Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
an-feidir-pairc-na-mara-i-gcill-chiarain-a-tharrthail

An féidir Páirc na Mara i gCill Chiaráin a tharrtháil?

| John Walsh |

Dúisíonn an diúltú atá déanta ag an mBord Pleanála ar an gcéad chéim den fhorbairt ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara ceist mhór faoina bhfuil i ndán do thionscal na mbradán feilme ar chóstaí na gceantar Gaeltachta. Lena chois sin, cuireann sé práinn bhreise leis an gceist faoi tharrtháil na gceantar Gaeltachta seo ar imeall na hÉireann ón gcúlú eacnamaíochta agus sóisialta atá ag tarlú iontu le fada an lá.

Tá Údarás na Gaeltachta ag leagan béime ar fhorbairt na n-acmhainní nádúrtha sna ceantair seo mar gur léir go bhfuil sé beagnach dodhéanta – ar an gcaoi a bhfuil an saol anois – tionsclóirí as an taobh amuigh a mhealladh isteach.

Is é atá tarlaithe i gcás Pháirc na Mara i gCill Chiaráin ná gur ghlac an Bord Pleanála leis an agóid a bhí déanta ag an dream ‘Cuan na Gaillimhe in aghaidh Cliabháin Bhradáin’ . Bhí cead pleanála tugtha anuraidh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do chéim a haon ar Pháirc na Mara – cúpla oifig agus roinnt bunseirbhísí ar an suíomh –ach thug an grúpa in aghaidh na feilméarachta bradán an cás go dtí an Bord Pleanála.

Tar éis bliain ar suíochán ar an scéal bhí cigire an Bhoird a bhí ag láimhsiú an cháis i bhfabhar ligean leis an gcéad chéim den obair ar Pháirc na Mara. Ach níor aontaigh an Bord Pleanála le moladh an chigire sin acu féin agus dhiúltaíodar don obair a bhí beartaithe.

Is é atá i gceist i dtionscnamh Pháirc na Mara ná réimse tionscal a bheadh bainteach le hobair mhara agus chladaigh chomh maith le hionaid thaighde agus nua-eolaíochta ar shuíomh atá cúpla míle soir ó shráidbhaile Chill Chiaráin in Iorras Aithneach. Tá an ceantar sin leathchéad míle siar ó chathair na Gaillimhe. Meastar go bhféadfadh 200 post a bheith ag baint leis dá dtabharfaí an plean chun críche. Is cuid de phlean náisiúnta fostaíochta an Rialtais í Páirc na Mara agus tá acmhainní go leor caite le réiteach an phlean.

Is fada an dífhostaíocht ag dul in olcas sa taobh sin tíre agus an daonra – go háirithe an daonra óg – ag laghdú. Tugann figiúirí scoile léargas ar an scéal: tá os cionn 50% de laghdú ar an daonra bunscoile i gcomórtas leis an gcaoi a raibh sé deich mbliana fichead ó shin.

Ceantar an-láidir Gaeltachta é an taobh sin tíre agus na pobail máguaird – Ros Muc agus Camas – a bhfuil chuile orlach de chuile phobal acu curtha i gCatagóir A Gaeltachta ag údair an Staidéir Chuimsithigh Teangeolaíochta.

Feictear d’Údarás na Gaeltachta gur forbairt láidir ar na hacmhainní nádúrtha an bealach is fearr – an t-aon bhealach, b’fhéidir – le bonn níos daingne a chur faoi Ghaeltacht iarthar Chonamara. Tá an fharraige agus an cladach ar an gceann is mó de na hacmhainní sin. Is dá bharr sin atá an bhéim mhór curtha ag an Údarás agus ag an bPríomhfheidhmeannach ansin, Micheál Ó hÉanaigh, ar Pháirc na Mara.

