Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
chonaic-me-flaithis-na-trocaire-agus-na-failte-i-gcois-fharraige-areir…

Chonaic mé flaithis na trócaire agus na fáilte i gCois Fharraige aréir…

Tráthnóna aoibhinn earraigh, i mo sheasamh ag Dumhach na Leanbh ar bhruach an Atlantaigh, an ghrian ag dul fúithi, ceol draíochta an chóir á thionlacan ag éin an aeir, dhá rón agus a smuit aníos acu as an bhfarraige ag tabhairt a n-ómós féin do na mairbh le linn an Aifrinn, chonaic mé flaithis na trócaire agus na fáilte. 

Bhí sean is óg an phobail ansin ag dearbhú go poiblí gurb iad na mairbh sa gcillín seo cois cladaigh ár muintir, cé gur i gcroíthe a ngaolta amháin a bhí a n-ainmneacha greanta. Sagart de chuid na hEaglaise Caitlicí as an bpobal céanna ag iarraidh maithiúnas ar ár son as an éagóir a rinneadh ar na créatúir seo ar eitíodh iad féin agus a muintir faoi phaidreacha agus leaba i reilig choisricthe.

Bhlais mé deora goirte faoi choim mháithreacha agus aithreacha an tsaoil nuair a thug máthair chróga suas ag an altóir mar ofráil cóitín agus bróigíní naíonáin nach bhfaca solas na beatha. Paidir shollúnta do naíonáin an tsaoil a bhásaigh go hanabaí agus dá máithreacha bochta nár ceadaíodh dóibh toradh a mbroinne a chaoineadh ach iad ruaigthe go liombó sa gclaí teorann, sa móta nó i mbéal na toinne cois trá. 

Níor cheadaigh an Eaglais Chaitliceach páistí gan bhaisteadh a chur i dtalamh coisricthe go dtí 1983.

Is mór an chaint atá ar naíonáin, páistí agus a máithreacha na laethanta seo agus an folach crochta de scannal eile atá ina iarmhairt againn ar an gcur i gcéill atá go dlúth inár nádúr daonna. 

Tráthnóna aréir chonaic mé arís gur cumhachtaí agus gur fiúntaí gníomh ná caint. 

Aifreann comórtha ag Dumhach na Leanbh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tháinig grúpa as an bpobal seo le chéile, bhailigh siad airgead, chroch siad leacht agus réitigh agus chóirigh siad go slachtmhar sollúnta an reilig neamhoifigiúil seo le hómós dár muintir. 

Aréir tháinig siad le chéile ag Aifreann do na mairbh os cionn a gcual cnámh agus chuir siad a mbeannachtaí féin agus a n-urraim le ceol na n-aingeal ina gcuimhne. 

In alt fíorspéisiúil sa mbileog eolais a chuir an coiste ar fáil, cuireann Ruaidhrí Ó Tuairisg síos ar an seanchas agus an stair a bhaineann leis an ionad adhlactha seo sa Teach Mór in Indreabhán. 

Léiríonn sé chomh maith an dearcadh fuarchúiseach a bhíodh ann faoi pháistí ó aimsir na Róimhe anall agus an líon mór páistí a d’fhaigheadh bás sula mbeidís bliain d’aois.

Ní páistí gan bhaisteadh amháin atá curtha sa dumhach seo, tá fir, mná agus gasúir ann agus bhí daoine á gcur ann go dtí na 1940idí. 

Tráthnóna aréir bhí mé féin ag cuimhneamh ar na daoine bochta ar chloígh an t-éadóchas agus an ísle brí iad agus a cuireadh sa dumhach sin mar raibh maithiúnas an tsaoil seo le fáil acu as deireadh a chur lena mbeatha féin agus ar ár ndaoine muinteartha ar fad a sciob an fharraige mhór uainn. 

Leaba faoi shuaimhneas agus faoi ghlóir acu ar fad.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Máire Ní Fhinneadha