Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
aoife-scott-in-inis-agus-ceithre-imeacht-eile

Aoife Scott in Inis agus ceithre imeacht eile

Sean-Nós Cois Life, Baile Átha Cliath, 5-7 Aibreán 2019

Tá an t-am sin bliana buailte linn arís agus tús á chur tráthnóna leis an bhféile Sean-Nós Cois Life. Is cois na habhann sin sa phríomhchathair a bhíonn deireadh seachtaine d’imeachtaí ceolmhara ar bun uair sa bhliain. Is i gcomhar leis an nGóilín a bheidh seisiún amhránaíochta ar bun Dé hAoine chun tús oifigiúil a chur leis na himeachtaí. 

Tá ceardlanna rince agus amhránaíochta ar chlár an lae Dé Sathairn le hÚna Ní Fhlatharta, Sailí Ní Dhroighneáin agus Diane Ní Chanainn. An tráthnóna sin a bhronnfar Gradam Shean-Nós Chois Life agus is iad Clann Ghriallais ar fad a bhronnfar é i mbliana, Sarah a ghlacfaidh leis. Gealltar seisiún mór amhránaíochta, ceoil agus spraoi ina dhiaidh sin agus sprioc na féile do go leor, ná seisiún an Domhnaigh Tigh Hughes (Sráid na Seansaireachta) chun clabhsúr a chur leis na himeachtaí ar fad.

Aoife Scott, Glór, Inis, Co. an Chláir, Dé hAoine 5 Aibreán @ 20:30

D’éirigh go maith le hAoife Scott lena feachtas bailithe airgid le déanaí. Is ag bailiú airgid le halbam nua a chur le chéile a bhí sí agus de réir mar a thuigim ó bheith ag féachaint uirthi ar na meáin shóisialta — tá tús curtha leis an taifead cheana féin aici! Treise léi… táim ag súil go mór le saothar a cuid oibre! Más mian libh í a fheiscint i mbun an cheoil anocht, seo libh go Co. an Chláir. Is i nGlór (an t-ionad ealaíona) a bheidh sí óna 20:30.

ZoDoMo, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste Dé Sathairn 6 Aibreán @ 20:30

ZoDoMo a thugann na ceoltóirí Zoe Conway, Dónal Lunny agus Máirtín O’Connor orthu féin agus iad ag seinm le chéile – sárghrúpa ceoil traidisiúnta, d’fhéadfá a rá! Is i mBéal Feirste a bheidh siad Dé Sathairn, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus an banna Éiriú a bheidh le clos rompu. Más mian libh ‘bheith i láthair, bí ar an eolas gur féidir ticéad a cheannach ar shuíomh an ionaid, culturlann.ie ar £15.00.

Siansa Ghael Linn, Ceoláras Náisiúnta, BÁC Dé Domhnaigh 7 Aibreán @ 19:30

Beidh imeachtaí go leor ó thaobh an cheoil de ar siúl i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo, go háirithe i gCeoláras Náisiúnta na hÉireann, áit a mbeidh Craobhchomórtas Siansa 2019 ar bun. Tá ocht ngrúpa ceoil agus amhránaíochta tar éis an chraobh a bhaint amach, ó Thiobraid Árann, Laois, Luimneach, An Clár, Sligeach, Doire agus Maigh Eo. 

Beidh tuairim is 10-12 nóiméad ag gach grúpa le dul i bhfeidhm ar na moltóirí, sin iad Muireann Nic Amhlaoibh, Bernadette Nic Gabhann, beirt a bhí mar chomhairleoirí do na grúpaí, mar aon le Seán McElwain. Tá duaischiste  €4,500 le buachtan, agus €2,500 de sin ag dul chuig an ngrúpa a thiocfaidh sa chéad áit. Tá ticéid ar fáil ach dul chomh fada le nch.ie ach mura mbeidh deis agaibh a bheith i láthair, tabhair cluas le héisteacht do RTÉ Raidió na Gaeltachta ón 19:30 go gcloisfidh sibh an comórtas ina iomláine!

Drámaí le hAisteoirí Bhréanainn, Halla na Feothanaí, Dé Domhnaigh 7 Aibreán @ 20:00

Beidh Aisteoirí cumasacha Bhréanainn le feiscint ar ardán an deireadh seachtaine seo i Halla na Feothanaí i gCorca Dhuibhne, ní díreach le dráma amháin, ach trí cinn acu! An Fhuascailte le Kenneth Sarr, An Bacach sa Pháirc (mím fhrancach) agus Dopey Dan le Thomas King Moylan. Beidh moltóir i láthair thar ceann an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta agus súil ag Aisteoirí Bhréanainn ainmniúchán a fháil le bheith i láthair ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta, a bheidh ar bun in Amharclann Ghaoth Dobhair ag deireadh na míosa. Go n-éirí leo!

Níos mó
NÓS | NÓS