Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
la-mor-na-cinniuna-ar-an-mbothar-beag-do-chuige-chonnacht

Lá mór na cinniúna ar an mBóthar Beag do Chúige Chonnacht

| Eoghan O Neachtain |

Cé go mbeidh na ceithre chúige ag cur chun páirce i mBabhta 20 den Pro 14 an deireadh seachtaine seo, is dóigh gur ar chluiche Chonnacht a bheas aird fhormhór lucht leanta rugbaí na tíre seo. Ag a trí a chlog amárach, Dé Sathairn, cuirfidh foireann Andy Friend chun páirce ar an mBóthar Beag agus iad i gcoinne Caerdydd, an fhoireann atá san iomaíocht leo don tríú háit i nGrúpa A.

Níl ach ceithre phointe idir na foirne seo. Tá Cúige Chonnacht atá sa tríú háit, an suíomh órga, agus tá Caerdydd ceithre phointe le sruth sa gceathrú háit.

Má éiríonn leis na Connachtaigh bua a fháil nó a bheith cothrom ag deireadh an chluiche seo beidh sé dodhéanta ag Caerdydd an bhearna a laghdú mar nach bhfuil ach cluiche amháin fágtha le himirt acu sna réamhbhabhtaí. Sa gcás sin is iad fir an Iarthair a bheas ag imirt i gcomórtas Chorn na gCuradh, comórtas sinsearach luachmhar na hEorpa, an chéad bhliain eile.

Is dóigh nach mór an gríosú a bheidh le déanamh ag Friend sula gcuirfidh sé a chuid imreoirí chun páirce don chluiche tábhachtach seo. Ní cúis iontais ar bith é go bhfuil na ticéid uilig ar an mBóthar Beag díolta le fada an lá.

Sin an cúlra a bhaineann leis an gcluiche seo ach an mbeidh na Connachtaigh in ann an ceann is fearr a fháil ar Caerdydd, foireann a bhuaigh comórtas Chorn an Dúshláin anuraidh agus a thug neart le déanamh d’fhoireann na Mumhan seachtain ó shin?

Bhí a ndóthain go maith le déanamh ag na Connachtaigh féin an deireadh seachtaine seo caite nuair a fuair siad an ceann is fearr le pointe amháin ar Zebre (6 – 5) san Iodáil.

Is fiú a mheabhrú nach ionann Zebre agus Cúige Mumhan, agus ní dea-chomhartha é go raibh deacrachtaí ag na Connachtaigh ina gcoinne. Seans dá bhrí sin gurb í an fhoireann ón mBreatain Bheag is fearr a fuair deis réiteach don chluiche seo sa gcluiche crua a bhí acu i gcoinne na Muimhneach.

Mar sin féin, is deacair Cúige Chonnacht a shárú ar an mBóthar Beag agus bheadh díth céille ar an té a rachaidh ag cur airgid síos ina gcoinne.

Tá Cúige Laighean agus Cúige Mumhan cinnte dá n-áiteanna sna babhtaí leathcheannais agus sna babhtaí ceathrú ceannais den chomórtas seo. Mar sin féin beidh an dá chúige ag iarraidh chuile leas a bhaint as cluichí an deireadh seachtaine seo mar réiteach do na dúshláin mhóra a bheas rompu faoi cheann seachtaine nuair a bheas siad ag imirt i gcluichí leathcheannais Chorn na gCuradh.

Tráthnóna a bheas na Muimhnigh as baile i gcoinne Treviso san Iodáil, foireann eile atá fós san iomaíocht do Chomórtas na gCuradh an chéad séasúr eile. Chonaic muid an Satharn seo caite nach aon ribín réidh iad an fhoireann Iodálach seo ar éirigh leo a bheith ar comhscór leis na curaidh, Cúige Laighean.

Is cinnte go dtabharfaidh siad a ndóthain le déanamh do na Muimhnigh.

Beidh cluiche suimiúil á imirt san RDS an Satharn beag seo idir Glaschú agus Cúige Laighean, na foirne atá ar bharr an dá ghrúpa.

Níl le baint as an gcluiche seo ag ceachtar foireann ach mórtas agus bród, b’fhéidir. Mar sin féin tabharfaidh sé deis do Leo Cullen an fhoireann a ullmhú sula dtiocfaidh Toulouse go dtí Staid Aviva faoi cheann seachtaine agus d’fhéadfaidís gar a dhéanamh do Chúige Mumhan, dá n-éireodh leo Glaschú a shárú.

Inniu a bheas Cúige Uladh ag imirt i nDún Éideann agus iadsan faoi bhrú greim a choinneáil ar an dara háit i nGrúpa B. Beidh iomaíocht fhíochmhar idir iad féin agus foireann an bhaile atá trí pointe taobh thiar díobh. Ba cheart go mbeadh sárchoimhlint sa gcluiche seo ach beidh na hUltaigh i dtrioblóid má imríonn siad mar a d’imir siad seachtain ó shin nuair a náirigh foireann Ghlaschú iad (30-7).

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Eoghan Ó Neachtain