Chonaic chuile dhuine an t-adhmad a bhí le baint as an gcinneadh is déanaí seo ón mBord Pleanála nuair a reáchtáladh cruinniú den Choiste Comhairleach atá ag déanamh monatóireachta ar Phlean Cúig Bliana Forbartha d’Iorras Aithneach an oíche cheana. Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta agus baill de choistí éagsúla in Iorras Aithneach atá páirteach sa gCoiste Comhairleach. Ceist amháin a bhí in intinn chuile dhuine ag an gcruinniú in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna. Murar féidir cúpla oifig a thógáil ar Pháirc na Mara, cén chaoi a bhféadfaí a ghabháil ar aghaidh le forbairt mhór a chosnódh na milliúin agus ina mbeadh réimse leathan de thionscail mhara?

Tá sé i gceist anois ag Údarás na Gaeltachta staidéar a dhéanamh ar bhreithiúnas an Bhoird Phleanála sula ndéanfar socrú ar bith eile. Ach deir an Príomhfheidhmeannach, Micheál Ó hÉanaigh, nach mbeifear ag cúlú ón iarracht le Páirc na Mara a fhorbairt. Teastaíonn sí, a deir seisean, ar mhaithe le heacnamaíocht Ghaeltacht iarthar Chonamara.

Ach maireann na constaicí atá le sárú.

Ar an gcéad iarraidh tá os cionn 70% de Chonamara caomhnaithe faoi chóras timpeallachta an Aontais Eorpaigh, faoi scéim na gCeantar Speisialta Caomhnaithe (SAC). Tá Cuan Chill Chiaráin, atá buailte ar shuíomh Pháirc na Mara ina SAC agus aon dochar a d’fhéadfadh tarlú dó luaite sa diúltú ar an gcead pleanála do Pháirc na Mara. ‘Laghdaíonn an caomhnú seo an spás atá ann le haghaidh gníomhaíochtaí éagsúla, go háirithe b’fhéidir, obair ar acmhainní nádúrtha. Bíonn acmhainní nádúrtha, mar a thuigtear an fhoclaíocht sin go hiondúil, fite fuaite sa timpeallacht fhisiciúil.’

Chomh maith leis sin, tá ceist na conspóide faoin bhfeilméaracht bradán ann.

Tá níos mó ná tionscal na mbradán i gceist ar Pháirc na Mara ach tuigeann an dream atá imníoch faoi fhorbairt na feilméaracha éisc gur dóigh ná a mhalairt go mbeadh cuid éigin d’obair na mbradán feilme i gceist ann. Tá an ghluaiseacht in aghaidh thionscal na mbradán an-eagraithe in iarthar na hÉireann ach ní sa tír seo amháin atá an ghluaiseacht sin glórach. Tá glórtha in aghaidh na mbradán feilme neartaithe in Albain le tamall agus tá feachtais freisin ar siúl in áiteanna i gCeanada. Ar a shon sin, caithfear a rá go bhfuil an fheilméaracht bradán méadaithe go suntasach. Bhí, mar shampla amháin, 18% de mhéadú ar an tionscal sa Rúis anuraidh.

Ar ndóigh, tá argóintí ar chaon taobh agus níl cosúlacht ar bith ann go bhfuil an ghluaiseacht in aghaidh na mbradán feilme ag lagan tada in Éirinn. Mar shampla, tá Athbhreithniú Cúirte iarrtha i dtaobh an cheadúnais a thug an Bord Pleanála le fíoruisce a thabhairt as loch i Leitir Mealláin i gConamara lena úsáid i nglantachán cliabhán bradán. Éistfear an cás sin níos deireanaí i mbliana.

Is léir go gcreideann an ghluaiseacht in aghaidh na mbradán feilme go gcuirfeadh forbairt ar bith ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin bonn níos láidre faoi thionscal na mbradán, go díreach nó go hindíreach, agus ní bheidh siad ina dtost.

An féidir leis an mBord Pleanála – mar is cinnte gur ansin a chríochnódh aon iarratas eile – tionscal cuimsitheach mara a cheadú ar Pháirc na Mara tar éis dóibh diúltú do dhá oifig?

Sin iad na maidhmeanna atá roimh aon iarracht eile le Páirc na Mara i gCill Chiaráin a fhorbairt.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Máirtín Ó Catháin