Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs

9 rud a d’fhoghlaim mé ó oilithreacht Loch Dearg

Michaeline Donnelly

I mí Lúnasa seo caite, thug mé faoi Oilithreacht trí lá ar Phurgadóir Naomh Pádraig, nó Loch Dearg mar is fearr aithne air.

Tá daoine ag teacht chuig an oileán beag seo le beagnach míle bliain leis an turas céanna a dhéanamh, agus bíonn na sluaite ag tarraingt ar an talamh naofa gach lá i rith an tsamhraidh le trí lá a chaitheamh gan bhróga, ar bheagán bia agus gan chodladh don chuid is mó, le bheith ag guí, ag déanamh machnaimh, ag smaoineamh, nó ag gabháil buíochais.

Tá a fháth féin ag gach uile dhuine a thugann faoin dúshlán, agus is iomaí duine a bhfuil traidisiún sa chlann acu ag dul siar na glúnta.

Is amhlaidh a bhí dom féin.

Cailleadh mo mhamó i mí Eanáir na bliana seo caite, bean iontach cráifeach, a raibh Loch Dearg déanta aici b’fhéidir daichead uair ina saol.

Caithfidh mé a rá nárbh í an dúthracht ná an chráifeacht a bhí aici siúd a spreag mé féin dul ann ach teann fiosrachta agus ar mhaithe le dúshláin phearsanta a shocraigh mé cosa (nochta) a leagan ar an talamh naofa sin.

Seo thíos naoi rud a d’fhoghlaim mé ón turas sin, thart ar na naoi staisiún, agus i gcaitheamh na dtrí lá sin.

Ní bheidh mé riamh in am do rud ar bith!

Ar eagla nach raibh sin foghlamtha agam le 31 bhliain, is beag nár chaill mé an bád deireanach ag dul trasna chuig an oileán. Is dócha go mbeadh deis éalaithe agam ansin ach fuair mé an bád, agus áthas orm anois go bhfuair!

 Is maith liom rudaí a dhéanamh ar mo bhealach féin, ach tá sé ceart go leor ligint do dhaoine eile cuidiú leat 

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé iontach sásta gur thug mé faoin dúshlán seo mé féin. Thug sé deis dom rudaí a oibriú amach dom féin i m’am féin, a bheith ag smaoineamh go domhain nuair a bhí mé ag iarraidh, bualadh le go leor daoine nua, agus gan a bheith ag mothú aon bhrú ó dhuine ar bith eile. É sin ráite, ba dheas liom go raibh daoine eile thart orm, mo mhamaí go háirithe ar an chéad lá nuair a bhí tacaíocht de dhíth. D’fhoghlaim mé nach gá dom rudaí a dhéanamh liom féin i gcónaí.

 Tá sé ceart go leor gan a bheith ag déanamh rud éigin gach uair den lá

Ba cheacht crua é seo dom. Is maith liom a bheith gnóthach i gcónaí, ach ar an oileán síochánta sin, níl áit ar bith le dul, níl guthán agat le bheith ag amharc ar ríomhphoist oibre, níl scáileáin ar bith ann. Níl ann ach spás agus am! I ndaíríre, is faoiseamh a bhí ann dom gan a bheith ag smaoineamh ar chúrsaí oibre an t-am ar fad.

– Ná bíodh eagla ort do dheora a thaispeáint

Bhí eispéireas iontach cumhachtach agam nuair a chuaigh mé chun faoistine. Tháinig go leor rudaí amach a bhí gafa ionam le tamall iontach fada, agus faoiseamh ollmhór a bhí ann scaoileadh leo.

 Cuir. Síos. An. Guthán.

Níl sé de dhíth. Níl rud ar bith ag tarlú ar Facebook. Gabh amach is amharc ar éirí agus luí na gréine, nó gabh agus labhair le duine éigin nua. Déan ceangal ceart leat féin agus le daoine eile.

 Tá blas ar an bheagán

Duine ar bith a bhfuil an Oilithreacht déanta acu roimhe, tuigfidh siad chomh binn blasta is a bhíonn an t-arán rosta tirim, an t-aon bhéile sa lá ansin, nó ‘anraith Loch Dearg’ (uisce te le salann agus piobar ann). Ba cheacht aireachais é i ndáiríre.

 Tá go leor le foghlaim ó dhaoine níos sine

Bhain mé an-sult as an eispéireas idirghlúine ar an oileán, agus bhí deis agam labhairt le daoine ó achan chearn den tír, ó gach aois agus ó gach cúlra. I bhfírinne, mhothaigh mé go raibh na daoine óga a bhí ansin ag streachailt i bhfad níos mó ná na daoine níos sine. Bhí bean 82 bliana d’aois ar an oileán, agus í go hiomlán cromtha, ach choinnigh sí uirthi leis na staisiúin ar fad. Spreag sí mé le coinneáil ag dul le linn na hoíche, agus mhothaigh mé go raibh mé ag siúl i gcoiscéimeanna mo mhamó arís.

 Tá an-sólás ann sa chreideamh

Ní duine róchráifeach mé, agus uaireanta mhothaigh mé soiniciúil agus sceiptiúil agus mé ag éisteacht leis na páidreacha céanna arís is arís. Ach rinne mé iarracht sin uilig a fhágáil taobh thiar díom ar an mhórthír, agus cé nach gcreidim féin i ngach rud a bhí á rá ar an oileán, níl aon amhras agam ach go bhfuil cumhacht agus spiorad ar leith ann.

 Tá mé i bhfad níos láidre ná mar a shíl mé

Níl aon amhras ach gur dúshlán ollmhór í an Oilithreacht, go fisiciúil agus ar leibhéal mothúchánach agus spioradálta. Bhí mé fuar, bhí mé tuirseach, bhí ocras orm, bhí mé dubh dóite, ach d’éirigh liom sa deireadh, agus níl léamh ná scríobh ná inse béil ar a éadroime agus a mhothaigh mé ag fágáil an oileáin dom.

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge