Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
go-bhfoire-dia-orainn.-taim-focailte-freagra-trump-ar-cheapachan-mueller

‘Go bhfóire Dia Orainn. Táim focáilte’ – freagra Trump ar cheapachán Mueller

| Tuairisc.ie | ,

Chreid Donald Trump go gcuirfí a uachtaránacht go tóin poill nuair a chéad chuala sé go raibh Robert Mueller ceaptha chun fiosrúchán a dhéanamh faoin ról a bhí ag an Rúis sa toghchán inar toghadh é in 2016.

Cé go bhfuil beag is fiú á dhéanamh ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá den fhiosrúchán ó shin, de réir thuarascáil Mueller, bhí scéin ann nuair a d’inis an t-iar-ard-aighne Jeff Sessions an scéal ar dtús dó.

“Go bhfóire Dia Orainn. Tá sé seo go hainnis. Seo deireadh le m’uachtaránacht. Táim focáilte,” a dúirt Trump agus chaith siar sa chathaoir é féin le barr imní, de réir na tuarascála.

Thug sé leadhb dá theanga ansin do Sessions toisc, a dúirt sé, gur theip ar an Ard-Aighne é a chosaint agus gur “lig sé síos é”.

“Cén chaoi a bhféadfá ligean dó seo tarlú, a Jeff?” a dúirt Trump.

De réir thuarascáil Mueller, dúirt Hope Hicks, iarstiúrthóir cumarsáide Trump, nach bhfaca sí an tUachtarán chomh trína chéile riamh ach aon uair amháin eile agus b’in le linn thoghcán 2016  nuair a sceitheadh na téipeanna Access Hollywood ina raibh Trump le cloisteáil ag caint go gáirsiúil agus le teann gaisce faoi mhí-iompar i leith ban.

Rinne Trump beag is fiú den tuarascáil arís inniu ach dealraíonn sé gur mór idir a léamh féin agus léamh an Ard-Aighne William Barr ar bhfuil inti agus conclúidí Mueller féin.

Deir Mueller dá mbeadh an fiosrúchán cinnte de nach ndearna Trump agus a lucht a fheachtais aon choir go ndéarfaidís é sin sa tuarascáil.

“Bunaithe ar na fíricí agus na caighdeáin dlí a bhaineann leo, níl ar ár gcumas a leithéid de bhreithiúnas a thabhairt,” arsa Mueller. Tugann sé le fios chomh maith go bhfuil “fianaise” ann a chuir cosc ar lucht an fhiosrúcháin a chinntiú gan cheist “nach raibh iompar coiriúil ar siúl”.

“Dá bharr sin, cé nach é tátal na tuarascála seo go ndearna an tUachtarán coir, ní glanann sí é ach an oiread”.

Deirtear chomh maith sa tuarascáil go raibh lucht fheachtas Trump “fáilteach” roimh thairiscintí áirithe ar chúnamh ó na Rúisigh.

“Mar achoimre, fuarthas amach sa bhfiosrúchán go raibh an t-iliomad naisc idir oifigigh de chuid fheachtas Trump agus daoine a raibh baint acu le rialtas na Rúise.

“Ar na naisc sin, bhí tairiscintí ón Rúis ar chúnamh a thabhairt don fheachtas. I gcásanna áirithe, cuireadh fáilte roimh an tairiscint, ach i gcásanna eile chúb oifigigh  siar an fheachtais siar ón tairiscint.

Ar deireadh thiar, theip ar an bhfiosrúchán a chruthú gur chomhordaigh an feachtas gníomhaíochtaí rialtas na Rúise le cur isteach ar an toghchán ná go raibh siad i gcomhcheilg leo ina dtaobh.”

Deirtear cé gur aithníodh go leor nasc idir na Rúisigh agus lucht an fheachtais nach raibh dóthain fianaise ann chun cúiseanna coiriúla a thionscnamh.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil fianaise go leor ann gurb é a spreag Trump le bata agus bóthar a thabhairt d’iarstiúrthóir an FBI James Comey ná gur dhiúltaigh sé a rá go poiblí nach é Trump féin a bhí a fhiosrú. Leirítear sa tuarascáíl freisin go ndearna Trump gach iarracht stop a chur leis an iar-ard-aighne Jeff Sessions seasamh siar ón bhfiosrúchán.

Chuaigh Donald Trump ar an ionsaí roimh fhoilsiú thuarascáil Robert Mueller faoi ról na Rúise i dtoghchán uachtaránachta 2016 agus scigaithris déanta aige ar fhógra don chlár Game of Thrones chun “bua” a fhógairt ar a naimhde.

“For the Haters and Radical Left Democrats: Game Over,” arsa Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá ar Twitter.

Tháinig tvuít Trump sna sála ar phreasócáid de chuid Ard-Aighne Stáit Aontaithe Mheiriceá William Barr ag a ndúirt sé go raibh cur síos déanta ag Mueller ar dheich n-eachtra ina bhféadfadh go raibh bac an cheartais ar bun ag Trump.

Dúirt Barr áfach gurb é “bun agus barr an scéil” gur chruthaigh an tuairisc nach raibh “claonpháirtíocht ar bith” ann idir an Rúis agus Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Dúirt an tArd-Aighne chomh maith gur thuig sé do Trump “frustrachas agus fearg” a bheith air agus “tuairim mhacánta” ag an Uachtarán go raibh an fiosrúchán ag cur as dá uachtaránacht agus go raibh sé á spreagadh ag naimhde sa pholaitíocht agus ag eolas a sceitheadh “go mídhleathach”.

Dúirt Barr nár aontaigh sé le “teoiricí dlí” áirithe a mhaígh sé a bhí ag Mueller maidir le ceist bhac an cheartais agus Trump.

Mhaígh sé nár thug aon Mheiriceánach aon “chuidiú d’aon turas” do na Rúisigh agus iad ag cur isteach ar fheachtas 2016.

Cháin na Daonlathaigh go láidir a raibh le rá ag an Ard-Aighne agus a chur chuige maidir leis an tuairisc. Chuir Spéicéir Theach na Comhdhála, Nancy Pelosi, atá ar cuairt ar Éirinn faoi láthair, iompar “claonta” i leith Barr agus dúirt sí nach raibh ach bealach amháin le muinín an phobail a fháil ar ais, is é sin go dtabharfadh Robert Mueller féin fianaise os comhair Theach na Comhdhála chomh luath agus is féidir.

Bhí Daonlathaigh le ceangal faoi chinneadh an Ard-Aighne preas-ócáid a reáchtáil faoin tuarascáil roimh a foilsiú agus iad den tuairim gur iarracht a bhí ann casadh dearfach a chur ar an scéal ar mhaithe leis an Uachtarán. Mhaígh siad gur cheart ligean don fhianaise “labhairt ar a son féin”.

Dúirt an tArd-Aighne go gcoinneofaí faoi cheilt sa leagan den tuarascáil a d’fhoilseofaí aon eolas rúnaicmithe, aon eolas a bhaineann le himeachtaí dlí atá fós ar siúl agus aon eolas a dhéanfadh dochar do cháil daoine nach bhfuil ach ról ‘imeallach’ acu sa scéal.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie