaigh an fáinne anseo.

Clositear go minic i saol na Gaeilge an choincheap sin maidir le normalú a dhéanamh ar úsáid na teanga. Is féidir leatsa na mionchéimeanna sin a thógáil le cur leis an normalú sin agus tá cúpla bealach lena leithéid a chur i ngníomh. Abair ‘Go raibh maith agat’ leis an tiománaí bus, tabhair ‘Slán’ don chara sin ar bhuail tú léi don lón, nó ‘Le do thoil’ a úsáid in ionad ‘please’ ag an gcuntar deilí.

Déanann na mionphíosaí seo an-difir go deo do stádas na teanga. Más maith linn an Ghaeilge i chur ar ais i measc an phobail mar theanga labhartha, cinnte go ndéanfaidh na habairtí simplí seo an teanga a normalú arís.


Má bhíonn tú ag obair i suíomh oibre ina bhfuil an Béarla ina phríomhtheanga cumarsáide tuigeann muid go mbeadh sé deacair Gaeilge a labhairt. Ach é sin ráite tá bealaí ann gur féidir í a spreagadh i measc na gcomhghleacaithe atá agat. Cuir in iúl dóibh go bhfuil líofacht agat sa Ghaeilge, agus déan iarracht í a labhairt le héinne eile san oifig a bhfuil cúpla focal aige nó aici.

D’fhéadfá fiú maidineacha caife nó grúpa Gaeilge a thosú san obair le níos mó deiseanna a chur ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a úsáid. Beidh tú i do dhea-eiseamláir do dhaoine nach bhfuil líofacht acu agus i do lárphointe foghlamtha dóibh siúd a bhfuil dúil acu an Ghaeilge a fhoghlaim.

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge