Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs

An bhfeicfear aisling Lyra?

Concubhar Ó Liatháin

“The Ceasefire Babies was what they called us. Those too young to remember the worst of the terror because we were either in nappies or just out of them when the Provisional IRA ceasefire was called. I was four, Jonny was three. We were the Good Friday Agreement generation, destined to never witness the horrors of war but to reap the spoils of peace. The spoils just never seemed to reach us.” Lyra McKee – https://mosaicscience.com/story/conflict-suicide-northern-ireland/

Toisc nach raibh aithne agam ar Lyra McKee sarar cailleadh í, léigh mé roinnt dá saothar ar líne tar éis a dúnmharaithe fhealltaigh nuair a bhí sí ina seasamh ar chúl líne póilíní i nDoire oíche Déardaoin Naofa.

Maidin lá arna mhárach a chuala mé an drochscéala agus thug sé mé ar ais go dtí an mhaidin sin bliain is fiche roimhe, maidin Aoine an Chéasta.

An mhaidin sin ba scéal dóchais a mhúscail mé i mBéal Feirste, áit, an tráth sin, a rabhas i mo chónaí ar feadh níos lú ná dhá bhliain an uair sin.

Scéal a tháinig ó Stormont a bhí ann, áit a raibh comhaontú á shroichint ar a dtabharfaí ‘Comhaontú Aoine an Chéasta’, comhaontú as a dtiocfadh rialtas comhroinnte is todhchaí nua do na sé chontae.

Spreag sin dóchas ionam agus mé i mbun comhlacht léirithe teilifíse an uair sin, agus ag súil go mbeadh rath ar thionscal teilifíse Gaeilge faoin réimeas nua.

Níor mhair an comhlacht teilifíse rófhada, cé go bhfuil an dóchas beo go fóill.

Ná tóg orm go bhfuilim ag fiosrú na nascanna nó na macallaí le saol Lyra a aithním i mo shaol féin.

Sin rud nádúrtha daonna le déanamh, creidim.

Go deimhin tá sé ríthábhachtach go dtarlódh sé seo ar mhaithe le go dtuigfimis nach cluiche é seo a bhuann tú, mar a mhaígh Arlene Foster lena teanga go daingean ina pluc, 5-0.

Seo ár saol. 

Ba iriseoir í Lyra.

Is iriseoir mise atá ag scríobh ailt fúithi agus faoin gclaochlú polaitiúil a bheidh ann de bharr a dúnmharaithe, tá súil againn.

(Ar eagla na míthuisceana, is d’aon ghnó nach bhfuilim ag lua ainm an ghrúpa a scaoil an piléar marfach.)

Chuaigh sí ag bualadh lena cairde i dtábhairne a thaithin liom féin dul ann agus an comhluadar a théamh ann.

Táimse Gaelach. Bhí sí aerach. Imeallaithe.

Cosúil agus éagsúil.

Sin an rud nach dóigh liom go dtuigeann na polaiteoirí a bhí ina suí sna suíocháin tosaigh ag sochraid Lyra.

Tá siad róghafa lena ndomhan féin le feiscint cad é atá á shéanadh acu ar ghlúin Lyra, dream a bhfuil níos lú suime acu i mbratacha agus náisiúntacht seachas mar atá acu i saol is todhchaí níos fearr dóibh féin agus do na glúinte a thiocfaidh ina ndiaidh.

Sin an chúis, creidim, ar ghlac sé dúnmharú Lyra McKee chun iad a thabhairt le chéile Aoine an Chéasta ar an láthair a tharla an marú.

An freagra ar an gceist a chuir an tAthair Martin Magill ag an tsocraid in Ard Eaglais Naomh Áine, b’fhéidir?

Anois agus sinn ag féachaint chun tosaigh, táimid ag iarraidh a dhéanamh amach cad a tharlóidh ag cainteanna uile-pháirtí nuair a ghairmfear iad agus fonn ar gach duine tabhairt faoi theacht ar chomhaontú uair amháin eile, comhaontú a d’fhéadfadh an glas atá ar an dul chun cinn a scaoileadh. 

