Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘cen-chataloinis-ata-ar-‘an-chataloin-abu?’-–-‘na-habair-e-sin-os-ard-le-do-thoil…’

‘Cén Chatalóinis atá ar ‘An Chatalóin Abú?’ – ‘Ná habair é sin os ard le do thoil…’

Is iomaí duine a chastar ar oilithreach ar an mbóthar go Santiago, agus ó thosaigh mé ag siúl dhá lá dhéag ó shin tá daoine den uile chineál, chreideamh agus chine aimsithe agam. 

Texach a bhfuil 47 gunna ina sheilbh aige agus a thacaíonn go mór le polasaithe a uachtaráin; lánúin as Washington a bhfuil náire shaolta orthu faoin bhfear céanna; na céadta Cóiréach; muintir na Spáinne; Bascaigh; cainteoirí Gaeilge agus Gáidhlig; agus go leor leor eile. 

An bheirt ba spéisiúla, agus ba chairdiúla seans, a casadh orm go fóill ná an bheirt Chatalónach óg a shiúil liom ar feadh trí lá. Ferran agus Bruna, iad beirt sna luathfhichidí, as baile beag sa gCatalóin a choinnigh comhluadar liom ó Los Arcos go Lorgoño. 

Is Catalónach duine de na cairde scoile is fearr liom, ach d’fhág sé an Chatalóin agus é ocht mbliana d’aois agus dáiríre píre is mó d’Éireannach anois é ná Catalónach, agus cé go bhfuil bá aige leis an ngluaiseacht reatha ina thír dhúchais, is beag is féidir a fhoghlaim fúithi uaidh. 

Níorbh amhlaidh an scéal le mo bheirt charad nua. Ba léir ó chomhráite éagsúla leo go bhfuil a muintir féin báite i ngluaiseacht na saoirse sa gCatalóin. Bhí scéalta acu faoina sinsir, a cuireadh chun báis le linn réimeas Franco, agus faoina dtuismitheoirí féin a sheasann in aghaidh na Spáinne gach bealach is féidir leo. 

Agus muid ag teacht isteach i mbaile Viana, chonaic muid slua mór cruinnithe timpeall an tséipéil. Shíl muid ar dtús gur cuid de ghnásanna na Cásca a bhí ann (leaindeáil muid ann Aoine an Chéasta) ach ba léir ó na ceamaraí móra gur duine tábhachtach a bhí ar cuairt ar Viana. 

Cé eile ach Pedro Sanchez, uachtarán na Spáinne. Níl Sanchez chomh righin chéanna ar cheist na Catalóine agus an fear a tháinig roimhe, Mariano Rajoy, ach mar sin féin ní cara de chuid na tíre é ná de chuid lucht na saoirse ann. 

“Cén Chatalóinis atá ar ‘An Chatalóin Abú!’?” a d’fhiafraigh mé go leathmhagúil de mo chairde nua. Tháinig cuma ghruama ar a n-aghaidh.

“Ná habair é sin os ard.”

Chaith siad súil sciobtha timpeall na cearnóige agus thit na súile ar bhaill Guardia Civil a bhí ina seasamh sna cúinní, carranna mór ar a gcúl agus cuma fheargach ar a n-aghaidh. Bhí faitíos cheart ar mo chairde roimh na póilíní seo. 

Agus muid slán sábháilte sa mbrú óige an oíche sin, cheistigh mé iad tuilleadh faoi chúrsaí sa mbaile. Labhair siad faoin lá a thug Guardia Civil ruathar faoin mbaile beag a bhfuil siad ina gcónaí ann, agus an scéin a bhí ar mhuintir na háite go scríosfai a dtithe. Labhair siad faoin mbaol atá ann go mbainfí rialtas nua ar an eite dheis de stádas na Catalóinise sa gCatalóin, a dteanga dhúchais, agus an dochar a dhéanfar dá bhféiniúlacht má chuirtear a stáisiún teilifíse, a nuachtán, agus a saol trí chéile faoi chois. 

Tá Ferran agus Bruna sé bliana níos óige ná mé, difríocht shuntasach agus tú sna fichidí, ach chonaic mé go leor díom féin agus de mo chuid cairde iontu nuair a lasadh a súile agus iad ag caint faoina n-oidhreacht, a dteanga, a ndúchas, agus níos tábhachtaí ná rud ar bith eile, a dtodhchaí. 

Cé go bhfuil údar maith gearán againne in Éirinn faoi chúrsaí teanga agus oidhreachta, níl an baol céanna ar chor ar bith ann don Ghaeilge agus atá don Chatalóinis ná do chultúr na hÉireann agus atá do chultúr na Catalóine. 

Tá súil agam go bhfíorófar mianta mo charad nua sna blianta amach romhainn agus go mbeidh an tsaoirse chéanna acu a bhféiniúlacht a léiriú sa mbaile agus thar lear agus atá agamsa agus ag formhór na gcainteoirí eile Gaeilge in Éirinn. 

Níos mó
NÓS | NÓS