Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ce-a-bheidh-ar-fearach-le-gaiscigh-cheatharlach-go-luath?

Cé a bheidh ar féarach le gaiscígh Cheatharlach go luath?

| John Allen |

Is dócha go bhféadfainn a thuar nach dtiocfaidh Ceatharlach slán as craobh Laighean i mbliana!

Ach seachas sin, tá sé thar a bheith deacair an fhoireann eile nach mbeidh áit sa chéad bhabhta eile acu a roghnú.

Sular buaileadh poc ar aon sliotar anuraidh bhí na seaimpíní, Gaillimh neadaithe mar rogha na n-údar le Corn Mhic Cárthaigh a choimeád. Ar ndóigh, ní hamhlaidh a tharla, agus go dtí seo i mbliana, níl mórán comharthaí feicthe againn go n-éireoidh leo fiú craobh Laighean a bhuachaint an turas seo. Mar bharr ar an mí-ádh, tá Joe Canning gortaithe agus rachaidh sé crua orthu corn an chúige, corn Bob O’Keefe, a choimeád den tríú huair as a chéile. Easpa fócais nó easpa ábaltachta a d’fhág gur theip orthu an farasbarr a bhí acu a choimeád sna cluichí deireanacha sraithe.

Ní dóigh go bhfuil an faitíos céanna roimh fhoireann na Gaillimhe agus iad d’uireasa Canning. Ach dea-scéala amháin do mhuintir na Gaillimhe, fógraíodh le déanaí go mbeidh Joseph Cooney ag filleadh ón Astráil agus go mbeidh Johnny Glynn ag teacht ar ais ó na Stáit Aontaithe. Ní gá a rá go mbeidh fáilte rompu agus go mbeidh siad ag teastáil go géar.

Tá Cill Chainnigh buailte ag gortuithe freisin agus cuid maith imreoirí ar iarraidh. Tá an ré órga thart agus níl an doimhneacht sa phainéal a bhí ann sna laethanta sin.

Mar sin féin is fiú a mheabhrú go mbeidh imreoirí Bhaile Héil arís acu. Gan dabht cuirfidh na seanlaochra TJ Reid agus Colin Fennelly go mór le neart na dtosaithe, mar a dhéanfaidh an t-ógánach Adrian Mullen.

Agus Cody ar an stiúir, is cinnte go mbeidh spiorad iontu ach, den chéad uair le tamall fad,  níl aon bharántas ann go ndéanfaidh siad an t-aicsean i gCúige Laighean ná go gcáileoidh siad don chéad bhabhta eile. 

Má tá creimeadh agus caitheamh le haithint ar na Cait, ní féidir an rud céanna a rá faoi Bhaile Átha Cliath. Bhí mí-ádh ceart orthu anuraidh. Ná déan dearmad gur le cúig chúilín ar fad a chailleadar in aghaidh Chill Chainnigh, in aghaidh na Gaillimhe agus in aghaidh Loch Garman. Bhíodar an-mhaith  i mbabhtaí deireanacha na sraithe agus beidh sé deacair iad a bhualadh. Na Cait a bheidh rompu as baile ina gcéad chluiche. Ansin beidh siad sa bhaile i gcoinne Loch Garman. Inseoidh an dá chluiche sin mórán dúinn. 

Ní mé an bhféadfaí a rá go bhfuil a bhuaic sroichte ag Davy Fitzgerald le buachaillí Loch Garman? Thiteadar as a chéile i gcoinne na Gaillimhe sa dara leath de chluiche ceathrú ceannais na sraithe. Dar ndóigh ní scaoth breac ach cinneann orthu an móiminteam a choimeád nuair a bhíonn sé acu. Ní fheadar an bhfuil dóthain imreoirí ar an gcaighdeán is gá acu.

Pé toradh a bheidh ag Ceatharlach i gcoinne bhoic mhóra an chúige, is iontach an t-éacht a rinne siad agus áit a bhaint amach i roinn 1 na sraithe don chéad séasúr eile.

Gheobhaidh siad cuid maith taithí sna cluichí craoibhe luachmhara seo don séasúr nua sin. An dainséar is mó go bhféadfaidís cúpla léasadh a fháil freisin, rud nach mbeadh rómhaith dá muinín.

Tá sé thar a bheidh deacair tuar stuama a dhéanamh faoi cé a bheidh ar féarach le Ceatharlach go luath. Braitheann mórán ar na torthaí sna chéad cluichí. Anuraidh chaill Áth Cliath, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann agus Port Láirge a gcéad chluiche agus dar ndóigh bhí siad go léir ar saoire i lár mhí an Mheithimh. Ba dheacair an bua a fháil as baile anuraidh chomh maith.

Ag deireadh an lae, ó tharla nach bhfuil mórán idir na ceithre fhoireann, is dócha go mbraithfidh go leor ar an deireadh seachtaine deireanach. Ar an Satharn sin, beidh Cill Chainnigh ag taisteal chuig Loch Garman agus an Ghaillimh ar an

mbóthar go dtí an phríomhchathair.

Faraor nílim in ann aon chomhairle a sheasfadh i gcúirt dlí a thabhairt faoi cé a bheidh fágtha i ndiaidh na gcluichí sin. Mar is gnáth, ar lá na gcoimhlintí féin a shocrófar sin agus ag na foirne is fearr a bheidh an bua cé a bheidh ar féarach le Ceatharlach go luath. An-simplí.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | John Allen