Bronnfaidh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath dochtúireacht oinigh amárach ar Mhíchéal Ó Muircheartaigh, an craoltóir Gaeltachta atá sa Táin mar gheall ar a chuid tráchtaireachta ar chluichí CLG le linn na mblianta fada a chaith sé ag obair do RTÉ.
Bronnfar an gradam Dochtúir le Fealsúnacht (Honoris Causa) ar Ó Muircheartaigh agus ar Joe Schmidt, Príomhchóitseálaí fhoireann rugbaí na hÉireann.
As Dún Síon laistoir den Daingean i gCorca Dhuibhne, thug Ó Muircheartaigh os cionn 60 bliain ag tráchtaireacht ar chluichí CLG ar RTÉ. D’éirigh sé as in 2010 ach bíonn sé fós le cloisteáil ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Luan i rith an tsamhraidh agus na cluichí móra á bplé aige.
Ag 4pm in amharclann an Helix ar champas DCU i nGlas Naíon a chuirfear tús amárach leis an searmanas bronnta.