An féidir le Arlene Foster a páirtí agus, níos tábhachtaí de bharr na céille a cheannamar anuraidh, an chosmhuintir san Ord Oráisteach agus na grúpaí paraimíleatacha dílseacha, a thabhairt léi chun glacadh le beartais atá ar fáil i ngach cuid eile de na hoileáin seo – pósadh aon ghnéis, ceart na mban i leith a sláinte féin, cearta teanga, gné laidir Eorpach is Éireannach i saol na sé contae?

An mbeidh sí ábalta, an bhfuil fonn uirthi go fiú, glacadh leis go bhfuil daoine le léargais eile ar an saol seachas léargas aontachtach bunaithe ar an mBíobla agus go gcaithfear spás cothrom a chur ar fáil dóibh ‘i dTuaisceart Éireann’?

Maidir le Mary Lou McDonald agus Sinn Féin, an bhfuil siad sásta glacadh le ‘saol níos fearr i dTuaisceart Éireann’ seachas an streachailt leanúnach ar son reifreann faoin teorainn is tuilleadh scoilte is diospóireachtaí lasmhara ar na haerthonnta?

An féidir leo slí éigin a chumadh chun gaiscí a gcomrádaithe san IRA a thabhairt chun cuimhne gan nimh bhreise a dhoirteadh i ngontaí gaolta na n-íospartach?

Mura féidir leis an dá pháirtí sin teacht ar chomhthuiscintí ar na ceisteanna seo, tá eagla orm gur bás in aisce ab ea é dúnmharú Lyra.

Nílimse den tuairim go mbeidh feabhas suntasach ar riaradh na n-ospidéal ná cúrsaí oideachais le hairí áitiúla i bpost agus an feidhmeannas ar ais ag feidhmiú go mífheidhmeach mar a bhí go dtí seo. 

An oiread is a chreidim gurb ionann Riail Díreach ó Westminster ar na sé contae agus mírialtas iomlán – gan dabhta ba faoi réim ‘mhífheidhmiúil’ Stormont a tharla scannal an RHI, gan trácht ar go leor scannal eile. 

Scannal ní ba mhó ná sin gur éirigh leis an DUP agus le Sinn Féin eatarthu cur chuige lofa treibheach a neadú mar cuid dár ngnathshaol le linn dóibh a bheith i gcumhacht.

Bhí sé maith go leor le linn a réimis go bhfuair daoine poist ardtuarastail nach raibh fiú fógartha; bhí sé maith go leor lena linn go raibh polaiteoirí á ‘dtoghadh’ ar an bhFeidhmeannas gan dul os comhair an phobail ar chor ar bith; bhí sé maith go leor lena linn go raibh deontais á roinnt ar chúltéarmaí ar chairde na bpáirtithe amuigh i measc an phobail.

Bhí seo ar fad ag titim amach os comhair ár súl agus ghlacamar leis, go deimhin mhéadaíomar ar ár dtacaíocht don dá pháirtí.

Ní dóigh liom gurb ionann filleadh an ‘tsaoil mar a bhí’ faoin sean-Fheidhmeannas agus fíorú aisling Lyra McKee go mbeadh ‘saol níos fearr ann’.

Ní aisling Lyra amháin é seo gan amhras ach b’shin ceann de na rudaí óna peann a léigh mé is a chuaigh i bhfeidhm orm. 

Má tá tús nua le bheith le Stormont, ba chóir ‘saol níos fearr do chách’ a bheith mar an sprioc ag na páirtithe is iad ag dul ann.  Seachas sin is caint san aer is in aisce an méid atá ráite acu agus iad ag caoineadh na ndeor bréige ar son Lyra McKee.  Doirteadh fuil a beatha siúd agus í ag súil le saol níos fearr di féin agus dá clann is cairde. 

Ar son a cuimhne, agus ar ár son féin, ná doirtear braon fola ná deoir bhréige eile.

“The end of tears, no more lament, immutable stands this event.” Drámaí Theba le Sophocles

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge